An Timire - Earrach 2016

Page 40

40

Pádraig Standún

SEAMUS Ó COIRBÍN

Is duine de bhunadh an lucht siúil in Éirinn é Tyson Fury, seaimpín dornálaíochta trom-mheáchan an domhain faoi láthair. Chuala mé é ag admháil a chreidimh “sa Tiarna Íosa Críost” ar Sky Sports nuair a cuireadh ina leith gur duine é nach raibh meas aige ar mhná, ar dhaoine aeracha, ar Moslamaigh agus eile mar gheall ar rudaí a bhí ráite aige roimhe sin. Dúirt sé go raibh a leithéid in aghaidh a chreidimh agus nach duine de lucht leanúna Íosa Críost a bheadh ann dá mbeadh dearcadh den sórt sin aige. Níor chuala mise céard a bhí raite aige roimhe sin, ach mhaithfinn roinnt mhaith d’fhear óg, seacht mbliana fichid. Tar éis chomh mór is chomh láidir is atá sé, tá sé an-óg agus beidh sé ag foghlaim ón saol. Le níos mó ná céad bliain anuas bhí an-spéis ag daoine i seaimpíní móra dornálaíochta an tsaoil. Ní fhaca mise athair mór amháin liom ariamh, ach chuala mé go raibh an dornálaí mór le rá Séamus Ó Coirbín, Gentleman Jim Corbett, feicthe beo beathach aige. Ghlac mé leis gan cheist gur i Chicago a tharla sé sin, áit a raibh cónaí ar mo sheanathair sular fhill sé ar an mbaile dúchais ag tús an chéid seo caite, agus cúpla ceird foghlamtha aige thall, pláisteireacht

Timire SPRING 2016.indd 40

agus déanamh fearais capaill. Fuair mé amach ina dhiaidh sin gur thug an Coirbíneach taispeántas dornálaíochta i dTeach Ósta sa mbaile beag is gaire dúinn, Baile na Córa, thart ar leath bhealaigh idir Caisleán an Bharraigh agus Balla Álainn. Bhí nós ag iar-sheaimpíni ag an am dúshlán a chur roimh mhuintir na háite lámhainn a leagan orthu sa bhfáinne, rud ar theip ar an bhformhór a dhéanamh. Ní i bhfad ó bhaile ach ar leic an dorais a bhí Gentleman Jim feicthe ag m’athair mór. Fuair mé amach ina dhiaidh sin go raibh sagart pobail im Ardheoise féin, Tuaim, ar uncail do Gentleman Jim é. Séamus Ó Coirbín a bhí air siúd freisin, agus bhí sé mar shagart pobail i bparóiste Phartraí/Tuar Mhic Éadaigh inar chaith mé féin cúig bliana déag de mo shaol, roimh theacht go Carna dom. Tar éis go raibh an tAthair Ó Coirbín ar shlí na fírinne le beagnach ceithre scór bliain sular shroich mise an paróiste sin, bhí a cháil i mbéal na ndaoine i gcónaí; fear rua corraitheach, deirtear, ach fear é arbh é leas a phobail an chéad chloch ar a phaidrín. Bhronn mac a dhearthár, Gentleman Jim, geata iarainn agus fuinneog dhaite ar an séipéal i bPartraí,

10/02/2016 11:22


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.