2 minute read

Cúinne na bhFilí Bernadette Nic an tSaoir

DÁNTA

FEAR GORM GEAL

In ómós do John Howard Griffi n, údar an leabhair Black Like Me

Do chuir sé air an culaith breá gnó A d’oir dá ghairm mar iriseoir I nuachtán mór le rá. Do ghluais i measc an tslua Roimh dhul ar an mbus mór Greyhound Mar a léigh an déistin ar aghaidh na ngeal, Urghráin don Ghormach is é faoi tharcaisne Ag an bhfuath a mhair sa stánadh nimhe; É sin nó dreach gan aird ar bith, An gorm ar aon chéim dar leo Leis an snámhaire péiste is lú A théann ag sraoilleadh leis Os cionn talún. Do lig a scíth i ndoircheacht na hoíche A bhí chomh dubh leis an dton a cheil Aghaidh gheal an fh ir dhiongbháilte Go dtí gur thréig an dath is chuaigh as. É arís ina chló gheal féin, Do chuir sé air an culaith breá gnó Mar a dheineadh gach aon lá. Bheannaíodar dó, na daoine gheala Is fós gan a fh ios acu Gurbh é a chuir orthu an geal ina dhubh, A thuig anois céasadh a bhráithre Mar gur leag an cros ar a dhroim fh éin Is é ina fh ear gorm geal.

Bernadette Nic an tSaoir

Tomhas an Timire: 188

1 2 3 4 5 6

Foclóirín: xxx = xxx;

Leid: Scrín atá ag ceiliúradh i mbliana Tóg litir as gach focal chun an freagra a fh áil CAFE, ALTÓIR, MISTIC, SIÚCRA, TÉAMA, DEARCADH DUAIS: Dearbhán €20 nó ceithre leabhar a roghnú as catalóg FS ar Timire.ie (ach nóta a chur chugainn le d’iontráil) Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 16 Iúil 2017 Tomhais 187: Freagra: SILENCE Buaiteoir: Daragh Ó Catháin, An Caisleán Gearr, Gaillimh.

This article is from: