West & Mid Kerry Live issue 296

Page 32

Anso is Ansúd i gCorca Dhuibhne

Tús Maith

Blúire Béaloidis ó Scoileanna Chorca Dhuibhne: Scéalta fén Nollaig Lá Coille An oidhce roim Lá Coille - oídhce na Coda Móire a tugtar annso air téigheann buachaillí na háite tríd an mbaile agus ceól á seinnt aca ag seinnt aca ag fáiltiú na bliana Nua. Bíonn fóid mhóna nó punanacha agus iad lasta anáirde ar phící aca. "Fógarím iarsma ort" a deireann duine le duin' eile maidean lae Coille. Annsan má tá croidhe maith ag an té go ndeirtear leis é tugann sé bronntanas éigin do'n nduine sin. Dúbhairt fear éigin an chainnt sin le fear eile an mhaidean san agus se rud a dúbhairt sé sin a fhreagaradh, "Fógarím sa diabhal tú agus an tOileán Thiar casta aniar ort." BAILITHEOIR: LIAM BHÚDHLAEIR Seoladh: Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí. FAISNÉISEOIR: PÁDRAIG BHÚDHLAEIR Inscne: Baineann Seoladh: Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí Scoil: Scoil an Fheirtéaraigh Ábhar ó Bhailiúchán na Scol á fhoilsiú le caoinchead: Cnuasach Bhéaloideas Éireann www. duchas.ie

Nathanna Cainte ó Chorca Dhuibhne Chomh saibhir le Damer! Fiontraí rathúil ó Shasana ab ea Joseph Damer (1630-1729). Cheannaigh sé talamh feirme agus mórán eastát i gCo. Thiobraid ó dhaoine go mbronn Cromail tailte orthu. Deirtear go ndein sé a chuid airgid ó chaoirigh, easportáil olla agus ón mbaincéireacht. Ní phós Joseph Damer agus fágadh a chuid tailte le huacht ag beirt mhac dearthár leis, Joseph agus John. Mhair Joseph i Ros Cré agus thug John fé thigh mór groí a thógaint gar do Shrónaill i ndeisceart Cho. Thiobraid Árann. Ní tógadh an tigh ach maireann go leor leor scéalta sa bhéaloideas fé rachmas Damer agus fén gcaoi go dtáinig sé ar an saibhreas san. Deir ceann desna scéalta béaloidis a mhaireann fé John Damer go raibh fuinneog chun a bheith sa tigh go gach ceann den 365 lá sa bhliain. Bhí an teist ar Damer go raibh sé ina sprionlóir agus tá tagairtí eile dósan in amhráin ón dtréimhse. Ceann acu ná The Limerick Rake:

(Pic. Orlaith Ruiséal) Is le ana-bhrón a chuireamair crioch leis na seisiúin sa bhforais le Darach ó Murchú. Bhain na leanaí scoile ana-shúp ar fad as - ag foghlaim conas tearmann a chruthú dóibh féin, sábhadóireacht, na céimeanna a bhaineann le tine a thógaint, cnuasach bídh agus cócaireacht ar an dtine chéanna. Míle buíochas duitse a Dharach agus ag súil go mór le seisúin eile a dhéanamh san Earrach. Cuairteanna Baile ag Tús Maith A thuismitheoirí is fiú go mór daoibh a bheith ag cuimhneamh ar Chuairt Baile i mbliana – dóibh siúd agaibh nách bhfuil ag tógaint bhur leanaí le Gaelainn do chaill na leanaí roinnt mhaith ama sa chóras i mbliana rud a fhágfaidh bearna sa teanga a bheadh sealbhaithe de ghnáth – má theastaíonn uait tacú led leanbh dein Cuairt Baile a lorg. Fiú leis na srianta nua a bheidh ag teacht i bhfeidhm go luath is féidir linn Cuairteanna Baile a dhéanamh leis an teaghlach ar Zoom nó ar an dtráigh nó amuigh ag siúl. Bí i dteagmháil le Orlaith @ 066 9156100 nó orlaith@cfcd.ie

theacht na Críostaíochta. Tá a lán san Órchiste seo. Scéalta, carúil, dánta, nósanna, cín lae, cuimhní cinn, ealaín agus seanfhocail, a bhaineann leis an tráth beannaithe seo. Chomh maith leis sin tá scéalta beaga deasa agus rainn do pháistí agus pictiúir tríd an leabhar. Tugtar léargas dúinn ar thraidisiún na Nollag ar an mBlascaod Mór, agus an fothragadh agus an callshaoth a bhain le turas a thabhairt ar an míntír chun lón na Nollag thabhairt abhaile leo le linn drochaimsire. Léirítear an scóp a bhíonn agus a bhíodh ar dhaoine ag déanamh suas ar an Nollaig, sceitimíní na bpáistí ag súil le Daidí na Nollag, maisiú na dtithe, Lá Nollag féin, agus ansin an scléip agus an t-ardú croí a bhaineann le Lá an Dreoilín. Is liosta le háireamh iad na húdair a bhfuil píosaí agus sleachta leo sa leabhar seo, idir phrós agus fhilíocht. Ina measc tá Pádraig Ó Fiannachta, Tomás Ó Criomhthain, Breandán Ó hEithir, Caoimhín Ó Cinnéide, Máirtín Ó Direáin agus a lán eile. Níl sa réamhrá seo ach cuntas gearr agus blaiseadh beag den saibhreas atá fágtha le hoidhreacht againn leis na cianta cairbreacha agus a mhaireann fós i mbéal na ndaoine. Tá Órchiste Nollag ar díol sna siopaí leabhar sa Daingean, i siopaí áitiúla agus ar shuíomh idirlín Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag www. oidhreacht.ie Tá rud éigin do gach duine sa leabhar seo. Tá súil agam go gcuirfidh na sleachta gleoite atá roghnaithe daoibh scóp agus áthas oraibh i rith na Nollag agus i rith na bliana; agus go dtabharfaidh siad dóchas agus sólás daoibh agus sibh ag comóradh agus ag ceiliúradh na féile beannaithe seo. Nollaig mhór mhaith mheidhreach agus bliain nua faoi áthas daoibh go léir agus go mbeirimid beo ar an am seo arís!

Mar eolas daoibh!

Allagar na hAoine

• Órchiste Nollag: Cnuasach nuafhoilsithe ó Mháirín Uí Laoithe & Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Blúire giolcaireachta ó Allagar na hAoine ag @AHaoine. Buíochas do Mhícheál Toose Mac Gearailt agus do Chian ó Lorcáin. Gach Eolas/ Further Information: 066 9156100/eolas@cfcd.ie • Fógra Má tá cupard nó driosúr nó stól nó cathaoir nó píosa troscáin de shórt ar bith sa tigh agat, a deineadh anseo timpeall, cuirimid fáilte romhat pictiúr den bpíosa sin a chur chugainn agus a rá más féidir, cathain a deineadh agus é a dhein. Cuirfimid na pictiúirí sin don tsiúinéireacht le chéile do West Kerry Live in am tráth. Cuir bhur bpictiúirí is bhur scéalta chugainn ag eolas@ cfcd.ie.

John Damer of Shroner had plenty of gold,

Lord Devonshire's treasure is fifty times more,

Tá clár Techspace ag feidhmiú go hiomlán ar líne. Tá traenáil Ríomheolaíochta, MOJO, agus Traenáil Fuaime agus Podchraoltaí ar bun i láthair na huaire ar líne d’eagraíochtaí óige agus do Mheánscoileanna lán-Ghaeilge Chúige Mumhan atá ag obair trí mheán na Gaelainne. Beidh traenáil STEAM do bhunscoileanna ag tosnú an tseachtain seo. An tseachtain a d’imigh tharainn b’shin Seachtain na hEolaíochta. Mar chuid den tseachtain chuir Techspace ceardlainn uair a chloig ar fáil i mbunscoileanna Gaeltachta na tíre. Cuireadh trealamh go dtí na scoileanna

But he's lying on his back among nettles and stones, Agus fágaimid siúd mar atá sé. Is fé gharnia eile le Joseph Damer a chum an file Liam Dall Ó hIfearnáin an caoineadh, mar dh’ea, ‘Mo Mhíle Brón-Chreach’.

32 Corca Dhuibhne Beo

Tá an leabhar seo Órchiste Nollag ar na bioráin le tamall. Anseo tá Scéal na Nollag ó thús, bunchloch na n-iontaisí. An oidhreacht iontach, an traidisiún idir dhúchas agus iasacht ar dhein ár muintir a gcuid féin de i gcónaí agus riamh ó

Clár Techspace


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.