4 minute read
Fianaise ón Aifric Peter Mc Cawille
Peter McCawille,
SMA, Abuja, Nigeria. FIANAISE ÓN AFRAIC
Chuir cuairt an Phápa Proinsias ar an Afraic le déanaí béim arís ar an bhfíric go bhfuil an daonra Caitliceach ag méadú níos tapúla san Afraic ná in aon áit eile ar domhan agus taispeánann na staitisticí is déanaí ón Catholic Relief Services go bhfuil méadú de 238% ar dhaonra na hAfraice ó 1980 agus atá anois gar do 200 milliún. Meastar má leanann na treochtaí reatha seo ar aghaidh go mbeidh 24% d’Afracaigh ina gCaitlicigh faoin mbliain 2040.
Tá cuimhní glinne gléineacha agam mar mhisinéir sa Nigéir ar na hócáidí iomadúla gur cothaíodh mo chreideamh féin de thoradh díograise lúcháirí na ndaoine ina raibh mé i mo chónaí. Ba Chincíseach (Pentecostalist) Lasisi, an chomharsa ba ghaire dom, a d’oibrigh mar bhricléir. Bhí sé iontach bheith ag éisteacht leis, bhí sé chomh macánta sin, agus é ag caint faoin meas a bhí aige ar Naomh Treasa ó Avila agus ar an manach Trapach sin, Thomas Merton, a raibh a dhírbheathaisnéis Seven Story Mountain beagnach de ghlanmheabhair aige. Ní dhéanaim dearmad ar Mama Lucy ach an oiread, miontrádálaí, a chuir iontas orm tráthnóntaí Domhnaigh leis an míniú a bhí aici ar an Soiscéal na maidineacha sin. Mhair Lucy ag stracadh leis an saol agus bhí a creideamh múnlaithe ar an saghas saoil sin, ach ma chreideamh é a bhí láidir doimhin, gan mhíthuiscintí, ná aon phioc den fh éintrua. Cosúil leis na mílte eile bhí siad beirt ‘réidh in am ar bith le freagra a thabhairt ar an té a fh iafraíos díobh cé an t-údar atá leis an dóchas sin atá agaibh’ (1Peadar3:15). Bhain spiorad láidir diaganta le gach gné dá saol, a chaith siad taobh istigh agus taobh amuigh den Eaglais. Bhí siad sásta go híomlán le Dia agus le teachtaireacht Dé ach ag an am gcéanna bhí siad cúirtéiseach agus tuisceanach le daoine nár chreid mar a chreid siad.
Soiscéalaithe éifeachtachta ab ea an bheirt acu, trí fh ianaise a saoil féin. Agus mé ag roinnt mo chuid smaointe libh mar fh reagra ar intinní an Phápa Proinsias do mhí Aibreáin is eol dom go maith gur annamh a aithnítear nach rud nua é an soiscéalaíocht d’Ilchríoch na hAfraice. Nár chuir an Afraic fáilte roimh an Leanbh Íosa agus an Teaghlach Naofa nuair a theith siad chun na hÉigipte? Ní foláir go bhfacthas an imeacht suntasach seo mar imeacht thábhachtach i dtús stair na soiscéalaíochta. Ina theannta sin ar lá na Cincíse ba iad Afracaigh a bhí imeasc na ndaoine a chuala aitheasc Pheadair agus a thug an teachtaireacht ar ais chun a dtíortha féin. Tá dul chun cinn do-chreidte déanta i gcraobhscaoileadh an
tSoiscéil san Afraic ó shin. Ach fós tá réimsí ollmhóra den Afraic ann ina bhfuil na milliúin ar thóir na fírinne agus atá dearfa dea-mhéineach i leith theachtaireacht Chríost.
Díreach mar a rinne an Pápa Proinsias a chéad chuairt pápach chun na hAfraice an tSamhain seo caite cuimhnímis chomh maith ar an gcéad Phápa a thaistil ann, Pápa Pól VI, a thug cuairt ar Uganda i mí Iúil 1969. An uair sin d’aithin an Pápa an ról ríthábhachtach a bheadh ag an Afraic ag neartú na hEaglaise Uilechoitinne agus d’aithin sé guth údarach na hEaglaise áitiúla nuair a dúirt sé leis na heaspaig: “Is misinéirí chugaibh féin sibh anois, a mhuintir na hAfraice”. Muidne atá ag obair san Afraic, áfach, is maith is eol dúinn go bhfuil an teachtaireacht Chríostaí ag déileáil le géarchéim féiniúlachta sa domhan iomlán. Le blianta beaga anuas tá gníomhartha uafásacha ag tarlú a chruthaíonn an oiread
sin imní go bhfuil gnáthchreidmhigh, agus fiú díchreidmhigh corraithe de dheasca na fianaise atá ann den bharbarthacht agus den bhrúidiúlacht atá ar siúl anois ag daoine a mhaíonn go bhfuil siad ag obair ar son Dé. In ainneoin na n-uafás atá ag tarlú in ainm Dé áfach, is de thoradh glóir Dé go bhfanann na milliúin Críostaithe Afracacha agus neamh-Chríostaithe dílis, buanseasmhach agus tiomanta do neartú na síochána agus na córa sa teaghlach daonna. Is é an dúshlán atá roimh an Eaglais a chinntiú nach bhfuil frithrá (contradiction) ná coimhlint idir gach a gcreidimid ann agus an tslí a mhairimid, idir conas mar a dhearbhaímid ár gcreideamh agus conas mar a chleachtaímid é i gcomhthéacs na ndúshlán leanúnach inár saol laethúil. Go ndéana Dia ár gcreideamh a neartú i gcónaí, ár ndóchas a chothú agus ár gcroí a líonadh lenA ghrá.
INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA DO MHÍ AIBREÁIN 2016 Críostaithe Afracacha: Go dtuga Críostaithe san Afraic fianaise ar ghrá d’Íosa Críost agus ar chreideamh ann, é sin i gcomhthéacs coimhlint pholaitiúil-reiligiúnach.
Foclóirín: treochtaí = an chaoi a bhfuil rudaí ag bogadh; lúcháir = gairdeas, áthas mór; glinn, gléineach = an soiléir; múnlaithe = cruth curtha air; aitheasc = caint; dea-mhéineach = go cneasta, suáilceach