4 minute read
Sagart Árainn An tAth Pádraig Standún
An tAth Pádraig Standún SAGART ÁRAINN
An Naomh Éanna i ndug na Cánála Móire sa bpríomhchathair. Grianghraf: Tomás Ó Ceallaigh
Tá beagnach dhá bliain agus dhá scór caite agam i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ó sheol mé den chéaduair ar an Naomh Éanna ó dhuganna na Gaillimhe mar shéiplíneach d’Inis Oírr agus Inis Meáin ar an 11 Samhain 1971. Thaitin an Naomh Éanna liom mar gur thug sí deis dom aithne a chur ar roinnt daoine ar aistear a mhair ocht n-uaire a chloig amanta, ag brath ar an taoille. An lá a sheolfadh sí d’Inis Mór i dtosach, bheadh moill uair go leith ansin sula dtugadh sí a haghaidh soir chuig na hoileáin eile, áit a mbeadh na curachaí amach roimpi, mar nach bhféadfadh sí dul chuig na céibheanna beaga a bhí ann ag an am. Bhí beár faoin deic ar an “Steamer,” mar a tugadh uirthi, fáil ar tae agus brioscaí, buidéal pórtair nó liomanáid, caint agus comhrá.
Bheadh daoine ar nós Tomás Ó Máille as Tuar Mhic Éadaigh ag seoladh amach le dul ag plé le cúrsaí títhíochta, Mattie Maloney as Gaillimh, ag tabhairt aire do na teileafóin. Ní raibh ach trí theileafón sna hoileáin bheaga ag an am, agus dúirt Mattie liom blianta fada ina dhiaidh sin gur mó trioblóide a thug na teileafóin sin dó ná nuair a tháinig an lá a raibh fón i chuile theach, ach cúrsaí teicneolaíochta feabhsaithe go mór idir an dá linn. Is cuimhneach liom a bheith i gcuideachta an Ghiúistís Ó Síoráin ar an mbád lá cúirte i gCill Rónáin, ach nílim ag rá gur thug sé breithiúnas níos fearr de bharr gur chuir mise comhairle air.
Guth Thomáis Uí Mháille a bhí i mo chluasa maidin amháin a chaill mé an Naomh Éanna. D’fh anainn in Óstán an Chaisleáin i nGaillimh, nó an Castle,
Inis Oírr
mar ab fh earr aithne air, áit a raibh ráta speisialta, dhá scilling is fi che, do mhuintir na n-oileán. Ba mhinic muintir Thaibhdhearc na Gaillimhe ann freisin tar éis cleachtaí nó taispeántais, daoine ar nós Micheál Ó Maolalla, Risteárd Ó Broin, Micheál Ó hAinnín, chomh maith leis an Máilleach atá luaite agam. D’fh an mise rófh ada ag éisteacht leis an gceol agus leis na hamhráin oíche amháin, agus chuaigh mé a chodladh le guth Thomáis le ‘Shanagolden’ i mo chluasa. Bhí sé fós i mo chluasa nuair a dhúisigh mé, an Naomh Éanna ag dul thar Cheann Boirne ar a bealach chuig na hoileáin.
Ba mhór idir an Naomh Éanna agus na curachaí canbháis inar thrasnaigh muid an Súnda Salach (atá ainmnithe go maith) idir Inis Oírr agus Inis Meáin, idir Aifrinn an Domhnaigh. Bhí ar gach teach ar gach aon oileán an sagart a thabhairt trasna uair nó dhó in aghaidh na bliana ar a seal. ‘Turn an tsagairt’ a thugtaí ar an dualgas sin. Bhí sé go hálainn sa samhradh nuair a bheadh cead ag an sagart féin iomramh anois is arís. Ach bhí laethanta geimhriúla ann a mbíodh maidhmeanna móra farraige chomh hard le teach dhá stór ag caitheamh curaí is criú anonn is anall ar bharr an uisce. Insítear sna soiscéil faoinár Slánaitheoir ag codladh i ndeireadh an bháid lena chloigeann leagtha ar philiúr. Ní raibh baol ar bith go dtitfeadh sagart bocht óg dá lucht leanúna ina chodladh ar thransam curaí, ach ní bhíodh an Slánaitheóir céanna i bhfad óna chuid smaointe nó ó bharr a theanga – “Ó, Íosa Críost…”
Is fada é sin ón saol breá socair atá ag sagart maidin De Domhnaigh sa lá atá inniu ann. Is iomaí rud athruithe ó 1971, ach tá an Ghaeltacht beo fós, cé go raibh daoine ag tuar ag an am go mbeadh deireadh le Gaeilge sna Gaeltachtaí agus go mbeadh na hoileáin bánaithe roimh dheireadh an chéid. Ní raibh Raidió ná Teilifís i nGaeilge ag an am, agus chuidigh siad sin go mór tar éis a mbunú, ach b’iad na daoine iad féin a choinnigh an Ghaeilge beo. Bhí imní ann an uair sin mar atá anois go raibh déagóirí ag labhairt Béarla eatarthu féin. Tá postanna móra sna meáin anois ag cuid de na daoine óga nach labhródh Gaeilge sna seachtóidí mar nach raibh sí “cool” an uair sin ach an oiread. An rud is mó atá ag teastáil ná misneach a choinneáil, agus leanacht oraibh á labhairt.