3 minute read

An Beathnua: St John’s-Wort Dónall Ó Cnáimhsí

Dónall Ó Cnáimhsí

BEATHNUA: ST JOHN’S-WORT (HYPERICUM)

Tá cúig speiceas den phlanda seo le fáil go forleathan in Éirinn agus bhí antóir ag ár sinsir orthu uilig, ní amháin le húsáid mar chógas ar aicídí, ach mar chosaint ar an olc chomh maith. Léiríonn na hainmneacha atá luaite leis an luibh seo an meas a bhí air agus an seasamh a bhí aige ins an tsochaí, ainmneacha mar Lus Cholm Cille, Luibh Eoin Baiste, Allas Mhuire, Lus na Maighdine Muire agus Beathnua Gan Smál ar chuid acu.

Tig sé i mbláth thart ar an Fhéile Eoin i lár an tsamhraidh agus bhí sé de nós ag daoine píosaí den phlanda a thabhairt do pháistí ar an oíche sin le iad a choinneal slán ó thinneas agus ó olc. Bhaineadh na draoithe sa tsean-am úsáid as le linn searmanas agus bhíodh sé crochta fá na tithe acu le ainspioraid agus aicídí a choinneáil ar shiúl. Bhí sé de nós ag na Gaeil fosta píosa a fh uáil isteach ina gcuid éadaí faoina n-ascaill chlé ar na cúiseanna céanna.

Baineadh úsáid as in Éirinn fosta mar cheirín le fuil as cneá a stad agus rinneadh é a bhruith i mbainne go coitianta le buinneach a leigheas. De réir dealraimh bhí an-mheas ag Naomh Colm Cille ar an lus seo agus bhíodh píosa de i gcónaí ar iompar leis. Le linn na meánaoise is é Fuga Daemonium nó ‘Ruaig ar an Diabhal’ a thugtaí air agus bhaintí feidhm as i searmanas eacsaircistidh. De bharr na cuma atá air dúradh gur lus gréine a bhí ann seachas lus a bhain leis an taobh dhorcha.

Tá an-rath ar an Bheathnua inniu mar leigheas ar ghalar na leanna duibhe nó na tromaigeantachta. Ach de bharr chomh cumhachtach agus atá sé moltar gan é a ghlacadh i gcuideachta le cógas eile choíche agus mar sin tá cosc i bhfeidhm ag an Roinn Sláinte ó bhí 2005 ann i dtaca lena dhíol i gcógaslanna.

As an Ghréigis a thig an t-ainm luibheolaíochta Hypericum perforatum, hyper = ‘os cionn’ agus eikon = ‘samhail bheannaithe’, as an nós a bhí acusan píosa a chrochadh in aice le deilbh thábhachtach le ainspioraid a choinneal ar shiúl uathu. Tagraíonn perforatum do na baill bheaga atá le feiceáil ar na duilleoga agus a ghníonn cuma phollta a chur orthu. Is planda ilbhliantúil é a fh ásann timpeall dhá throigh in airde, faightear é go nádúrtha ar imeall talaimh fh éaraigh, in aice le faill nó i réiteach i gcoill. Is féidir a chinntiú gurb é an planda ceart atá agat trí bhláth a bhrú idir do mhéara: tig sú dearg as ar a bhfuil blas géar searbh fínéagair agus cumhrán láidir. Bláthaíonn an Beathnua go fl úirseach i lár an tsamhraidh ó mhí an Mheithimh

‘Bhí sé de nós ag daoine píosaí den phlanda a thabhairt do pháistí Oíche Fhéile Eoin le iad a choinneal slán ó thinneas agus ó olc.’

go Lúnasa le taispeántas iontach de bhláthanna órbhuí, ina mbíonn cúig pheiteal agus a staimíní go feiceálach ag gobadh amach ina mbraislíní. Aibíonn na síolta go fl úirseach ar an phlanda i gcapsúil bheaga san fh ómhair.

Chreid ár sinsir go raibh leigheas ar gach galar agus aicíd le fáil san dúlra timpeall orainn, ach an t-eolas a bheith againn faoi cén áit lena fh áil. Is trua go bhfuil go leor den tsaineolas ársa sin caillte ag na Gaeil anuas thar na cianta.

Tá gach eolas le fáil ins an leabhar Wild Irish Plants le Niall Mac Coitir.

Foclóirín: uilig = uile (go léir); tig = tagann; fá = thart faoi, timpeall; ceirín = meall beag a chuirtear ar chneá chun é a leigheas nó chun an phian nó an t-at a laghdú; eacsaircistidh > eacsaircisteadh = díbirt na ndeamhan; ghníonn = dhéanann; faill = aill; réiteach = áit i gcoill nach bhfuil na crainn ag fás ann; braislíní = boslaigh bheaga, glaca beaga.

This article is from: