3 minute read

Radharc Gairdín Dónall Ó Cnáimhsí

Dónall Ó Cnáimhsí RÓSANNA FÁNACHA

An róschrann aonair sin sa ghairdín A bhfuil a fh réamhacha á soipriú agat Faoi chlúid na scraithe craosaí, Is comhartha a bhláth gan saolú fós ort féin. (Seán Ó hÉigeartaigh)

Is é an gheimhreadh an séasúr a thugann garraíodóirí faoi obair anásta anróiteach agus níl obair ar bith chomh hanásta anróiteach le bearradh na rós fánach. Tá dhá dhosaen de na rósanna seo feistithe ar bhallaí ghairdíní Ghleann Bheatha agus mura gcuirtear faoi smacht iad, déanfaidh siad an gairdín a chlúdach in achar ghairid. Tá an-mhórchuid acu anseo le trí scór bliain, cineálacha a bhfuil cáil orthu fi ú go dtí an lá inniu. Rósanna a chlúdaíonn na ballaí agus a líonann an gairdín le dathanna gleoite agus cumhráin amhra.

An ‘ Albertine’, rós álainn ar a mbíonn bláthanna líonmhara éadroma bándearga a fh ásann go neartmhar agus a thagann i dtús an tsamhraidh. An ‘Dorothy Perkins’, seanrós atá ar an tsaol le corradh is céad bliain, níl a shárú le fáil i dtaca le bláthú: bíonn bláthanna bándearga glinne air ó mhí Iúil ar aghaidh. ‘Felicité et Perpétue’, rós an-bhríomhar ar a mbíonn bláthanna geala bána dúbailte le cumhrán galánta i Lúnasa. ‘New dawn’, rós deas bándearg a bhláthaíonn le linn an tsamhraidh ar fad. ‘Pink Perpétue’ rós bríomhar eile a bhláthaíonn go mall sa bhliain agus atá an-úsáideach le ballaí a chlúdach go dlúth. Agus an ‘Rosa Filipes Kiftsgate’ an rós is iongaí den iomlán. Bláthanna beaga buíbhána a thagann i mí Iúil, seo rós nach féidir a chloí i ndáiríre, caithfear spás a thabhairt dó le síneadh agus fás , an-úsáideach le coirnéal deacair a líonadh le dath. Is féidir agus is éasca an rós seo a ghearradh siar mar ghnáththor le deimheas mór seachas na secateurs. Seachas an ‘Kiftsgate’ is féidir na cineálacha uilig eile a choinneáil mar an gcéanna, mar tá siad uilig feistithe ar sreangán ar bhallaí. An geimhreadh an t-am is fearr le dhul

i ngleic leo mar go mbíonn na plandaí lusacha bliantúla a fhásann os a gcoinne sa tsamhradh, go mbíonn siad uilig gearrtha go talamh roimhe seo. Anois sula dtosaí tú ar an ionsaí seo, is gá duit bheith gléasta agus armáilte i gceart leis na diabhal dealga a sheachaint. Seangheansaí trom a chaithim féin le veist garraíodóireachta sa mhullach air le tréan pócaí chun gach ní a choinneáil. Miotóg throm, ní gá ach ceann amháin ar an lámh chlé le greim a fháil ar na gasanna. Péire secateurs géara agus péire teascaí do na bodóga righne agus rolla de shnáth láidir.

Anois caithfear a thuigbhéal go bhfásann an mhórchuid de na rósanna seo go bríomhar agus go mbláthaíonn siad go flúirseach ar na gasanna úra gach bliain. Mar sin níl aon úsáid le fás na bliana seo caite, ach go díreach leis na gasanna a thraenáil ar fud an bhalla ar na sreangáin. Déanaim an chuid is mó d’fhás na bliana anuraidh a bhearradh ar shiúl síos go dtí an talamh. Roghnaím a dó nó a trí de spioraí só-lúbtha ansin agus déanaim iad a cheangal den tsreang. Caithfear bheith cúramach agus gan an gas a fháisceadh barraíocht agus mar sin ba chóir an snáth a lúbadh thart ar an ghas agus an tsnaidhm a cheangal den tsreang ansin. Déanaim féin iad a cheangal go ciorclach, chun teannas a chur sna spioraí chun fás taobhach a spreagadh, cleas a d’fhoghlaim seangharraíodóir dom nuair a thosaigh mé anseo.

Tugann tascanna mar seo i gcuimhne dom na garraíodóirí iontacha a d’oibrigh sa ghairdín seo anuas thar na glúnta. Fir a chaith a saol oibre ar fad sa ghleann seo ag plandáil agus ag tabhairt aire do phlandaí aoibhne agus ag cruthú neimhe ar thalamh. Go mbeannaí Dia a saothar.

Foclóirín: scraithe, scraith = barr na cré; craosaí, craosach = amplach; anásta, anróiteach = an-deacair; fánach = a spréann amach cuid mhór; iongaí, iongach = deilgneach; lusach = ar nós an fhéir, nach mbíonn adhmad iontu; bodóg = gas tiubh gearr; tuigbheáil = tuiscint; spiora = craobh sheang; barraíocht = an iomarc

This article is from: