3 minute read

An Buntáiste Breise Marcas Mac Ruairí

Marcus Mac Ruairí, Bainisteoir Forbartha,

Gaeilge sa Teaghlach AN BUNTÁISTE BREISE, TREOIRLEABHAR DO THEAGHLAIGH

Tá taithí blianta fada ag Marcas Mac Ruairí, Bainisteoir Forbartha i nGlór na nGael ar fh orbairt na Gaeilge i measc teaghlach, le hobair i gcur chun cinn na Gaeilge. Céim nádúrtha, mar sin, go dtabharfadh Mac Ruairí faoi threoirleabhar cuimsitheach ar spriocanna, ar mhódhanna, agus ar an tacaíocht atá ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Tá an t-údar ag nascadh a scileanna mar iriseoir gairmiúil lena thaithí de bheith ag obair le teaghlaigh, go háirithe ina bhaile dúchás, Dún Pádraig, Co. an Dúin, atá ag sreachailt leis na dúshláin le teanga tí a athrú go Gaeilge, agus le bua an dátheangachais a bhronnadh ar pháistí na céad ghlúine eile.

Mar nós a bheidh aisteach do roinnt daoine, tá Mac Ruairí ag plé leis an teaghlach mar ‘aonad pleanála teanga’ ann féin, agus dá bhrí sin ní ghlacann sé le haon tuairim go dtarlóidh fás agus forbairt na Gaeilge in aonad an teaghlaigh go huathoibríoch. Bíonn pleanáil agus beartais de dhíth le cinneadh chomh hollmhór le teanga tí a athrú, agus ní cheapann an t-údar gur cheart ná gur chiallmhar aon ghníomh a fh ágáil sa seans.

Streachailt agus cath aonair do theaghlaigh atá ann go minic, le réimse leathan straitéisí éagsúla in úsáid ó theaghlach go teaghlach ach ar ndóigh aithníonn Marcas Mac Ruairí gur spás príobháideach é an teach, agus gur faoi gach teaghlach an cinneadh pearsanta a dhéanamh cén teanga saoil a bhronann siad ar a gcuid páistí. Ach aithníonn sé, chomh maith, gur chóir aon iarracht mar seo a fh réamhú le polasaithe insroichte agus luann sé Stráitéis 20 Bliana don Ghaeilge 2010-2030 agus go bhfuil ‘níos mó aitheantais á thabhairt ar fud an domhain anois ar chur ar aghaidh na teanga sa teaghlach mar cheann de na príomhcheisteanna a chaithfear a chíoradh má tá teangacha neamhfh orleathana le tabhairt slán’ (Lth 21-22) agus gurb é an teaghlach ‘an chloch choirnéil ó thaobh a leithéid de chur ar aghaidh teanga’.

Chun an buntáiste ‘breise’, an dara teanga, a thabhairt do pháistí leagann an leabhar seo eolas romhainn i gcaibidlí éagsúla: na buntáistí breise; an dátheangachas; plean teanga don teaghlach agus ansin roinnt caibidlí tacaíochta mar eolas breise: obair Ghlór na nGael sa réimse; acmhainní tacaíochta agus grúpaí tacaíochta atá ann chomh maith le roinnt abairtí úsáideacha do theaghlaigh gur féidir le tuistí a úsáid lena bpáistí.

Is ábhar spéise é chomh maith gur

‘Is é an teaghlach an chloch choirnéil ó thaobh a leithéid de chur ar aghaidh teanga.’

fh oilsigh Glór na nGael féin scéim nua tacaíochta teaghlach an tseachtain chéanna ar foilsíodh leabhar Mharcas Mhic Ruairí. Is í an scéim Teanga Tí a bheidh lonnaithe i measc ‘scoilphobail’ a d’fh ógair Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann leis an dea-scéal go bhfuil luach tacaíochta €900, do ghrúpaí atá páirteach, chomh maith le suas go €140 eile sa bhreis d’earraí do pháistí (leabhair, cluichí Gaeilge) ag dul díreach chuig na teaghlaigh féin.

Eagrófar an scéim Teanga Tí le comhoibriú ó príomhoidí gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, agus mairfi dh rannpháirtíocht sa scéim thar thréimhse trí bliana. Déanfar tomhas agus measúnú ar éifeacht na scéime tacaíochta seo le cúnamh ó phleanálaithe teanga ag tús agus deireadh na scéime. Is é is sprioc le Teanga Tí ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do theaghaigh an Ghaeilge a labhairt níos minice sa bhaile. Is scéim uile-ghabhálach í a fh reastalóidh ar riachtanais teanga teaghlaigh dhifriúla agus beidh ról lárnach ag gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta ina héascú. Is ar theaghlaigh a bhfuil páistí acu sna Naíonáin Shinsir (nó rang a dó ó thuaidh) ar a bhfuil an scéim dírithe, ina bhfuil pobal na scoile sásta cur leis an méid ócáidí agus imeachtaí Gaeilge teaghlachdhírithe, a eagraítear i rith na bliana.

Le tuilleadh eolais a fh áil faoin scéim Teanga Tí, nó faoin leabhar An Buntáiste Breise, déan teagmháil le Glór na nGael ar 046 943 0974 nó le Marcas Mac Ruairí ar marcas@glornangael.ie

Foclóirín: spriocanna = aidhmeanna; cloch choirnéil = an chéad chloch ar a mbunaítí teach traidisiúnta.

This article is from: