2 minute read

Comórtas Ealaíne

Timire Croí na hÓige

COMÓRTAS EALAÍNE

SPRIOCDÁTA: DEIREADH FÓMHAIR 10, 2014 TÉAMA: AN FÓMHAR

Orlaith Croker

• Duaiseanna breátha! • Dóibh siúd atá faoi dhá bhliain déag amháin. • Glactar le cóipeanna crua nó leaganacha digiteacha jpeg. • Is féidir le gach iontralaí trí phictiúr a chur isteach. • Deireadh Fómhair 10, 2014 an spriocdáta le haghaidh iontrálacha. • Foilseofar na pictiúir is fearr in eagrán an Earraigh den Timire.

An gceapann tú go bhfuil féith na healaíne agat? Bhuel, seo seans duit do phictiúir a chur isteach inár gcomórtas agus duais a bhuachaint. Is é “An Fómhar” téama an chomórtais. Is féidir cur chuige ar bith a bheith agat, fad is atá nasc ag d’obair ar bealach éigin leis an bhFómhar. Is féidir péint a úsáid, nó usice-dhathanna, nó gualach, nó peann luaidhe nó fi ú colláis nó aon mhodh ealaíne eile. Is féidir do shamhlaíocht a bheith oscailte ar fad! Tá samplaí anseo de obair a rinne daltaí ó Choláiste Iognáid i nGaillimh. Is féidir cloí leis an stíl seo nó is féidir stíl iomlán éagsúil a chleachtadh.

Céilí Ní Mhórán Anna Ní Dhongaile

NA DUAISEANNA?

Tá trí duais sa gcomórtas: (1) An chéad duais – dearbhán leabhair ar fiú e 50 é. (2) An dara duais – dearbhán leabhair ar fiú e30 é. (3) An triú duais – dearbhán leabhaír ar fiú e 20 é. Déanfaidh coiste eagarthóireachta An Timire an breithiúnas ar an gcomórtas. Ní ghlacfar le comhfhreagras maidir le cinntí an choiste.

AN bhFOILSEOFAR SAOTHAR NA MBUAITEOIRÍ?

Feicfear obair na mbuaiteoirí in eagrán an Gheimhridh den Timire.

CÁ SEOLFAIDH MÉ MO PHICTIÚIR?

Is féidir na pictiúir a chur chuig an seoladh ríomhphost seo: antimire@gmail.com Íomhanna ardtaifigh atá i gceist. Ba cheart do na comhaid a bheith níos mó ná 1 Mb. Má tharlaíonn sé nach bhfuil do chuntas ríomhphost in ann deileáil le comhaid den mhéid sin, cinnte glacfar le comhaid atá níos lú.

IS FÉIDIR CÓIPEANNA CRUA A SHEOLADH CHUIG: An Timire, 37 Sráid Líosáin Íocht, Baile Átha Cliath 2.

Ná dean dearmad gurb e trí phictiúr an méid is mó is féidir le duine amháin a chur isteach. Is é Deireadh Fómhair 10, an spriocdáta le haghaidh an chomórtais. Is oth linn a rá nach féidir aon saothar a fhaightear tar éis an spriocdáta a chur san áireamh sa gcomórtas.

Foclóirín: íomhanna ardtaifigh: high resolution images; spriocdáta: deadline; gualach: charcoal

This article is from: