![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093954-98f08cd7903ec238ea66989860ae4f9b/v1/2371bef869bdda32b55307a71c20e425.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
4 minute read
Urraim is Ómós do Mhná Helen Ó Murchú
Helen Ó Murchú URRAIM IS ÓMÓS DO MHNÁ
Agus sinn ag tabhairt aghaidh ar 1916, nach barúil a raibh le rá ag Kathleen Clarke san agallamh a rinne an tAthair Louis O’Kane léi sa bhliain 1968. Bean láidir chróga ab ea Kathleen Clarke mar a chruthaigh sí ina saol pearsanta agus poiblí i ndiaidh bháis a fi r céile i 1916. Ba í an chéad Bhanmhéara ar chathair Bhaile Átha Cliath í; bhí sí chomh maith ina Teachta Dála agus ina Seanadóir. Chaith sí seal i bpríosún le linn an Chogaidh Chathardha. Ach is roimhe sin a d’fh ulaing sí easpa urraime is ómóis mar bhean, agus é sin ó chomhréabhlóidí. Is amhlaidh a bhí de dhánaíocht inti dul chuig na Ceithre Cúirteanna mí an Mheithimh 1922 chun impí ar na fi r a raibh na Cúirteanna faoi ghabháil acu scor dá n-airm d’fh onn cogadh a sheachaint. Rinne sí é sin cé nach go deimhnitheach ar son an Chonartha a bhí sí féin. Ba dheiliús a fuair a himpí ó Liam Mellowes, más fíor: ‘Níl ionatsa ach bean! Cén t-eolas a bheadh ag do leithéidse ar na cúrsaí seo?’
Nár dhóigh le duine gur obair ríthábhachtach ar son na sochaí a bhí sa ghníomh sin de chuid Kathleen Clarke? Ach b’in thiar sa bhliain 1922. An bhfuil athrú le sonrú, nó conas a thaispeántar urraim agus ardmheas ar mhná geall le céad bliain ar aghaidh?
Nach ndéarfaí go bhfuil saoirse na mban i gcrích? Do mhná sa bhaile nó sa saol oibre nó do mhná a bhíonn ag iltascáil de shíor An bhfuil gá i gcónaí leis an intinn seo an Phápa? Nó cad é an míniú atá ar ‘obair ríthábhachtach ar son na sochaí’ faoi chúinsí na linne?
Maidir le cúrsaí measa agus mná, ar dtús a raibh ar bun mí Dheireadh Fómhair 2015 ag an gcéad chruinniú a tionóladh i Londain den chruinniú mullaigh WITW (Mná ar Domhan / Women in the World), eagraíocht a cuireadh tús leis i Nua Eabhrac sa bhliain 2009. Ba spéisiúil an léiriú le linn na comhdhála sin go bhféachtar ar Ursula von der Leyen, aire cosanta na Gearmáine, mar rara avis amach is amach ach ag an am céanna mar chomharba dóchúil ar Angela Merkel. Is amhlaidh atá seachtar páiste aici agus gurb í a thug isteach go leor reachtaíochta ar son an teaghlaigh agus í ina haire um ghnóthaí teaghlaigh. Tharraing an reachtaíocht chéanna oighear go leor dá comhpholaiteoirí fear ach d’fh áiltigh aithreacha óga roimpi. Agus féach an rúille búille a lean an córas nua cuóta ag na coinbhinsiúin éagsúla chun iarrthóirí a roghnú le haghaidh oll-
toghcháin 2016 anseo in Éirinn. Ba chúis díomá, muran miste libh, d’fh earaibh na bpáirtithe go raibh d’fh éinmhuinín ag na mná a roghnaíodh an t-ainmniúchán a shíniú seachas an gort a fh ágaint saor dá gcomhiarrthóirí fi reannacha.
Léirigh an tuarascáil Hearing Women’s Voices gur guth fi reann amháin a bhíonn le cloisint ar 72% de chláracha raidió sa tír seo.. Nach spéisiúil mar sin féin gur mná iad cuid de na pearsain is mó tábhacht agus is máithreacha clainne iad chomh maith. Sháraigh siad go leor bacanna de réir dealraimh. I gcúrsaí spóirt, báitear an chamógaíocht agus peil na mban i dtuile mionsonraí faoi imreoirí fear thar sáile. Agus nach iontach an chipeadraíl a tharraing lucht Amharclann na Mainistreach orthu féin le clár drámaíochta le haghaidh chomóradh 1916 nach raibh ach scríbhneoir mná amháin maith a dóthain chuige. Léirsithe os comhair na hamharclainne a bhí ina macalla ar ar tharla sna chéadlaethanta den téatar céanna, agus go leor ráitisí ag tosú le ‘Is oth linn…’ le cloisteáil sa díospóireacht phoiblí istigh.
Is cúis imní iad na staitisticí ón ngníomhaireacht stáit Cosc. Áirítear go gcuireann foréigean baile isteach ar bhean as cúigear. Agus ar pháistí dá réir. Ina theannta sin is crá croí smaoineamh ar ar tharla i roinnt de na seirbhísí máithreachais le blianta beaga anuas. Agus is beag difríocht a tharla i reachtaíocht na hIndia de dheasca slua-éigniú an mhicléinn Jyoti Singh ar bhus agus ní mó ná mar a tharla aon athrú meoin san Afraic ag éirí as ainghníomhartha cogaidh i gcoinne ban sa tSúdáin Theas. Mar sin féin, ar an 5 Samhain 2015, shínigh Rialtas na hÉireann Coinbhinsiún Istanbul, coinbhinsiún cosanta i gcoinne foréigean ban.
INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA BEALTAINE Go raibh urraim is ómós do mhna á gcleachtadh i ngach tír ar domhan agus go raibh ardmheas ar an obair ríthábhachtach a dhéanann siad ar son na sochaí.
Foclóirín: iltascáil = ag tabhairt faoi tascanna difriúla ag an am céanna; cruinniú mullaigh = cruinniú de na cinnirí; cipeadráil = clampar; gníomhaireacht stáit = eagras de chuid an Stáit; slua-éigniú = ionsaí gnéasach ag grúpa; ainghníomhartha cogaidh = eachtraí náireacha le linn cogaidh.