4 minute read
Seirbhís do na Bochta Tony Ó Riordán SJ
Tony Ó Riordán SJ ‘AN BHFUIL AON CHARANNA 142 FEICTHE AGAT FÓS?’
“An bhfuil aon charanna 142 feicthe agat fós?” Is ar éigean a bhí an cheist curtha ag leaid óg orm nuair a d’fh reagair leaid óg eile: “Nach as Maigh Rois sinne? Cá bhfeicfi misne a leithéid de charr nua?” Chuala mé uair go bhfuil breis is céad bealach ag Caitlicigh óga agus ag Protastúnaigh óga a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann le fi os a bheith acu cén “taobh” lena mbaineann siad faoin am a shroicheann siad aois a cúig. Is trí osmóisa chuireann siad eolas ar na leideanna, idir chaolchúiseach agus fh ollasach, a bhaineann le cultúr na gCaitliceach agus na bProtastúnach. Le linn na mblianta atá caite agamsa i mo chónaí agus ag obair in áiteanna a dtugtar ceantair bhochta orthu is léir dom go bhfuil amhlaidh igcás páistí agus daoine óga as na ceantair sin.
Ó lá a mbreithe téann teachtaireachtaí fúthu féin agus faoina ceantair ina bhfuil cónaí orthu i bhfeidhm orthu. Chomh maith leis sin, cumann siad tuairimí i dtaobh na gceantar ina gcónaíonn an chuid eile den phobal agus faoina daoine arbh as na ceantair sin iad. Rud a bhaineann go minic leis na teachtaireachtaí a nglacann na daoine seo go smior leo ná go mbraitheann siad nach bhfuil siad chomhmaith le daoine eile, gur dream ar leith iad, agus gur drochrud an leithleachas sin. Glacann an-chuid daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair ina bhfuil go leor bochtanais chucu féin an teachtaireacht shochaíoch gurb iad féin is cúis lena mbochtanas, gurb iad an cineál duine iad, nó go mbaineann tréithe leo, a chiallaíonn gur cheart dóibh a bheith bocht.
Séard atá sa bhochtanas, gan amhras, ná easpa cumaisteacht ar fh oscadh, ar bhia agus ar éadach – na rudaí bunúsacha a bhíonn ag teastáil ar bhonn rialta don bheatha. Ach bíonn bochtanas i gceist freisin nuair atá bac ar dhuine gnáth-chaighdeán maireachtála na sochaí lena mbaineann an duine sin a bhaint amach. Tá baint níos mói gcónaí, mar sin, ag an mbochtanas le dealú éagothrom achoinníonn daoine amach ón rud a nglactar leis a bheithnormálta sa tsochaí agus ón ngnáth chaigh deán maireachtála. Is ionann tábhacht don dochar síceolaíoch agus spioradálta agus don dochar nithiúil a eascraíonn as an mbochtanas. Tá an dídhaonnú mar thoradh ar an mbochtanas, ní amháin de bharr go gcoscann sériachtanais bhunúsacha ar nós dídine, bia agus
cúraimshláinte ar dhuine, ach de bharr go gcreimeann sé tuiscint duine air féin, ar a luach agus ar a dhínit.
Is iomaí scéal leighis sa Soiscéal a bhaineann le daoine nach easpa sláinte amháin atá ag gabháil dóibh ach atá dealaithe ón mórphobal. Is daoine iad seo a bhfuil cúltugtha leo agus a bhfuil breithiúnas tugtha orthu.Braithimse go raibh sé go mór mar aidhm ag Íosa dúshlána thabhairt do dhearcadh an dreama a raibh a sláinte acu agus don nós a bhí acusan na heasláin a chaitheamh ar leataobh. Bhí an oiread céanna suime ag Íosa aghaidh a thabhairt ar “thinneas” a shochaí agus a bhí aige tinnis chorpartha a leigheas. De réir fh ís Íosa – an Ríocht in ar mhair gach duine de réir thoil Dé – ní gcuirfí ina luí ar dhuine ar bith gur íochtarán é ná ní chaithfí le duine ar bith mar a chaithfí le híochtarán. Chinn Íosa ar dhul go dtí na háiteanna sin ina raibh na díbeartaigh, chaith sé béile leo agus chothaigh sé cairdeas leo, agus bhí sé ar adhícheall an deighilt a bhí déanta ag dream an tsaibhris agus na cumhachta sa phobal a chloí.
An bhféadfadh cúrsaí a bheith ar aon bhealach eile? Bhí Íosa loiscthe ag an nGrá dá Athair agus theastaigh uaidh fi anaise a thabhairt ar chúram, ar thaise agus ar roghanna a Athar don domhan seo. Is cúis ar leith le Dia mar Athair an chuid sin dá chlann atá i ngátar, iadsan a bhfuil riachtanais na beatha in easnamh orthu. Ach ar nós aon tuismitheora, teastaíonn ó Dhia na páistí a gcuirtear ina luí orthu gur íochtaráin iad, agus a dtugtar le fi os dóibh nach bhfuil siad i dteideal ar an oiread céanna den rud a chuireann an domhan ar fáil, a leigheas agus a chur ar a suaimhneas freisin.
Cuireann teagmháil le Briathar Dé, teagmháil le hÍosa Nazarat, iallach orainn bogadh linn go dtí an t-imeall,cairdeas a dhéanamh le daoine atá bocht, agus eolas a chur ar an streachailt a dhéanann siad ina saol. Is féidir teagmháil níos doimhne le Briathar Dé a bheith mar thoradh ar theagmháil leis na boicht, rud a shoilsíonn árn-aigne agus ár gcroíthe agus a fh uasclaíonn sinn le sochaí agus domhan a thógáil ina dtugtar meas níos mó don chruthú, agus do chlann Dé uile.
Is sagart paróiste i Maigh Rois, Cathair Luimní, é Tony Ó Riordán INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA DO MHÍ MEÁN FÓMHAIR 2014 Seirbhís do na bochta. Go ndéana Críostaithe, faoi inspioráid Bhriathar Dé, seirbhís do na bochta agus do lucht na fulaingte.
Foclóirín: osmóisa:osmosis; streachailt: struggle