![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901094038-44b5550116f36662fc4d2dbf4c5e2c05/v1/6c9cc60d3af3d1be1a3ef63518486677.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
4 minute read
Daltaí Cliarscoileanna An tAth Seán Mac Cumhaill
An tAth Seán Mac Cumhaill AN BRÁTHAIR RICHIE, FEAR A LEAN ÍOSA CHRÍOST LE LÚCHÁIR INA CHROÍ
Nuair a léigh mé faoi bhás an Bhráthar Richard “Richie” Michael R. Fernando SJ sa gCambóid ar 17 Deireadh Fómhair 1997, bhí bród agus brón orm mar shagart misinéireachta sna Filipíní go raibh ábhar sagairt óg Filipíneach tar éis a shaol féin a íobairt gan leisce dá laghad, ar son daoine eile i Lárionad an Choilm, i Phnom Penh. Daoine óga a chaill géaga ó phléascáin talún a bhí scaipthe go fóill ar fud na tire a bhí ina gcónaí sa Lárionad, atá faoi stiúr na nÍosánach.
Tháinig Sarom, fear óg a bhíodh ina chónaí ansin ach a caitheadh amach, an lá úd chuig cruinníú. Thóg sé amach gránáid láimhe óna mhála agus shiúil isteach i seomra scoile ina raibh a lán daoine óga. Sheas an Bráthair Richie, a bhí ag caitheamh dhá bhliain sa gCambóíd mar chuid dá ullmhúchán don sagartóireacht, taobh thiar de Sarom agus rug greim air. Ach thit an gránáid ar an úrlár agus ansin thit an tÍosánach óg ar a dhroim ar an gránáid, greim i gcónáí aige ar Sarom. Phléasc an gránáid agus maraíodh an Bráthair Richie, gan ach 26 blianta sáraithe aige. Níor gortaíodh éinne eile.
Bhí focal amháin i mbéal gach éinne a raibh aithne acu ar an mBráthair Richie: “Lúcháir”. Dar leis an bPápa Proinsias, is riachtanach an lúcháir i gcroí gach Críostaí chun an Soiscéal a chraobhscaoileadh go héifeachtach.
Agus sin a d’fh ág Íosa linn an oíche roimh a Chéasadh: “Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúchair-se ionaibh agus go mbeadh bhur lúchair-se iomlán” (Eoin 15:11).
Ba chuid d’ullmhúchán do shagartóireacht na nAspal an tabhartas seo ionas go mbéadh siad in ann an lúcháir chéanna a scaipeadh ar fud an domhain agus ó aois go haois tríd an Eaglais.
Deir an Pápa Proinsias ina leabhar, Lúcháir an tSoiscéil : “Seasann Íosa, an soiscéalaí par excellence agus an Soiscéal ina phearsa, go háirithe leis na miondaoine (féach Matha 25:40).” Sheas an Bráthair Richie leis na miondaoine sa gCambóid, Sarom ina measc adúirt níos déanaí, “D’ith Richie rís in éineacht liom; ba chara liom é”.
Scríobh an Bráthair Richie le linn cúrsa spioradálta i 1996: “Tá súíl agam go gcuimhneoidh daoine orm tar éis mo bháis ní mar dhuine mór, cumhachtach, éirimiúil, ach mar dhuine a thug seirbhís agus a labhair ar son na fírinne; gur thug mé fi anaise ar son an chirt; go raibh mé
Phnom Penh, An Chambóid
i ndáiríre i ngach focal a labhair mé agus i ngach rud a rinne mé. Is é sin le rá, gur thug mé grá do Chríost agus gur lean mé é.”
Do lean an Bráthair Richie Íosa Críost trí dheisceabail eile a leanúint: a thuismitheoirí, a mhúinteoirí, na sainoidí a bhí aige ins na hÍosánaigh, cáirde leis a bhí i ndáirire faoina gcreideamh Críostaí.
Is é Íosa Críost an Sainoide thar éinne eile. Tá sé mar chúram ar “sainoidí stuama dea-eolacha” cabhrú leis na daltaí óga ins na cliarscoileanna agus na tosaitheoirí sa saol crábhaidh aithne a chur ar Chríost mar dhuine a bhfuil grá pearsanta gan chuimse aige dóibh. Dúirt an Pápa Proinsias i Rio de Janeiro i 2013, “Nuair a thuigeann daoine óga . . . ‘an grá pearsanta atá ag Dia dom’, fágtar seo leo go deireadh a saol. Aimsíonn said arís an lúcháir a thug Dia dá Mhac Íosa ar son ár slánaithe. Déanaimís iad a mhúnlú ar son an mhisin, chun dul amach, mar thaistealaithe a craobhscaoileann an creideamh. Seo mar a dhein Íosa lena dheisceabail. Níor fh ág sé iad faoina sciatháin mar chearc lena scalltáin. Scaoil sé amach iad!’
Rinne a shainoidí Íosanacha an Bráthair Richie a scaoileadh amach agus lúchair Dé ina chroí chun tamall a chaitheamh i measc daoine óga “gan tábhacht” sa Cambóid, daoine a bhí gortaithe ina gcorp agus ina n-anamacha. Ní dhearna an Bráthair Richie Íobairt Naofa an Aifrinn a ofráil riamh mar shagart óirnithe ach rinne sé a shaol óg a íobairt ar son daoine óga eile agus lúchair “sagartach” ina chroí an lá úd.
Tugaimís buióchas do Dhia don Bhráthair Richie agus do na sainoidí a bhí aige. Agus guímis ar son sainoidí go léir a bhfuil cúram acu do dhaltaí óga na gcliarscoileanna agus do thosaitheoirí sa saol crábhaidh.