2 minute read
Litreacha ón Ath. Seosamh
A léitheoirí a chairde, Anseo tá dhá litir a fuair muid an bhliain seo caite ón Ath. Seosamh Ó Mealláin SJ, mac le Michéal Ó Mealláin a cuireadh chun báis an 8ú lá de Bhealtaine 1916. In Hong Kong atá sé ó 1949. Go dtuga Dia sláinte agus saol dó. F Mac B.
17 Aibreán 2015
Is mór atá mé faoi chomaoin agaibh de bhrí go gcuireann sibh eagráin den Timire chugam chomh tráthúil gach séasúr sa bhliain leis an oiread sin de bhlianta anuas. Is oth liom a chloisteáil an Timire a bheith i mbaol an deontas úd a chailliúnt sar i bhfad. Bris oraibh é, cinnte, go háirithe ó tá an Timire atá sé á fh oilsiú le fada. Atá mé féin sa riocht céanna is a bhí Raifteirí File “… pócaí folamha ...” sa dán a chum sé. Maith an rud é go bhfuil Seán Ó Cearbhalláin in ann dréachtaí a sholáthar daoibh ón taobh seo den domhan ó am go ham. Le mórhmeas agus le beannacht Dé, Seosamh Ó Mealláin SJ
21 Bealtaine 2015
A Athar Frainc, a chara Ba den chineáltas uait é an litir úd a chuir tú chugam, go háirithe ó scríobh tú ar an 8ú lá deBhealtaine í. Fíorbhuidheach mé. Is mairg nach féidir liom tacaíocht le scríobhadh pinn a sholáthar – seachas An Timire a léigheamh … fágaim é sin i lámhaibh Sheáin Uí Chearbhalláin. Chaitheas féin trí bliana i gColáiste Iognáid, Gaillimh 1940-43. In 1948, aniar linn suas go dtí Canton nó gur ruaigeadh amach muid in 1949 - Níor mhór teanga na háite Cantainis a tharraingt chugainn. Níor dhóigh liom go leigfeadh aon eitleán mé a shuidhe in aon áit ach ‘storage’. Ní chuirfear árachas ar thaisteal dom. Deich mbliana ó shoin diúltaigheadh sin dom. Go gcuirí Dia rath is beannacht ort féin agus ar do chuid oibre. Seosamh Ó Mealláin SJ
TEARMANN
Do phaidir laethúil ar líne
www.tearmann.com Ar bhain tú triail as go fóill?
11