8 minute read

Im Leabharlann Dom Caillte i gConamara Ian Ó Caoimh An Bhean Feasa Tomás Ó Ceallaigh Sc Ghearóid Iarla, Ailsing, Ceist eile agam ort Scoláirí ó Scoil Caitríona

32

IM LEABHARLANN DOM

Caillte i gConamara

Scéalta Aniar / Lost in Connemara, Stories from the Irish

Arna roghnú ag Brian Ó Conchubhair Cló Iar-Chonnacht

Praghas €15

Léirmheas le: hIan Ó Caoimh

Is iad na cúig ghearrscéal atá sa chnuasach seo: ‘Páidín Mháire’ le Pádraic Ó Conaire (aistrithe ag Diarmuid de Faoite), ‘Beirt Eile’ le Máirtín Ó Cadhain (Louis de Paor agus Lochlann Ó Tuairisg), ‘Na Déithe Luachmhara Deiridh’ le Pádraig Breathnach, (aistrithe ag an údar), ‘Lá Cairde’ le Joe Steve Ó Neachtain (Mícheál Ó hAodha) agus ‘Caillte i gConamara’ le Micheál Ó Conghaile (tiontaithe ag Katherine Duff y). Is san ord sin agus ceann i ndiaidh a chéile a chuirtear i láthair an léitheora iad agus ní ar aghaidh an bhunleagain amach atá na haistriúcháin le léamh ach mar shraith astu féin arb ionann agus dara leath an leabhair iad. Léiriú is ea an méid sin féin nach ar an bhfoghlaimeoir go príomha atá an leabhar dírithe ach ar an duine a mbeadh go leor Gaeilge aige nó aici chun tabhairt faoi na bunleaganacha roimh chromadh ansin ar na leathbhádóirí Béarla (nó an bealach eile timpeall, fi ú).

De bhreis ar na scéalta féin tá réamhrá Bhriain Uí Chonchubhair curtha ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus ní hionann ar fad an méid a deir sé ná na sleachta agus na foinsí a luann sé sa dá leagan. (Cuimhneoidh léitheoirí ar an gcur chuige céanna in An Ghaeilge san Aois Nua / Irish in the New Century le Michael Cronin (Cois Life 2005).) Cén bunús atá lena leithéid? ‘The Quest for Authentic Cultural Experiences in Connemara’ teideal réamhrá an Bhéarla, agus ‘Ababúna Conamara’ atá ar cheann na Gaeilge. Faoi mar nach ionann ar fad aon aistriúchán ar ábhar liteartha mar atá i gcorp an leabhair seo agus an bunleagan óna n-eascraíonn, nod don léitheoir is ea modh Uí Chonchubhair faoin gcaoi ar cheart tabhairt faoin ngaol idir na scéalta Gaeilge agus Béarla – nach é an saothar baileach céanna atá os ár gcomhair siocair é a bheith i dteanga eile, dá chruinne atá an t-aistriúchán. Is minic an ‘Ababúna’ sin i mbéal Chaitríona Pháidín in Cré na Cille agus is faoi scáil an úrscéil sin agus fuarchúis Mháirtín Uí Chadhain atá Caillte i gConamara, nó tá sé mar sprioc leis an leabhar gnáthshaol laethúil an cheantair a chur i láthair gan scáil gan eagla, olc, maith nó measartha. An t-olc atá i dtreis don gcuid is mó. Gearrscéalta traidisiúnta réalaíochais is ea na scéalta seo agus i ngach cás tarlaíonn cor cinniúnach i saol na gcarachtar, ar athrú chun donais a bhíonn ann de ghnáth. Tá níos mó ná scéal amháin anseo ina músclaítear nósmhaireachtaí traidisiúnta nó béaloidis mar bhealach chun déileáil leis an saol atá ag dul i ndoiléire: an caidreamh idir máthair agus mac is cás le Joe Steve Ó Neachtain, cuir i gcás, agus glúin agus dearcadh saoil an tuismitheora a bheith ag síothlú. D’fh éadfaí a rá gur ábhar éadóchais don léitheoir an ghné dhuairc seo a bheith chomh láidir sin sna scéalta ar fad ó iarracht Uí Chonaire i leith, ach os a choinne sin tá léaró éigin sóláis i scéal Phádraic Breathnach ina gceiliúrann an príomhcharachtar liosta de ghnéithe dá saol mar a bheadh liodán ann, geall leis.Ní éiríonn i gcónaí le cnuasaigh a eagraítear ar bhonn téamúil agus is chun tairbhe an bhailiúcháin áirithe seo nach aon téama cúng amháin an snáth ceangail atá idir na hiarrachtaí ann, ach gurb é an réigiún leithleach as a n-eascraíonn na scéalta an rud a nascann iad. Díol suntais go ndeirtear

sa réamhrá Béarla gur scríobhadh na scéalta seo ‘by inhabitants for inhabitants [...] unconcerned with local images, perceptions or tropes.’ Má tá an chuma air sin gur srian le mianach an ábhair nó le huaillmhian na n-údar atá i gceist leis, tá le tuiscint uaidh freisin gur mar gheall ar an raon fócais a bheith chomh logánta ar an gcéad ásc atá rath ar an scríbhneoireacht thar chladaí Chonamara soir amach sa saol máguaird freisin.

An Bhean Feasa

Le Alan Titley Cló Iar-Chonnacht, 2014

Praghas €12

Léirmheas ó: Tomás Ó Ceallaigh

Ní miste a rá ar dtús báire gur sárshaothar litríochta é an leabhar seo. Éacht samhlaíochta amach is amach atá ann gan amhras ar bith. Baineann an leabhar le scéal bhean Éireannach, ar tugadh Goody Glover uirthi, a cuireadh chun báis i mBoston Mheiriceá sa mbliain 1688 agus asarlaíocht curtha ina leith. Ar ndóigh, tharla na cásannaí cliúteacha den saghas céanna i Salem Mheiriceá ceithre bliana níos déanaí. Níl a fh ios againn céard é go baileach an sloinne ceart a bhí uirthi, ach tá muid cinnte ó na foinsí stairiúla gur labhair sí Gaeilge nuair a tugadh os comhair na cúirte í. Tá a fh ios againn leis gur díbríodh as Éirinn í sa bhfh uadach mór a lean concas Chromail nuair a cuireadh na deicheanna mílte Gael mar sclábhaithe chuig na hIndiacha Thiar. Chuile sheans go raibh Béarla ar a toil ag Goody Glover agus gur dhiúltaigh sí é a labhairt sa gcúirt le teann stuaice. Tá go leor faisnéise tagtha aníos chugainn faoin gcás cúirte agus faoi na heachtraí a tharla ina dhiaidh – is léir gur bhain Alan Titley leas as an eolas seo uilig agus é i mbun scríbhneoireachta.

Is éard atá sa leabhar seo ná cuntais ghearra i bhfoirm fi líochta ó dhaoine a raibh baint dhlúth acu le cás Goody Glover . Tá céad cuntas ann ar fad – dhá leathanach an cuntas, i gcoitinne . Agus tú ag plé leis an leabhar seo, tá tú ag dul isteach i réimse an-ard go deo na litríochta – smaoinigh ar leithéid Finnegans Wake le James Joyce, The Four Quartets le TS Eliot nó b’fh éidir ‘Cré na Cille’, sa nGaeilge. Don léitheoir, is saothar dúshlánach é a éilíonn d’aird agus d’fh uinneamh intleachtúil céad fán gcéad. Ní leabhar é seo le haghaidh na trá nó le haghaidh na laethanta saoire in Torremolinos! Friotal neamh-choitianta, fíor-dheacair agus neamh-chaighdeánach uaireanta atá ann ar beagnach gach aon leathanach. Ní mór duit foclóir Uí Dhónaill a bheith in aice leat an t-am uilig, a mhic ó! Amantaí ní mór an chabhair é sin fi ú. Seo roinnt de na focail chaighdeánacha a chuir an léitheoir seo i dtreo an fh oclóra : seamhair,miangais, séite,scumhadh, gliogairnéis, sporadh agus cáidheacha . Tá go leor focal eile ann nach bhfuil ar fáil i saothar Uí Dhónaill ; seo trí shampla : gliobaidí, titibibubhéisteacht(sic !) agus síobhrú. Ná bíodh an méid sin ina chúis d’éinne an leabhar seo a sheachaint ar chor ar bith, áfach – is fi ú go mór do dhúthracht a chaitheamh agus tú ag iomrascáil leis. Maidir leis an eagrán é féin, tá réamhrá an-ghearr ann agus is mór an t-easnamh é nach bhfuil foclóir ná áis ar bith tagartha ann. In ainneoin an cháinte bhig seo, mar a dúradh ag tús an ailt seo, is sár-shaothar litríochta é “An Bhean Feasa”. Ceannaigh é, faigh ar iasacht é, faigh sa leabharlann é ach ar chuma ar bith, léigh é.

34

LÉIRMHEAS

Scoláirí ó Scoil Chaitríona

Is léirmheas é seo ar an leabhar Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi. Is leabhar stairiúil é seo. Is úrscéal é do dhaoine a bhfuil suim acu sa stair, bídís ina ndéagóirí nó ina ndaoine fásta. Tá an t-úrscéal bunaithe ar fh íorscéal, ar Ghearóid Mac Gearailt, an tríú hIarla Dheasumhan ó 1335 in Éirinn.

Thaitin an leabhar go mór linn. Thaitin sé linn mar tá an suim againn sa stair agus go h-áirithe foghlaim faoin tréimhse ina raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na tíre.

Freisin, tá Gaeilge an chruinn agus saibhir le fáil sa leabhar seo ach ar an lámh eile, caithfi dh leibhéal ard Gaeilge a bheith ag an léitheoir ionas go mbeadh siad ábalta í a thuiscint. Dá bhrí sin, bhí orainn go leor úsáide a bhaint as an bhfoclóir agus muid ag léamh. Ar an iomlán thaitin an scéal go mór linn agus d’aontaigh muid gur scéal an-suimiúil é.

Xenia Ní Mheachair & Sophia Ní Dhónaill

Léigh mé an leabhar Aisling nó Iníon A le hÉilís Ní Dhuibhne. Ar an gcéad dul síos, is leabhar drámatúil réadúil é faoi Aisling agus í ag déileáil le ginmhilleadh, rud atá go mór i mbéal an phobail i láthair na huaire. Tá an leabhar seo dírithe ar dhéagóirí agus ar dhaoine fásta mar gheall gur déagóir í an príomhcharachtar agus go bhfuil sí ag iompar clainne.

Is í Aisling an príomhcharachtar sa scéal. Is déagóir í agus tá sí ina cónaí i gCluain Tarbh i mBaile Átha Cliath. Is innealtóir é a h athair agus is captaen loinge é chomh maith, mar sin bíonn sé i gcónaí imar shiúl ó bhaile. Tá a máthair traidisiúnta coimeádach. Tá sé fíor a rá go bhfuil tuismitheoirí Aisling an-dian uirthi mar a bhíonn go leor tuismitheoirí.

Is scéal é faoi Aisling atá ag iompar clainne agus faoina turas go Sasana chun ginmhilleadh a fh áil. Cuireann sé seo ag smaoineamh í faoina saol go dtí seo agus faoina máthair.

Is maith liom an scéal seo mar ceapaim gur scéal suimiúil é. An t aon lucht a bheadh agam air ná go raibh sé saghas deacair do dhéagóirí an teanga a thuiscint ach bhí an scéal an-suimiúil.

Ceist eile agam ort le Fionnuala Cloke.

Níor thaitin an leabhar seo linn toisc go raibh na ceisteanna ródheacair do dhéagóirí. I mo thuairim tá an leabhar seo níos oiriúnaí do dhaoine fásta mar gheall go mbíonn níos mó eolais acu agus gur féidir leo na ceisteanna a fh reagairt. Tá muid i scoil lán Ghaeilge agus labhraíonn, léann agus scríobhann muid i nGaeilge a gach aon lá ach fós féin bhí an Ghaeilge ródheacair. Ní bheadh seans dá laghad ag daltaí nach bhfuil an oiread sin Gaeilge acu linn é a thuiscint. Cheap muid go

raibh na pictiúir sa leabhar go deas mar go bhfuil siad soiléir agus angheal.

Lauryn & Jaideen

Nóta: Shíl muid gur ceart roinnt de na leabhair a chuirtear chugainn a chur chuig daltaí meánscoile le léirmheas a dhéanamh orthu. Lenfar den nós seo agus ba bhreá linn tairiscintí a fháil ó scoileanna léirmheasana gearra a dhéanamh dúinn.

This article is from: