4 minute read

An tSúdáin Theas Richard O’ Dwyer SJ

Richard O’ Dwyer SJ NA DÚSHLÁIN I nDEISCEART NA SÚDÁINE

Sé an tSúdáin Theas an náisiún is nua sa domhan agus tháinig sí ar an saol ar an aonú lá déag de mhí Iúil, 2011. Ach phléasc an tír i bhforéigean ar an gcúigiú lá déag de mhí na Nollag, 2013. Thosaigh comhrac i measc baill de Gharda an Uachtaráin sa bpríomhchathair Juba, idir na grúpaí eitneacha Dinka agus Nuer. Is iad na Dinka an grúpa eithneach is mó sa tír agus tagann na Nuer ina ndiaidh sa dara háit.

Leathnaigh an troid amach go tapaidh ó bhearaic an airm. D’imigh baill de na Dinka amach agus iad faoi iomlán trom airm agus thosaigh siad ag ionsaí ceantair sa bpríomhchathair a raibh lucht Nuer ina gcónaí ann. Maraíodh na céadta. Ina dhiadh sin, bhí ionsaithe forleathana ar an Dinka ag lucht armtha na Nuer agus ar na Nuer ag na Dinka. Dá bharr seo, maraíodh na mílte ban agus páistí agus fi r gan airm. Theith na deicheanna de mhílte duine a dtithe de bharr an fh oréigin eithnigh fh orleathain agus thug siad faoi dídean a lorg i bhfoirgnimh an UN i stáit eile i ndeisceart na Súdáine. Bhris an troid amach freisin idir reibiliúnaithe Nuer agus arm oifi giúil na Súdáine Theas. Bhí go leor saighdiúirí a thréig an t-arm áfach agus a chuaigh leis na reibiliúnaithe, ina measc cuid mhaith d’ard-oifi gigh Nuer. Thóg siad leo go leor gnáth-shaighdiúirí agus airm. Dá bharr seo ar fad, fuair na reibiliúnaithe seilbh ar roinnt mhaith bailte móra.

D’iarr an tUachtarán Kiir cabhair ó Uganda chun na bailte stráitéiseacha seo a thógáil ar ais ó na reibiliúnaithe sa gcaoi nach mbeadh aon bhac ar tháirgeadh na n-olacheantar. Throid na mílte saighdiúrí ó arm Uganda in aghaidh na reibiliúnaithe, cé gur baineadh feidhm astu go hoifi giúil chun bealach éalaithe saoránaigh Uganda a chinntiú agus chun áiteanna stráitéiseacha, cosúil le aerfort Juba, a chosaint.

Cén chaoi ar phléasc an foréigean chomh tapaidh sin? Go luath sa mbliain 2013, cuireadh srian tréan ag an Uachtarán Kiir, ball den treibh Dinka, ar chumhacht an leas-Uachtaráin, Riek Machar, ar ball den treibh Nuer é. Deineadh a ról sa rialtas a ísliú go tréan. Thug an tUachtarán bata agus bóthar freisin do bheirt ghobharnóirí de dhá stát a raibh tábhacht stráitéiseach ag baint leo. I mí Iúil, 2013, chaith an tUachtarán Kiir a chomhaireacht ar fad amach, ina measc an leas-Uachtarán. Deineadh iarracht baill Nuer den Gharda Náisiúnta a dhí-armáil toisc gur ceapadh

Radharc ar Juba

Ní mór an teacht isteach ó ola na tíre a chur chun an leasa choitinn, ní chun aicme bheag, bhídeach a shaibhriú.

go raibh coup d’etat ar tí tarlú, leis an leas-Uachtarán Machar mar cheannaire air. Ina dhiaidh sin, theith Machar ó Juba go háit anaithnid agus bhí comhrac forleathan i go leor stáit.

Ar bonn praiticiúil, níl ach páirtí polaitiúil amháin sa tSúdáin Theas, sé sin Gluaiseacht Saoirse Mhuintir na Súdáine. Is baill iad an tUachtarán agus an leasUachtarán de fh eidheamannas an pháirtí.

Chonachtas an díchumasú polaitiúil a imríodh ar an leas-Uachtarán, áfach, mar iarracht ag an Uachtarán Kiir a namhaid pholaitiúla, go háirithe Machar, a chur faoi chois – fi ú lucht na Dinka sa gcomhaireacht, is mar seo a chonaic siadsan an scéal. Beart a bhí ann chun aon dúshlán a chuirfeadh Machar in aghaidh an Uachtaráin sa toghchán sa mbliain 2015 a laghdú.

Faraoir, de réir an UN, tá foréigean eithneach forleathan dá imirt ar dhaoine ag na reibiliúnaithe agus ag fórsaí an rialtais. Bhí ar thart fá milliún duine teitheadh óna dtithe agus tá ar a laghad

céad míle théis imeacht thar teorainn go dtí an Aetóip, go dtí an Chéinia nó go Uganda. De dheasca an díláithrithe seo, tá géarchéim bhia ag teacht mar ní raibh deis ag go leor daoine barra a chur. Cúpla lá ó shin, síníodh comhaontú síocháin ag an Uachtarán Kiir agus ag an leas-Uachtarán Machar. Anseo sa tSúdáin Theas, tá muid uilig ag guí go mbeadh meas ag na reibiliúnaithe agus ag fórsaí an rialtais ar an gcomhaontú. Dáiríre áfach, tá cinniúint an náisiúin nua seo idir dhá cheann na meá, idir chogadh cathartha iomlán agus iarracht réadúil i leith athmhuintiris síochánta. Más é an dara rogha a thiteann amach, caithfear iadsan atá freagrach as an bhforéigean forleathan eithneach a mbeartanna uilig a mhíniú. Tá géarghá sa tír le fi lleadh ar an seasmhacht pholaitiúil agus tá forbairt sna réimsí oideachais, sláinte agus talmhaíochta ag teastáil go géar. Chomh maith le sin uilig, ní mór an teacht isteach ó ola na tíre a chur chun an leasa choitinn, ní chun aicme bheag bhídeach a shaibhriú.

INTINN CHOITIANTA AN PHÁPA DO MHÍ DHEIREADH FÓMHAIR, 2014 An tSíocháin. Go ndeona an Tiarna síocháin do na réigiúin sin den domhan is mó atá á gciapadh le cogaí agus le foréigean.

Foclóirín: idir dhá cheann na meá: in the balance

This article is from: