4 minute read

Ag Teacht Chugat Féin M Ó Mathúna

M. Ó Mathúna TEACHT CHUGAT FÉIN: LE BOLADH BRÉAN?

Aistrithe ag Tomás Ó Ceallaigh & ag F Mac B

Tá mearbhall orm. Taobh istigh de thréimhse tríocha bliain tá mórathrú tagtha ar an dearcadh atá ann faoi ghrúpa a mba fuath le daoine iad tráth agus a mbíodh doicheall faoi leith ag dochtúirí rompu. Anois is mó is cosúil le club den uasalaicme iad. Tá stádas ag andúiligh nach bhfuil ag aon ghrúpa eile sa tír. Tá líon ollmhór daoine fostaithe chun cúram a thabhairt dóibh. “Laghdú ar dhochar” a tugtar ar an cur cúige seo atá i mbarr a réime in Éirinn ó na 90daí i leith.

Ach ‘teact chugat féin’ an cur chuige atá suas anois. Tá cineadh tógtha go mba ceart go mbeadh deis ag an drugaóir teacht chuige féin. Ach an bhfuil an cur chuige seo roghnaithe ag an drugóir, nó bhfuil sé roghnaithe ag na seirbhísí tacaíochta uilig atá tógtha timpeall air? Daoine iad na drugóirí a fh aigheann cóir leighis saor in aisce, a fh aigheann liúntas míchumais agus a bhfuil lóistín curtha ar fáil dóibh ag na húdaráis áitiúla, gan trácht ar an iliomad ionaid lae chun a chinntiú go bhfuil siad ag cloí leis an gcóir leighis ó na dochtúirí. Ach anois tá líon na ndrugóirí ag dul i laghad agus ní mór do na seirbhisí iad féin a chur in oiriúint don fh íric seo.

Níl deacracht ar bith agam le lucht úsáidte drugaí, cibé má tá siad ag teacht chucu féin nó mura bhfuil. Níor roghnaigh siad an bóthar atá á siúl acu – chruthaigh daoine eile an bóthar sin agus thosaigh an andúileach amach air trí náire, trí bhrón agus trína bheith buailte síos arís agus arís eile. Thacaigh an Stát ar an iliomad bealaigh, an córas dlí san áireamh, leis an gcur chuige seo.

Sna hochtoidí in Éirinn bhí “teacht chugat féin” mar cur chuige i mbarr a réime. Ba é seo an sprioc a bhí ag lonaid Rutland, Cuan Mhuire agus Comhluadar Teiripeach Cúil Mhín. Is iomaí scéal faoi dhaoine ag teacht chucu féin, tré gheallúint Chumainn na Réadóirí, Matt Talbot ina measc. Tá an grúpa Alcólaigh Neamhaitheantha gníomhach anseo ó na caogaidí. Sa mbliain 1983 níor tugadh aitheantas d’aon chur chuige eile seachas “ teacht chucu féin “ agus ba é an tuiscint a bhí ann maidir le handúiligh ná gurbh iad an dream ba mheasa sa tsochaí iad. Nach aisteach an t-athrú dóibh a bheith roghnaithe mar an t-aon ghrúpa amháin a bhfuil an dóchas ann go n-éireoidh leo “teacht chucu féin “. Ní mar sin do dhaoine ramhra, do dhaoine a bhfuil an dubhach orthu, d’alcólaigh nó d’aon ghrúpa eile a bhfuil dian-chabhair ag teastáil uathu le teacht chucu féin. Níor cheart d’éinne bac

Níl deacracht ar bith agam le lucht úsáidte drugaí

a chur roimh “ teacht chucu féin “ lucht úsáidte drugaí . Ach thóg sé tríocha bliain do thionscal na ndrugaí an méid seo a thuiscint.

Rinne daoine an drugóir a mhealladh, a bhagairt agus a threorú isteach sa riocht a bhfuil siad ann inniu, gafa i slabhraí ceimiceacha. Is gníomhartha iad seo a chosc na handúiligh drugaí “teacht chucu féin”. Ó na nóchaidí i leith tá go leor daoine ag gnóthú airgid ag tabhairt aire d’andúiligh drugaí. Tá na cógaslainn ag tabhairt amach metadón agus oidis á scríobh ina leith ag dochtúirí teaghlaigh, dochtúirí a bhreathnaigh ar na haindiúlaigh mar dhaoine laga nach mbeadh in ann glacadh le cóireáil détocsúcáin agus athshlánúcháin agus teacht chucu féin. Tá dochtúirí agus cógaslainn an stáit sna clinicí ag cur meatadón ar fáil. Tá oibrithe de chineálacha éagsúla a chuireann ionaid ar fáil a chinntíonn go bhfannann na drugóirí gafa le slabhraí ceimiceacha agus tá tacaíocht ag an gcóras seo ó go leor dreamanna eile atá ag saothrú beatha bhreá.

Tá na tograí seo meáite ar thacú leis an drugóir i gcónaí ach anois cabhróidh siad leo ‘teacht chucu féin’. Coinneoidh na seirbhísí an maoiniú atá acu, leanfaidh na clinicí orthu ag dáileadh cógais, labharfar ar an ‘teacht chugat féin’ ach cé a thiocfaidh chuige féin?

An t-airgead a chaitheadh ag tacú leis na drugóirí is iad spleach ar dhrugaí an stáit, dá gcuirtí ar fáil é thar na blianta chun tacú leo teacht chucu féin, an mbeadh tionchar aige sin ar thuairim choitianta an phobail faoi easpa dhíochas an drugóra chun a bhéasa a athrú. An mbeadh tionchar aige seo ar an smaoineamh gur ceist achrannach an ‘teacht chugat féin’ don drugóir amháin? Agus dá bharr an mbeadh an tacaíocht céanna ag gach dream chun teacht chucu féin anois, gach dream ar chomhchéim gan idirdhealú ar bith?

Foclóirín: teacht chugat féin = biseach a theacht ort; doicheall = naimhdeas; andúileach = duine atá gafa le drugaí nó alcól nó iompar neamh-shláintiúil éigin

Saor gach Céadaoin leis an

This article is from: