![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093954-98f08cd7903ec238ea66989860ae4f9b/v1/8a4611adbf0c30df0bfe8e3e0142d9c0.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
3 minute read
Séamus Ó Coirbín Pádraig Standún
Pádraig Standún SEAMUS Ó COIRBÍN
Is duine de bhunadh an lucht siúil in Éirinn é Tyson Fury, seaimpín dornálaíochta trom-mheáchan an domhain faoi láthair. Chuala mé é ag admháil a chreidimh “sa Tiarna Íosa Críost” ar Sky Sports nuair a cuireadh ina leith gur duine é nach raibh meas aige ar mhná, ar dhaoine aeracha, ar Moslamaigh agus eile mar gheall ar rudaí a bhí ráite aige roimhe sin. Dúirt sé go raibh a leithéid in aghaidh a chreidimh agus nach duine de lucht leanúna Íosa Críost a bheadh ann dá mbeadh dearcadh den sórt sin aige. Níor chuala mise céard a bhí raite aige roimhe sin, ach mhaithfi nn roinnt mhaith d’fh ear óg, seacht mbliana fi chid. Tar éis chomh mór is chomh láidir is atá sé, tá sé an-óg agus beidh sé ag foghlaim ón saol.
Le níos mó ná céad bliain anuas bhí an-spéis ag daoine i seaimpíní móra dornálaíochta an tsaoil. Ní fh aca mise athair mór amháin liom ariamh, ach chuala mé go raibh an dornálaí mór le rá Séamus Ó Coirbín, Gentleman Jim Corbett, feicthe beo beathach aige. Ghlac mé leis gan cheist gur i Chicago a tharla sé sin, áit a raibh cónaí ar mo sheanathair sular fh ill sé ar an mbaile dúchais ag tús an chéid seo caite, agus cúpla ceird foghlamtha aige thall, pláisteireacht agus déanamh fearais capaill. Fuair mé amach ina dhiaidh sin gur thug an Coirbíneach taispeántas dornálaíochta i dTeach Ósta sa mbaile beag is gaire dúinn, Baile na Córa, thart ar leath bhealaigh idir Caisleán an Bharraigh agus Balla Álainn. Bhí nós ag iar-sheaimpíni ag an am dúshlán a chur roimh mhuintir na háite lámhainn a leagan orthu sa bhfáinne, rud ar theip ar an bhformhór a dhéanamh. Ní i bhfad ó bhaile ach ar leic an dorais a bhí Gentleman Jim feicthe ag m’athair mór.
Fuair mé amach ina dhiaidh sin go raibh sagart pobail im Ardheoise féin, Tuaim, ar uncail do Gentleman Jim é. Séamus Ó Coirbín a bhí air siúd freisin, agus bhí sé mar shagart pobail i bparóiste Phartraí/Tuar Mhic Éadaigh inar chaith mé féin cúig bliana déag de mo shaol, roimh theacht go Carna dom. Tar éis go raibh an tAthair Ó Coirbín ar shlí na fírinne le beagnach ceithre scór bliain sular shroich mise an paróiste sin, bhí a cháil i mbéal na ndaoine i gcónaí; fear rua corraitheach, deirtear, ach fear é arbh é leas a phobail an chéad chloch ar a phaidrín. Bhronn mac a dhearthár, Gentleman Jim, geata iarainn agus fuinneog dhaite ar an séipéal i bPartraí,
Foclóirín: corraitheach= fuinniúil, bríomhar
Bhí cáil na troda ar an Athair James, ní troid lena dhoirne, ach ag troid le Tiarnaí Talúin i ngach paróiste inar chaith sé seal.
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093954-98f08cd7903ec238ea66989860ae4f9b/v1/adf96ecc53ec8e1def0ab8375653300b.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
agus tá sé ráite freisin gurbh é a d’íoc as as mballa álainn aolchloiche ar thaobh an bhóthair. De réir an tseanchais ní róthógtha a bhí an t-uncail leis de bhrí nach raibh Jim pósta le bean óg a bhí ina chuideachta agus bhris sé le hord an leac chuimhneacháin a ghlac buíochas leis an té a rinne an bronnadh ar an séipéal.
Bhí cáil na troda ar an Athair James Corbett nuair a ceapadh ina shagart pobail i bPartraí agus Tuar Mhic Éadaigh é, ní troid lena dhoirne, ach ag troid le Tiarnaí Talúin i ngach paróiste inar chaith sé seal mar shéiplíneach. B’as ceantar Chill Mheáin dó ó thús agus fuair sé a chuid oiliúna mar shagart i gColáiste na nGael i bPáras. Ba é an tArdeaspag clúiteach, Seán Mac Éil, a d’oirnigh é in 1868. Bhí baint aige leis an gcéad chruinniú de Chonradh na Talúin ar an mBaile Gaelach in 1879 agus bhí sé ina bhall den chraobh áitiúil an chuid eile dá shaol. Bhí sé ar dhuine de na sagairt chróga sin a sheas leis na tionóntaí in am an ghátair, agus maireann a gcáil siúd go dtí an lá atá inniu ann dá bharr sin. Bhí aois mhaith, cúig bliana déag agus trí fi chid, ag an Athair Séamus nuair a cailleadh é ar an gcéad lá den bhliain 1919, ceithre bliana déag roimh Gentleman Jim.