3 minute read

Oideas: Pióg Éisc Síle Ní Chearbhaill

PIÓG ÉISC

Síle Ní Chearbhaill

Bhí iasc againn gach uile Aoine nuair a bhí mé óg agus cuireann pióg éisc na laethanta sin i gcuimhne dom i gcónaí. Is féidir do rogha iasc a úsáid chun an phióg seo a dhéanamh ach taitníonn an chadóg dheataithe liom toisc go gcuireann an deatú go mór leis an mblas.

COMHÁBHAIR:

1kg prátaí 25g plúr 25g im 1 oinniún 400ml bainne 400g cadóg dheataithe 100g cloicheán 75g píseanna reoite 2 chairéad 50g cáis chéadair ghrátáilte

MODH:

1. Réamhthéigh an t-oigheann go 200c/ gásmharc 6. 2. Bain an craiceann de na prátaí agus fi uch iad. 3. Bain an craiceann de na cairéid agus gearr iad i bpíosaí beaga. 4. Cuir an chadóg dheataithe agus na píosaí cairéid i sáspan leis an mbainne agus suanbhruith ar feadh 10 nóiméad. 5. Leáigh an t-im. Sauté an t-oinniún ann ar feadh 3-4 nóiméad. 6. Cuir an plúr leis chun roux a dhéanamh. Cócaráil go dtí go mbeidh sé donn agus gainmheach. 7. Doirt an bainne a bhí sa sáspan leis an iasc agus na cairéid isteach i gcrúsicín. 8. Bain ón teas agus cuir an bainne isteach de réir a chéile, ag meascadh go leanúnach chun cnapáin a sheachaint. Cuir ar ais ar an teas agus suanbhruith ar feadh 5 nóiméad. 9. Cuir an chadóg, na píseanna, na cloicheáin agus na cairéid isteach i mias oigheann-dhíonach. Clúdaigh leis an anlann. 10. Bain an t-uisce de na prátaí agus brúigh iad (le beagán ime agus bainne más mian leat). 11. Cuir na prátaí ar bharr an éisc.

Clúdaigh le cáis. 12. Bácáil san oigheann ar feadh 20 nóiméad.

An Ofráil Laethúil

A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ófralaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

MEITHEAMH

Uilíoch: Cuirtear deireadh le trádáil arm

Go ngabha ceannairí na náisiún orthu féin deireadh a chur leis an trádáil arm, a imríonn cos ar bolg ar a liacht sin daoine neamhchiontacha.

IÚIL

Soiscéalaíoch: Iad siúd atá i bhfad ón gCreideamh Críostaí

Guímis dár gcuid deartháireacha agus deirfi úracha atá imithe ar fán ón gCreideamh, agus tugaimis fi anaise leis an Soiscéal, go bhfaighe siadsan amach an athuair a ghiorracht dóibh atá trócaire Dé, agus áilleacht bheatha an Chríostaí.

LÚNASA

Uilíoch: Ar son na nEalaíontóirí

Ealaíontóirí ár linne, go gcabhraí siad trína gcuid meabhraíochta, le gach uile dhuine teachtar áilleacht an Chruthaithe.

Timire an Chroí Ró-naofa

This article is from: