3 minute read
Urnaí agus Soiscéalaíocht Pádraig Ó Maoldúin
Pádraig Ó Maoldúin URNAÍ AGUS SOISCÉALAÍOCHT SAN EAGLAIS
Táim i mo bhall den Comhluadar Imeánúéil, comhluadar atá bainteach go mór le soiscéalaíocht san eaglais.
Is comhluadar miseanach muid. Bíonn misean míosúil againn in Ionad Siopadóireachta na Cearnóige i dTamhlacht ar Satharn amháin den mhí. Bíonn Aifreann á reachtáil ag an gComhluadar san aireagal ansin a thosaíonn ag meánlae. I ndiaidh an Aifrinn bíonn Adhradh Eocairisteach ar siúl go dtí Urnaí an Tráthnóna agus bíonn sagart ar fáil le haghaidh faoistine. Fanann roinnt den Chomhluadar san aireagal ag guí ar son an mhisin agus ag an am céanna téann na baill eile i mbun soiscéalaíochta san Ionad. Le haghaidh gach misean bíonn áit áirithe san Ionad Siopadóireachta ina bhfuil cead ag an gComhluadar spás tearmainn a chruthú le bord, íocón, litríocht dhiaganta agus coinneal lasta. Ar feadh dhá uair a chloig ansin, téann misinéirí an Chomhluadair i dteagmháil le lucht siopadóireachta an ionaid, ag roinnt áthas ár gcreidimh agus ag tairiscint dóibh coinneal saor in aisce chun lasadh san aireagal.
Bíonn iontas orainn i gcónaí faoi oscailteacht na ndaoine agus an comhrá a bhíonn eadrainn. Go minic bhíonn comhrá fada againn faoin gcreideamh. Iarrann roinnt acu orainn guí ar son a n-intinní. Fanann siad an fh aid a theastaíonn uathu san aireagal agus bíonn fáilte rompu urnaí a scríobh agus focal scrioptúir a thogáil as ciseán atá ar fáil ag an altóir. Bíonn aiseolas dearfach againn i gcónaí agus daoine ag caint faoi cé chomh corraitheach is a bhíonn sé cúpla nóiméad a thogáil as an siopadóireacht gnóthach chun coinneal a lasadh agus a bheith í láithreacht Dé.
Ó am go chéile bíonn misean paróiste eagraithe ag an gComhluadar chomh mhaith, mar shampla an misean a bhí againn i bParóiste an Iúr le déanaí. I rith na misean seo bíonn an comhluadar páirteach i go leor gníomhaíochtaí éagsúla mar shampla soiscéalaíocht sráide, seirbhís atrua, agus cuairt ar thithe an pharóiste agus scoileanna; ag plé le liotúirge na heaglaise agus imeachtaí sa cheantar áitiúil.
Tagann teideal an Chomhluadair ón scrioptúr: “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánúéil mar ainm air, – ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn” (Matha 1:23). Tá áit tábhachtach ag an Mhaighdean Mhuire, Máthair an Imeánúéil i spioradáltacht an Chomhluadair agus
Comhluadar Ímánúeil
bíonn paidir coisreacain á rá ag na baill go laethúil. D’aithin an Pápa Benedict XVI an éifeacht seo in aitheasc a thug sé don Chomhluadar in 2011: “Tóg Muire isteach i do theach, mar a rinne an deisceabal muirneach, ionas go mbeadh sí go fírinneach an mháthair a threoraíonn tú i dtreo a Mhic Dhiaga agus a chuidíonn leat chun a bheith dílis dó i gconaí.”
Tagann mórghrásta an Chomhluadar Imeánúéil ón carasma atá againne (Adhradh Eocairisteach, Atrua, Soiscéalaíocht). Glacann an comhluadar páirt i misean na hEaglaise i saol an lae inniu trí urnaí (Adhradh Eocairisteach); tríd a bheith ag obair leis na boicht (oibreacha atrua dóibh siúd atá gan tacaíocht, tinn nó ar imeall na sochaí); agus trí shoiscealaíocht a dhéanamh ar fud na cruinne le daoine atá ag fulaingt toisc nach bhfuil aithne acu ar Dhia ná ar ghrá Dé.
Tá an obair shoiscéalaíochta a dhéanann comhluadair amhail Imeánúéil fíor thábhachtach do mhisean na hEaglaise sa sochaí inniu agus tá an tábhacht sin ag dul i méid i gcónaí de réir dí-eaglaiseachais agus aindiachais sa ré nua-aimseartha. I mo thuairim ní féidir soiscéalaíocht inchreidte a dhéanamh gan creideamh agus muinín a chur in Íosa Críost agus Muire a Mháthair i dtosach báire. Tagann an intinn mhisineach trí urnaí. Is as an bpaidreoireacht a fh aightear an Spiorad Naomh agus an uaillmhian iarracht a dhéanamh Críost a chur in iúl do dhaoine eile, le cúnamh agus le treoir Mhuire, Réalta na Soiscéalaíochta. Trí mhachnamh a dhéanamh ar rúndiamhra na Corónach Mhuire tá deis álainn againn chun guí ar son intinn na soiscéalaíochta, lámh chúnta idirghabhála a iarraidh ar Mhuire agus lánmhuinín a chur inti lenár dtreorú.
INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA BEALTAINE An Paidrín Naofa: Go n-úsáide teaghlaigh, comhluadair agus grúpaí an Choróin Mhuire mar urnaí le hintinní na soiscéalaíochta agus na síochána.
Foclóirín: soiscéalaíocht = do chreideamh a chur in iúl do dhaoine eile; comhluadar = grúpa daoine a bhfuil nasc nó aidhm coiteann eatarthu; dí-eaglaiseachas =neamhaird a thabhairt ar chúrsaí eaglasta nó creidimh; aindiachas = gan creideamh i nDia; aiseolas = tuairimí dhaoine a fh áil.