3 minute read

Agallamh le Seán Ó Baoill Katie Mc Greal

Timire Croí na hÓige

MANGAIRE DRUGAÍ NUA AR SEIT ROS NA RÚN

Katie McGreal

Nuair a bhí Seán Ó Baoill ag fás aníos bhreathnaíodh sé go rialta ar an sobaldráma, Ros na Rún agus le breis is bliain anois, tá sé ag aisteoireacht sa dráma céanna.

Ní dhearna sé mórán aisteoireachta sula bhfuair sé an pháirt mar Adam Ó Murchú. Rinne sé ranganna drámaíochta agus é óg agus bhí sé lárnach sna cumainn drámaíochta nuair a bhí sé san ollscoil. Ghlac sé páirt i ngearrscannáin a chairde san ollscoil freisin. Ba é seo an chéad uair dó a bheith ar an teilifís agus is breá leis é.

“Tá mo chroí istigh ann,” a deir sé.

D’fh oghlaim sé an-chuid faoin aisteoireacht, go háirithe ó na haisteoirí eile. Bhain sé ansult as comhairle agus as moltaí a fh áil ó aisteoirí a thaitin go mór leis thar na blianta.

Bhí Adam ar an scáileán go dtí mí na Samhna seo caite agus d’oibrigh Seán le Ros na Rún ar bhonn páirtaimseartha. Tá post lánaimseartha aige mar fh ísiriseoir leis an suíomh Gréasáin, Meon Eile.

Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath anois ach bhí sé lonnaithe i mBéal Feirste go lánaimseartha an chuid is mó den am a raibh sé ag taifead le Ros na Rún. Bhíodh air taisteal ar an mbus ó Bhéal Feirste go dtí an Spidéal do na laethanta taifeadta a bhí air.

Lean sé le hobair Meon Eile le linn na laethanta taifeadta sin freisin. Thaifead sé cúpla físeán faoi Ros na Rún don suíomh. I measc na bhfíseán sin, rinne sé ceann faoi a bheith taobh thiar den cheamara ar seit Ros na Rún. “Bhí sé deacair dearmad a dhéanamh ar an obair,” a deir sé faoi na laethanta taifeadta a bhí aige le Ros na Rún, “Bhí mé ar seit Ros na Rún ag aisteoireacht ar feadh seachtaine uair amháin agus b’in an t-am ab éasca dom fanacht i gcarachtar.” Thaitin an éagsúlacht a bhaineann leis an dá phost go mór leis. Is maith leis a bheith ag déanamh rud difriúil gach lá ach bíonn sé deacair teacht ar scéalta do Meon Eile uaireanta. Bíonn sé ar lorg scéalta suimiúla nach bhfuil aon trácht orthu sna meáin eile.

Is as Loch an Iúir i dTír Chonaill é Seán ó dhúchas. Is maith leis fi lleadh abhaile ar a mhuintir ach ní fh eiceann sé é féin ag dul a chónaí ansin arís.

“Sílim go bhfuil sé róshuaimhneach domsa,” a deir sé, “Is breá liom dul abhaile i gcomhair sosa agus le mo chairde agus mo mhuintir a fh eiceáil ach de réir mar atá an obair ag dul anois ní dóigh liom go

mbeinn in ann fanacht i mo chónaí ann arís.”

Ba bhreá le Seán an aisteoireacht a dhéanamh go lánaimseartha. Tá a chroí istigh sa cheird agus ba bhreá leis an deis a fh áil tuilleadh de a dhéanamh. Fuair sé grianghraif oifi giúla déanta le déanaí agus tá sé ag smaoineamh ar ghníomhaire (agent) a fh áil.

Is mangaire drugaí é Adam, páirt Sheáin. Tháinig sé go Ros na Rún Oíche Shamhna dhá bhliain ó shin mar chara le Evan, mac Bernie atá ar an ollscoil anois. Chuir Adam suim i Niamh, iníon cheannfort an cheantair. Is iarchailín le Evan í freisin agus chuir an caidreamh sin isteach go mór ar Evan.

Cailín soineanta í Niamh agus d’úsáid Adam sin le Niamh a tharraingt i dtreo na ndrugaí agus tá ag éirí go maith leis.

“Níl sé cosúil liom féin ar chor ar bith,” a deir Seán faoi Adam, “Tá sé glic, tá sé drochbhéasach. Is slíomadóir ceart atá ann.” “Is cuma leis faoi gach duine.”

Dá bharr sin, ba charachtar dúshlánach é Adam do Sheán ach thaitin sin go mór leis.

“Mar aisteoir, níl tú ag iarraidh carachtar leadránach atá díreach cosúil leat féin,” a deir sé, “Tá tú ag iarraidh dúshláin.”

COMÓRTAS

Cuirfear cóip de do rogha as na 4 leabhair seo (le lua le d’iontráil) Cá bhfuil Áibil do Dheartháir? An Tiomna Nua & Leabhar na Salm Ár Naomhoidhreacht An Bíobla do Pháistí go dtí an chéad duine a fh reagróidh an cheist seo: Cén áit in Independent na Céadaoine atá Seachtain le fáil?

Freagra ar charta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2 Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: 10 léitheoirí (cóip ag teacht chucu) Freagra: Frank Duff (Proinsias Ó Duibh) Cóipeanna den leabhar Frank Duff (Proinsias Ó Duibh) buaite acu

This article is from: