3 minute read
Pauline Scanlon faoi Agallamh Katie Mc Greal
Katie McGreal
PAULINE SCANLON FAOI AGALLAMH
Is as an Corca Dhuibhne i gContae Chiarraí don cheoltóir Pauline Scanlon ach tá sí agus a fear céile ag cur fúthu i mBéal Feirste anois. Chas sí agus Eamonn Murray ón ngrúpa Beoga le chéile ag ceolchoirm sa Black Box i mBéal Feirste agus tá siad le chéile ó shin. Bhí cailín beag acu i mí na Samhna seo caite, Kitty an t-ainm atá uirthi.
Is ceoltóirí lánaimseartha iad an bheirt acu.
‘Ní bhíonn sé deacair i ndairíre,’ a deir sí. ‘I gcónaí bíonn neamhchinnteacht ann ach táimid cleachtach leis’.
Tá cónaí orthu le linn na bliana i mBéal Feirste agus le linn an tsamhraidh, bogann siad síos go dtí an Daingean. Bíonn siad ag seinm sna tithe tábhairne ansin agus freastalaíonn siad ar roinnt féilte.
Tá trí albam aonair curtha amach ag Pauline. Chuir sí an ceann is déanaí amach anuraidh, ‘Gossamer’ is teideal dó. Chuir an grúpa Lumiere dhá albam amach go dtí seo.
Is ball den ghrúpa Lumiere í Pauline. Sin grúpa de bheirt, Pauline agus Éilís Kennedy, ceoltóir as Ciarraí freisin. Tháinig siad le chéile i 2009 agus tá siad ar an bhfód ó shin.
D’fh ás Pauline aníos ag éisteacht lena hathair agus a huncail ag ceol agus bhí sí i gcónaí ag ceol ar scoil. Bhí cúpla post aici i mbialanna agus tithe tábhairne thar na blianta ach d’éirigh sí as an cheann deireanach 15 bliain ó shin. Bhí sí ag obair sa Crane Bar i gCathair na Gaillimhe ag an am sin.
‘Rinne mé mo chéad gig agus mé 14 bhliain d’aois sa Daingean,’ a deir sí. ‘Thaitin sé go mór liom’.
Tá sí ag ceol go proifi siúnta ó shin. Ní dhearna sí cinneadh ar leith, díreach tharla sé. D’iarr Sharon Shannon uirthi dul ar camchuairt léi agus lean sí uirthi ó shin. Tá sí le cloisteáil ar albam Sharon Shannon, ‘Libertango’ freisin.
Is leictreoir é dearthair Pauline agus d’oibrigh a hathair le Guinness agus a máthair in ollmhargadh sa Daingean. Tá a clann iontach sásta le Pauline.
‘Bhí siad i gcónaí cineál liberal,’ a deir sí. ‘Ní raibh fadhb ar bith acu riamh liom agus mé mar cheoltóir lánaimseartha’.
Tá cúpla rud teilifíse déanta ag Pauline. Bhí sí mar láithreoir ar an gclár teilifíse ‘An Bosca Ceoil’ ar TG4 dhá bliain ó shin agus rinne sí clár don BBC fúithi féin ag iarraidh amhráin Ghaeilge a scríobh. ‘An tAmhrán Gaeilge’ ab ainm don chlár sin. Tá clár eile ar bun aici faoi láthair faoi ghrúpaí ceoil óga.
‘Tá sé níos difriúla ag déanamh láithriú ná gur shíl mé go mbeadh sé,’ a deir sí. ‘Is maith liom é ach ní fh éadfaidh mé é a dhéanamh go lánaimseartha’.
Scríobhann Pauline amhráin thraidisiúnta i mBéarla uaireanta.
‘Tá níos mó suime agam i stair na hamhráin,’ a deir sí, ‘in ionad a bheith ag scríobh mo chuid amhrán féin’.
Ba ar an chlár ‘An tAmhrán Gaeilge’ an chéad uair riamh gur scríobh sí i nGaeilge. Fuair siad airgead ón gComhairle Ealaíon leis an amhrán sin a scríobh chomh maith. D’fh oghlaim sí neart ón bpróiséas ar fad.
‘Níor d’oibrigh mé mar sin riamh,’ a deir sí. ‘Modh oibre iomlán nua a bhí ann domsa. D’fh oghlaim mé neart as’.
Tá sí i ngrúpa ceoil nua faoi láthair, ‘Atlantic Arc Orchestra’. Is togra de chuid Dhónal Lunny atá ann. Tá Dónal agus Pauline sa ghrúpa in éineacht le Jarlath Henderson, Aidan O’Rourke, Padraig Rynne, Ewan Vernal agus John Blease. Bhí ceolchoirm acu san Ionad Duncairn i mBéal Feirste agus bhí siad ag seinm ag Celtic Connections i nGlaschú ag tús mhí Feabhra freisin. Táthar ag súil le tuilleadh ceolchoirmeacha a fh áil amach anseo freisin.
Anois leis an bpáiste óg ní bhíonn mórán ama saoir ag Pauline ach nuair atá sí in ann is maith léi a bheith ag cócaireacht.
Is féidir tuilleadh eolais ar Phauline agus ar dhátaí eile a bheidh sí ag ceol a fh áil ar an suíomh www.paulinescanlon.net.
MUIRE NA mBARD
Móradh na Maighdine Michelle Ní Ríordáin
a thiomsaigh