4 minute read

Leon Ó Moracháin, Saol Dea-Chaite Tommy Ó Moracháin

Tommy Ó Moracháin

AN tATHAIR LEON Ó MORACHÁIN: SAOL DEA-CHAITE

Bhí a chlann agus a chairde ina chuideachta nuair a d’imigh Leon Ó Morcháin ón saol seo ar Lá Nollag 2016 ina áit dhúchais – Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo. Bhí aon bhliain déag agus ceithre scór slánaithe aige. Maireann a dheirfi úr Gaelie McMenamin, a dheartháir Justin, a dheirfi úracha céile, neachtanna, nianna, gar-neachtanna, gar-nianna, gaolta agus cairde. Imithe ar shlí na fírinne roimhe bhí a thuismitheoirí Seán T. agus Brigid (née Ball), a dheirfi úracha Clementine Lyons agus Evangeline Smiddy, a dheartháireacha Jack (Seán), an tAthair Al, Oliver P., Jarlath, Basil, Willie agus a nia Justin Morahan.

Mar dhéagóir óg, labhair sé os comhair na sluaite i ndiaidh aifrinn mar ionadaí dá athair nuair a sheas Seán T. sna toghcháin áitiúla. Chuir seo tús le saol Leo ag labhairt go poiblí, ról ina chuimhnítear go geanúil air go fóill. Dúirt iarscoláire Choláiste Mhuire ‘Thaitin sé le gach éinne ar scoil. Bhí miongháire ar éinne a labhair faoin rud deireanach a dúirt sé.” Oirníodh é ar 22 Meitheamh 1952 agus mhúin sé i gColáiste Mhuire, Gaillimh ó 1952 (Eolaíocht / Mata, B.Sc.). Bhí sé ina shagart in An Gort agus i gColáiste Mhuire ansin ó 1968 agus ansin i bParóiste Phádraig, Gaillimh ó 1972. Bhí sé ina shagart paróiste i Ros Muc ó 1975-1988 nuair a ceapadh é ina shagart paróiste ar Bhearna. Chuaigh sé ar scor go Cluain Cearbán i mí Iúil 2000 áit ar thug sé cúnamh i bparóiste Chill Ghaobhair, an áit ar baisteadh é. Ba i Halla an Pharóiste, Cluain Cearbán a rinne sé ceiliúradh ar a thrí scór bliain mar shagart sa bhliain 2012.

Bhí meas ag Leo ar Chumann Lúthchleas Gael i gcónaí agus ghlac sé go leor ról san eagraíocht. Cuireadh a ainm ar aghaidh le seasamh i dtoghchán Uachtaránachta CLG i 1973 ach níor sheas sé. B’ábhar sásaimh faoi leith dó go raibh baint aige le deireadh a chur le Riail 27 (an cosc ar bhaill CLG cluichí ‘iasachta’ a imirt) i 1971. Bhí an-bhaint aige chomh maith leis an ‘Green and Red Trust Fund’ (eagraíocht a chuidíonn le himreoirí CLG in am an ghátair).

Ba chainteoir líofa Gaeilge é Leo agus bhí an-suim aige i chuile ní Gaelach. Bhí cur amach aige ar logainmneacha agus go háirithe ar na logainmneacha máguaird. Thaitin sé go mór leis dul ar cuairt go háiteanna a óige agus a chuid eolais ar na logainmneacha, a mínithe agus a nasc leis an talamh a roinnt. Bhí grá aige don tírdhreach, don chultúr agus don stair agus bhí meas aige ar na gaoil idir cultúr, teanga, daoine agus féiniúlacht áite.

‘Duine buíoch, séimh, cineálta, aithiúil, umhal, cumhachtach, caoinfhulangach, críonna, láidir a bhí ann.’

Ciclipéid chruthanta a bhí ann. (Seans nach dtaitneodh sé leis go bhfuil seo á rá faoi ach bhí sé fíor.)

Bhí sé ina eagarthóir ar An Choinneal, tréimhseachán an pharóiste a foilsíodh ar dtús i 1959. D’aistrigh sé féin agus a chomhghleacaí, An tAthair Colm Ó Faoláin (nach maireann) An Tiomna Nua go Gaeilge (1964) agus bhí sé rannpháirteach i go leor foilseachán eile thar na blianta.

Bhí aithne ag daoine ar fud na hÉireann ar a aghaidh agus ar a ghuth mar gheall ar a chuid craoltaí luaithe ar theilifís agus ar raidió (san áireamh bhí Night Talk, Outlook agus Thought for the Day). Cheap RTÉ mar chathaoirleach ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta é ar feadh trí bliana i mí na Samhna 1983. Le déanaí, chuir Máirtín Tom Sheáinín agallamh air faoina shaol ar Comhrá ar TG4 agus chuir Eibhlín Ní Chonghaile agallamh air ar Raidió na Gaeltachta.

Ag teacht lena mhianta féin, labhair a neacht Catherine MacLeod (née Morahan) ag tús Aifreann na Sochraide. Theastaigh ó Leo go gcoimeádfaí simplí é. Bhí an-chion aige ar an bhfocal ‘nádúr’. Ba mhúinteoir, éisteoir agus cara iontach é. Duine buíoch, séimh, cineálta, fl aithiúil, umhal, cumhachtach, caoinfh ulangach, críonna, láidir a bhí ann, lán de ghrá, duine inspioráideach, greannmhar. Ba luachmhar iad a mhiongháire agus an loinnir ina shúil. Bhí an fh írinne an-tábhachtach do Leo. Bhí am tábhachtach do Leo. Bhí am aige do gach éinne agus thaitin sé go mór leis nuair a thug daoine am dó.

Tá sé deacair do bhall clainne cur síos a dhéanamh ar Leo, mar sin ceapaim gur fearr é a fh ágáil faoi dhlúthchara leis a choinnigh i dteagmháil leis agus a sheol an nóta seo chugam i ndiaidh dóibh a thuairisc bháis a léamh: ‘Is í an oidhreacht is mó atá fágtha aige ná a dhaonnacht, daonnacht a chuir sé in iúl san iliomad bealaí áille’. Sin, sin. Go n-éirí leis sochair a dhea-shaoil a bhreith leis.

Foclóirín: am an ghátair = nuair a bhíonn duine ar an ngannchuid; críonna = gruinntuisceanach.

This article is from: