5 minute read

Daniel Berrigan SJ Caoimhín Ó hUiginn SJ

Caoimhín Ó hUiginn SJ, Reáchtálaí Ionad Tacaíochta agus Oiliúna Ollscoile na nÍosánach i mBaile Munna, Baile Átha Cliath.

DANIEL BERRIGAN SJ:

SAGART, FILE, FÁIDH

Thug mé Daniel Berrigan faoi deara den chéad uair ag deireadh na 1960idí agus mé i mo bhlianta deiridh sa mheánscoil. Ag an am bhí ‘Dan’ agus a dheartháir Pilib i mbéal an phobail mar aon le grúpa cairde a raibh an dearcadh céanna acu agus ar tugadh ‘The Catonsville Nine’ i dteannta a chéile orthu. Bhí siad i mbéal an phobail toisc go raibh siad go neamhfh oiréigneach i gcoinne an chogaidh i Vítneam. Ar a gcuid gníomhaíochtaí dhóigh siad cártaí coinscríofa SAM agus rinne siad ionradh ar bhunáiteanna míleata. Bhí an bheirt Berrigan ar chéad leathanach na hirise Time a chuir síos orthu mar ‘Shagairt Mhíréiréacha’. Nuair a gearradh téarma príosúin ar Dan tar éis na hagóide in Catonsville shocraigh sé ar neamhaird a thabhairt go siombalach ar na húdáráis trí éalú ó lucht a ghafa agus ‘dul ar a theitheadh’. Dá bhrí sin, rinneadh an chéad sagart riamh de a raibh an tóir ba mhó de chuid an FBI air.

An uair úd, rith rud liom a raibh sé deacair dul i bhfeidhm air go dáiríre agus mé i mo ghnáthdhéagóir ar nós gach déagóir eile: níor bhuail mé le sagairt Chaitliceacha mar iad riamh. Shamhlaigh mé sagairt le haltóirí, crannóga agus boscaí faoistine. Bhain sé croitheadh asam, go fi ú croitheadh taitneamhach, sagairt Chaitliceacha a fh eiceáil i mbun agóidí in éadan na cogaíochta – agus an FBI sa tóir orthu!! Ach bhí Dan, go háirithe, suite de gur léirigh a ghníomhaíochtaí frithchogaidh, i mbeagán focal, a thiomantas dá Chríostaíocht agus dá mhinistreacht shagartúil. Domsa, agus do go leor eile, ba dhearbhú cumhachtach comhaimseartha í a mhinistreacht in éadan na cogaíochta agus ar son na síochána. Ba dhearbhú é nár bhain an creideamh Críostaí go díreach le sraith áirithe de chreidimh Chríostaí amháin. Nuair a fi afraíodh de in aois a 88 bliain cén rud ba mhó a raibh sé buíoch de ina shaol fada, d’fh reagair sé ar an toirt: ‘Mo ghairm Íosánach’. Ba é an t-aon rud amháin a raibh aithreachas air faoi ná gur thóg sé tamall fada air a thuiscint cad a chiallaigh a ghairm ó thaobh bheith ag obair gan stad gan staonadh ar son na síochána, agus ar son íospartach a ndearnadh foréigean agus éagóir de gach saghas orthu.

Go gairid sular bheartaigh Dan ar pháirt a ghlacdh go poiblí in easumhlaíocht shibhialta rinneadh Ginearál ar na hÍosánaigh den Athair Pedro Arrupe. Mar a tharla sé, thug Arrupe cuairt ar Dan sa phríosún tar éis a ghabhála. Roinnt

míonna ina dhiaidh sin, chas sagart deoiseach Éireannach ar Pedro Arrupe agus é ag spaisteoireacht sa Róimh. Le linn a gcomhrá ghearr, luaigh an sagart go raibh an-mheas aige ar Dan Berrigan. D’fh reagair an tAthair Arrupe: ‘Is é Daniel Berrigan an tÍosánach is dílse lena linn!’

Bhí síolta an chreidimh agus an bhuairt faoin gcóir curtha i dteaghlach Dan. Cothaíodh na síolta tríd an bhfoirmiú Íosánach a fuair sé agus go háirithe trí Chleachtaí Spioradálta Naomh Iognáid. D’fh éadfaimis samhlú gur chorraigh áit sna Cleachtaí Spioradálta a chroí fi leata nuair a iarrtar ar an duine atá ag guí smaoineamh ar na Trí Phearsa Dhiaga agus iad ag breathnú ar staid an domhain: . . . fi r agus mná a shaolaítear agus a adhlactar, cuid acu ag pósadh agus colscaradh á fh áil ag cuid eile, óg is aosta, an saibhir agus an daibhir, daoine atá sona agus daoine faoi bhrón . . . an oiread sin daoine atá gannchothaithe, tinn, ag fáil bháis, an oiread sin daoine ag streachailt leis an saol agus nach léir dóibh aon chiall leis.

Tríocha nó daichead bliain sular mhol an Pápa Proinsias do bhaill den chléir bogadh ón sacraistí go dtí an tsráid chun ‘boladh na gcaorach’ a fh áil, bhí sagairt oibre ag déanamh ceannrodaíochta ar chur chuige tréadach a raibh de thoradh air gur mhalartaigh siad feisteas galánta cléire ar fh orbhríste monarchan. Go gairid tar éis a oirnithe in 1952 cuireadh Dan chun na Fraince ar feadh bliana i gcomhair múnlú Íosánach ar tugadh ‘tertianship’ air. Agus é ansin, bhí sé i dteagmháil le sagairt oibre. Ba chinniúnach a dtionchar siúd air.

Sna luath 1960idí, spreag an Dara Comhairle Vatacánach cíocras nua chun athraithe. Níl sé deacair a shamhlú conas a rachadh doiciméad na Comhairle, An Eaglais i Saol an Lae inniu (Gaudium et Spes), i gcion air. Mhaígh G. et S.: ‘An t-aoibhneas agus an dóchas, an brón agus briseadh croí phobal ár linne (na bochtáin agus iad atá ag fulaingt go háirithe), is iadsan aoibhneas agus dóchas, brón agus briseadh croí lucht leanúna Chríost chomh maith.’ Bhí Dan go sármhaith mar shagart Iosánach agus mar Chríostaí díograiseach le linn a shaoil fh ada. Is é an fáth ná go raibh sé meáite ar a chreideamh a chur ag obair le beart praiticiúil, rud nár theip air a dhéanamh riamh. Agus é amach sna blianta ghlac sé páirt i ngníomhartha easúmhlaíochta sibhialta in ainm na síochána, go dtí gurbh éigean dó seasamh siar ó ghníomhaíochas tosaigh de bharr laige agus tinnis. Bhí baint aige fosta le Gluaiseacht na nOibrithe Caitliceacha a bhunaigh a chara mór agus a mheantóir Dorothy Day. Sna blianta deireanacha dá shaol bhíodh imní air faoi dhaoine gan dídean agus faoi dhaoine a raibh an víreas SEIF orthu.

Threoraíodh dearcadh faoi leith an chreidimh Chríostaí Dan Berrigan nuair a bhíodh rudaí ag cur buartha air agus nuair a bhíodh sé pairteach i ngníomhaíochtaí. Mar atá ráite ag an bPápa Proinsias go minic, ní sochaí dhea-mhéiniúil d’eagraíochtaí neamhrialtasacha í an Eaglais. Má bhreathnaítear ar an domhan trí shúile an chreidimh, níl ann ach bheith ag iarraidh é a fh eiceáil mar a fh eiceann Dia é, lena sholas agus lena scáil iomlán. Ansin, níl ann ach iarracht a dhéanamh lena chinntiú go bhfaighidh an solas an bua ar an dorchadas. Is é sin, i mbeagán focal, an rud atá léirithe ag saol fada neamhghnách Dan Berrigan.

Foclóirín: bunáiteanna míleata = áiteanna a mbíonn an t-arm bunaithe iontu; suite de = diongbháilte, den tuairim láidir; daoine gannchothaithe = daoine tearc-chothaithe, daoine nach bhfuil a ndóthain á n-ithe acu.

This article is from: