4 minute read

Slánú! Leon Ó Giolláin SJ

Leon Ó Giolláin SJ SLÁNÚ

Slánú an duine aonair ón olc, slánú an chomhluadair ón éagóir agus slánú na hEaglaise ón uabhar– tráchtas samhlaíoch ar na téamaí úd atá i gceist go bunúsach le húrscéal eipiciúil Victor Hugo, Les Misérables, a léiríodh ar an ‘scáthán mór’ anuraidh. An dara cuid de Alt le Leon Ó Giolláin SJ, ar foilsíodh an chéad chuid de in Eagrán an tSamhraidh.

Sábháiltear anam Jean Valjean ón olc sa chéad áit trí ghrásta Dé ag feidhmiú tríd an Eaglais, i. trí charthanacht, urnaí, bheannacht agus bhriathar éifeachtúil an Easpaig. Ach, léiríonn Victor Hugo gurb é an grá a shábhálann an duine ag deireadh an lae agus, go deimhin, go bhfuil an grá daonna ceangailte go dlúth leis an ngrá diaga, iomlán, foirfe, síoraí suthain atá i ndán dúinn ar neamh.

Sa scéal iontach seo, tá suim faoi leith, ar ndóigh, ag Victor Hugo, i slánú ní hamháin an duine aonair, ach an chomhluadair. Tráchtas ar an leas poiblí agus cearta daonna atá faoi bhun an úrscéil. Seasann Javert don ‘status quo’ – an fear dlí a chosnaíonn an t-ord poiblí. Ach, cé go bhfuil cumhacht dleathach ag Javert, is léir go bhfuil sé cruachroíoch – fear gan taise, gan trua, gan trócaire. Tráchtas é seo ar an gcos ar bolg a d’imir an lucht ceannais ar na daoine bochta, dearóile sa Fhrainc ag an am agus a spreag na héirithe amach san ochtú agus sa naoú haois déag go dtí gur cuireadh an mhonarcacht as seilbh faoi dheireadh. Fearacht Jean Valjean, a fuair léargas cruinn ar stádas a anama ar uair a iompaithe chun na maitheasa, nuair a scaoileann Jean Valjean saor Javert tar éis gur gabhadh mar spiaire é ag na réabhlóidithe – Javert, an fear a bhí á fh iach amhail ainmhí ar feadh a shaoil - bhí a anam trína chéile go mór. Go dtí seo, bhí sé féin, ‘dall’ freisin sa mhéid is nach raibh eolas ná tuiscint aige ar an trócaire dhaonna.

Anois, sábhálann a namhaid é! Tugann an daoránach a bheatha agus a shaoirse ar ais do! Feiceann sé don chéad uair thar an dlí go croí an duine agus cuireann an tuiscint nua seo mearbhall air. Faraor, ní éiríonn le Javert an t-iompú a rinne Valjean, a dhéanamh agus an sean-saol, an sean-mheon a scaoileadh uaidh. Cuireann sé lámh ina bhás féin. Meafar é seo do ‘bhás’ nó críoch an dlí míthrócaireach éagórach de chuid an chórais pholaitiúil, agus ‘slánú’, dá bharr, an phobail go léir, na daoine bochta san áireamh ach go háirithe.

N’fh eadar an ceart a rá go raibh Victor Hugo frith-Chaitliceach, ach is cinnte gur bhreathnaigh sé ar an Eaglais go grinn agus go bhfaca i gcóras na hEaglaise go ginearálta saoltacht, saint agus uabhar a d’imir an éagóir cheannann chéanna a chonaic sé sa chóras pholaitiúil, in

Ba chóir go spreagfadh Les Misérables ionainn go léir scrúdú coinsiasa a dhéanamh faoi threo ár mbeatha aonair.

Anne Hathaway agus Amanda Seyfried ag an gcéad thaispeáint de ‘Les Miserables’ i Londain, sa mbliain 2012.

aghaidh na mbocht. Bhí géarghá le tearmainn na trócaire ag na mílte duine dearóil san ochtú agus sa naoú haois déag ar fud na hEorpa, ar ndóigh. Ainneoin faillí na hEaglaise ag an am, bunaíodh agus bhláthaigh an-chuid Oird Rialta chun seirbhís a thabhairt do na daoine bochta tríd an oideachas, i gcúrsaí leighis, srl. Faraor, bhí an taobh eile den scéal fíor freisin agus b’é an taobh sin – saoltacht, saint agus baois na hEaglaise - a nocht Victor Hugo ina scríbhinní.

Measaim go mbeadh Victor Hugo sásta leis na hOird Rialta carthanachta sin a bhláthaigh ag an am, agus, cinnte, bheadh sé sásta freisin lenár bPápa nua, Proinsias. Is minic go labhraíonn an Pápa seo faoi chathú mór an duine chráifi gh taobh istigh den Eaglais, an chléir ina measc, i. ‘saoltacht spioradálta’, naircisíocht a bhfuil mar aidhm aici méadú ar do stádas féinig in ionad seirbhís a thabhairt agus grá trócaireach Chríost a léiriú. Cuireann an Pápa i gcuimhne dúinn uilig go minic gurbh é misean na hEaglaise dul amach go dtí na himill, go dtí na háiteanna sin nach bhfuil eolas ag daoine ar Chríost, nach bhfuil grá agus trócaire agus leigheas agus taise Chríost fós ann.

Ba chóir go spreagfadh Les Misérables ionainn go léir scrúdú coinsiasa a dhéanamh faoi threo ár mbeatha aonair, ár gcomhluadair agus ár nEaglaise. An féidir linn bheith umhal cosúil le Jean Valjean agus an t-olcas istigh ionainn a admháil agus iompú arís agus arís eile i dtreo na maitheasa ionas go mbeadh an láimh uachtar ag an ngrá i gcónaí inár saol?

Spreagann Les Misérables dóchas ionainn mar go léiríonn sé fírinne bhunúsach an tSoiscéil: Omnia vincit amor!

Foclóirín: athleasaithe: reformed; na himill: the periphery

This article is from: