Cú na Bearna Roibeard Ó Cathasaigh Ceiliúrfar Féile Chorp Chríost i lár na seachtaine seo chugainn – Céadaoin, 3ú Meitheamh. Le gealadh na féile úd ó bhliain go bliain, téim ar bhóithrín na smaointe, siar dtí’n lá úd gur tharla eachtra éachtach ar shleasaibh an Stricín i Lios Póil. B’é mo phríbhléid a bheith i bpáirt gan choinne ann, ar Fhéile Chorp Chríost, 1981, dhá scór bliain ó shin go díreach. Is fearr cú sa tsiúl ná cú ina lúib, a deirtear, ach ní h-amhlaidh don mbithiúnach sa scéal seo a leanas! 1 Ar mo shlí amach as an Ionad Pobail tar éis Aifreann 10.30 dom – athchóiriú á dhéanamh ar Sháipéal Lios Póil ag an am – cé bheannódh lasmuigh de dhoras dom ach ár gcomharsa ar an mBóthar Breac, Patty Moriarty. Dh’fiafraigh sé díom an raibh shotgun agam, agus má bhí, an raibh éinní ar siúl agam tar éis dinnéir. Nuair adúrt leis go raibh gunna agam, agus go rabhas saor, ar sé: ‘Is do leithéid a bheidh uainn, mar tá fúinn iarracht eile a dhéanamh teacht suas leis an gCú atá a déanamh éarlaigh ar ár gcaoire. Buailfidh Peats Connor, Baile an Bhogaigh, leat ar an mBánóg.’ Sea, bhí Peats romham mar a beartaíodh. Thugamar beirt aghaidh ar Chnoc na Bánóige thart ar leathuair tar éis a h-aon. Bhí mo cheamara crochta ar mo mhuineál agam agus gunna im ghlaic. Bhí sé ina shamhradh geal, an ghrian go h-ard sa spéir agus léargas iontach ar an dtír máguaird againn. De réir mar a bhí Cnoc na Bánóige á chur dínn againn, d’eachtraigh Peats dom ar an slad a bhí á dhéanamh ag an gCú aonair seo le dhá bhliain anuas. Ar sé, go raibh suas le míle caoire sínte aige ar shleasaibh an tsléibhe ó Lios Deargáin soir go Loch Bhearna na Gaoithe agus ó thuaidh i Macha na Bó ar thaobh an Leitriúigh. An ghné b’iontaí, dar leis, go maraíodh an Cú cúig nó sé cinn de chaoire ar aon láthair, gan fiú fiche slat eatarthu. An mhodh mharaithe aige, siolán a chur fé mhuinéal na caorach, an fhuil a tharrac, agus b’in a raibh air, gan rian ná marc mar bharr air sin ar an gcaora mharbh. Dh’eachtraigh Peats dom chomh maith, gur mhinic a chloistí an Cú ag donaíl, nó ag glaoch ar na gadhair i gcomharsanacht na gcnoc, agus madraí caorach na dúthaí úd ag amhastraigh ar uair mharbh na hoíche ’d’iarraidh cos scaoilte. Mar bharr air sin, arsa Peats: ‘D’inis Gearóid ‘Garret’ (Mac Gearailt) tar éis aifrinn ar maidin dom, gur chuala sé an Cú ag glaoch aréir ón dtaobh thuas d’Ath na Ladhaire i mbun an tsléibhe, soir ó Ghoulán Beag.’ Ar chlos san dom, ar mh’anam, go dtáinig sceitimíní orm! Bhíomar a déanamh ár slí go socair suas an cnoc agus mo leath bhádóir ag ciorrú na conrach go binn le logainmeacha úra go fileata im chluasa Gan dabht, níorbh é seo an chéad iarracht ag feirmeoirí caorach Lios Póil greim d’fháil ar an gCú. Ba bheag Domhnach le dhá bhliain anuas ná téidís sa tóir air. Thug Charlie Haughey fhéin iasacht dá helicopter le marksman ar bord chun fóirithinte ar a bhfaopach. Do chíor is do chuardaigh an dúthaigh soir is siar ón aer, ach mo léir, bhí an Cú ró-ghlic dóibh is níor nocht é fhéin an Domhnach úd. Leanamar orainn suas Drom na Lúbóige, áit sceirdiúil go maith le poirt bhreátha móna seacht bhfód ar airde, le claiseanna doimhne creimthe eatarthu is gainimhchloch rua mar bhonn ann. Chuireas púróg im phóca le linn machnaimh dom ar na mílte is na milliúin bliain a ghaibh le cruthú na n-iontais seo! Bhí boinn mo chos ag leá im bhuataisí le barr brothaill um an dtaca seo, ach cén dochar, bhí barra an chnoic á nochtadh fhéin de réir a chéile anois chugainn. Bhí bís orm fhéin an mullach a bhaint amach, mar ón dtaobh ó thuaidh dúinn bheadh mo chéad amharc ar Mhaca na Bó agam, macha a raibh ana-chuid cloiste agam ina thaobh ó bheirt – Dónal Loibhéad Ghabhlán, agus Connie Ó Súilleabháin Mhin Aird Bhuí, dís a thug go leor laethanta dá n-óige ag aoireacht caorach lena muintir ann. 2 Ar shroichint barra Chnoc na Bánóige dúinn ’sea leath ar mo shúile, le macha go deimhin ag síneadh go maorga soir dtí’n bhFaill Dhubh ar thaobh Abhainn an Scáil, dhá loch ina lár mar a bheadh dhá shúil dhiamhara, Bá Bhréanainn go gléghorm ó thuaidh uainn agus Cnoc Bréanainn mar sciath chosanta laistiar. Thóghas roinnt pictiúirí de na radharcanna spéiriúla, sara dtugamar ár n-aghaidh siar Cnoc Gabhláin. Díreach ag Bearna an Lao sea fuaireamar láithreach lapaí go soiléir sa mhóin dhubh – lapaí an Chú gan aon bhréag. B’é tuairim dhiongbháilte Pheats gur bonn an Chú ar a shlí siar ón oíche aréir siúrálta a bhí anso againn. Ghéaraigh ar ár sceitimíní is sinn ag sodar linn an cnoc siar um an dtaca seo, mar ar chuireamar seacht gcinn de ghiorraithe agus coinnín amháin ina suí romhainn amach. ‘Fuist, cad é sin – ruchar gunna,’ le clos againn is sinn ag druidiúint i gcóngar na Bearna. Le linn dúinn ár gcéad radharc d’fháilt ar Loch Bearna na Gaoithe cúpla neomat ina dhiaidh sin, sea chonaiceamar an baicle cruinnithe ar an bport laistiar den loch in airde. 16 Corca Dhuibhne Beo
Ruchar eile le clos ansan againn is sinn i bhfoisceacht dhá chéad slat den láthair. Cad a chífimis ansan ach an Cú á tharrac aníos ón scailp charraige, poll ina chliathán agus é gan anam. Cad é liútar léatar a bhí ar an gcarraig lena linn sin! Fearaibh ag caitheamh a gcaipíní san aer le barr áthais, buachaillí ag pocléimrigh agus gadhair ag glamaíl. B’é Timmy Hannifin ó Oileán an Phocáin a lamhach an Cú – cú riabhach fireann, idir trí is ceithre bliana d’aois, a déarfainn, gan marc aitheantais ar aon chluais leis. Ceal spáis, tá scéal seilge an Chú ar an lá úd ciorraithe go mór agam, ach ní mór dom coimriú a thabhairt ar thóir an lae sara dtánag féin ar láthair an áir. B’iad madraí caorach Mhike Jim Mac Gearailt ó Ghabhlán Beag agus Dan Ó Súilleabháin Ghabhlán Ard lena chois, a mhúscail an Cú ar a slí soir Cnoc Gabhláin – ba rí-mhinic súil leagtha ag Mike ar an gCú is é i mbun caorach sna bólaí seo. Lean na gadhair an Cú ar séirse soir barra an chnoic agus na fearaibh a béicigh is a liúraigh ina ndiaidh. Ansan chas an Cú le faobhar faille anuas go bruach Loch Bearna na Gaoithe mar a raibh Timmy Ó hAiniféin is Gerry, a Dhaid ag fairthreoireacht. Scaoil Timmy ruchar leis an gCú agus bhain glam as agus ghoin é. Fós, chas an Cú ar a shálaibh agus seo leis de dhroim an chnoic suas agus é ar tí éalú amach go Macha na Bó uair amháin eile, ach cé bheadh ag cosaint na bearna roimhe ach Tomás Ó Brosnacháin, Na Dúnta agus Liam Ó Cathasaigh, Páirc an Teampaill, agus chasadar anuas arís é. Theith an Cú fén gcarraig is é traochta, agus b’ann a lamhachadh ar deireadh é. Is léir gur oibrigh plean na gceannairí ar an gcnoc an lá úd, straitéis a forbraíodh de réir a chéile le taithí acu ar ghluaiseachtaí an Chú le fada an lá, le ceithre bhuíon i bhfeidhm – buíon thoir, thuaidh, thiar is theas de raon an Chú, ag teannadh isteach de réir a chéile, agus a shárú ar deireadh. Clabhsúr Críochnód le véarsa deiridh de rabhacán a chumas i gcuimhne ar éacht an lae úd, agus in ómós do mheitheal mhuinteartha na gcaorach a bhain an fómhar i ndeireadh thiar tar éis blianta dúshlánacha saothair. (Fonn: Beidh ríl againn) IV Ó, tugadh an Cú go Garraí na dTor, is crocadh é in aird’ ar chuaille, bhí pint á líonadh, raic fé reward is eachtraí ón mBearna á dh’insint. Beidh trácht go brách ar Chú na Bearna is ar an slad ar fad a lean é, ’gus chomh fada céanna ar Chorpus Christi in ochtó haon, mar ar síneadh.
Curfá:
Rabhdhlam raindí, rabhdhlam raindí, rabhdhlam raindí, réidí, san rabhdhlam raindí, rabhdhlam raindí, ba mhallaithe an cú gan dabht é!
Sa phictiúr seo tá: Paddy Moriarty, Joe Moriarty, Dónal Ó Súilleabháin (RIP), Dónal Lovett (RIP), Mike Flahive (RIP), Liam Ó Cathasaigh, Tom Brosnan, Timmy Hannifin, Paddy Hannifin, Patty Moriarty (RIP), Mike Jim Mac Gearailt, Gearóid ‘Garret’ Mac Gearailt (RIP), Gerry Hannifin (RIP), Mike Connor, Pats Connor (RIP), Páidí Ó Súilleabháin (RIP). Suaimhneas síoraí dóibh seo atá ar shlí na fírinne. Pic. Roibeard Ó Cathasaigh 1 An t-alt seo tagtha chun cinn le cúnamh óm dhialann dar 18 Meitheamh 1981, lá maraithe an chú. 2 Roibeard Ó Cathasaigh, Téanam go Min Aird (Oidhreacht Chorca Dhuibhne 2013), 162-3.