4 minute read

EMBRACENI Dónal Ó hÉalaithe

Dónal Ó hÉalaithe EMBRACENI

Fáilte a chur roimh an strainséir

Timpeall fi che bliain ó shin bhí mé ag siúl thar bráid i gcathair Chorcaí nuair a chuala mé: “Go back to your own f…ing country!” B’in deireadh le pé argóint a bhí ar siúl; bhí ar fh ear an dubhchraicinn greadadh leis. Ní dúirt mise focal, agus tá an fh aillí sin beo fós i m’aigne. Ní hé go raibh eagla orm ach nár tháinig focail chuí chugam ag an nóiméad sin. D’fh éadfainn an-chuid rudaí a rá: “Seo é mo thír freisin agus tá fáilte romhat anseo” (ag caint leis an bhfear gorm); “Ní raibh do shinsir anseo i gcónaí, tháinig siad ó thír éigin eile, ní leatsa amháin gach píosa de thalamh na hÉireann” (ag caint leis an dúchasach); “Chaith mise tréimhse san Afraic agus cuireadh fíorchaoin fáilte romham i gcónaí” (ag caint leis an mbeirt). Ach faic ní dúirt mé; theip orm an deis a thapú. Náire, mí-shásta liom féin – sin a mhothaím nuair a thugaim an eachtra seo chun cuimhne.

Sa tréadlitir a d’eisigh an Pápa Proinsias le déanaí deir sé nach leor cur suas le daoine nach bhfuil ar aon chine linn féin nó ar aon chreideamh linn. Tá i bhfad níos mó ná sin ag teastáil más mian linn an tsíocháin agus fi ú an cairdeas a chothú. Caithfi mid dul chun comhrá leis an duine eile; caithfi mid baint éigin a bheith againn leis nó léi; caithfi mid dul as an tslí chun an gaol idir sinn is an strainséir a chothú Ar ndóigh tá an-chuid le rá ag Proinsias maidir leis seo. Is oilithrigh sinn go léir ag gabháil ar aghaidh ar an gconair chéanna, bímis inár Críostaithe nó inár Moslamaigh nó inár n-aindiachaithe – is cuma. Is trua le Proinsias go bhfuil tithe agus comharsanachtaí an lae inniu tógtha chun daoine a dheighilt agus a chosaint óna chéile in ionad gaol agus caidreamh a chothú. Leis an gCríostaí deir sé go mion minic, “téigh amach,” ag iarraidh sprid na misinéireachta a mhúscailt. Tá macalla Mhaois, agus an tor ar lasadh, sa chomhairle a thugann sé dúinn : “Bain do bhróga de do chosa nuair a shatlaíonn tú ar thalamh naofa an duine eile.” Ní mó ná sásta atá sé leis an saghas diagachta a théann ó ríomhaire go ríomhaire mar is é raison d’être na diagachta an soiscéal a chur chun cinn i measc na ndaoine. “Téimis amach.”

Nuair a thagann na dídeanaithe cé a rachaidh i dteagmháil leo? “Bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom.” An mbeidh duine nó grúpa sa limistéar a bheidh sásta fáilte a chur rompu, aithne a chur orthu agus cairdeas a chothú leo go fadtéarmach? Is féidir leis an Stát “aíocht”

Is trua le Proinsias go bhfuil tithe agus comharsanachtaí an lae inniu tógtha chun daoine a dheighilt agus a chosaint óna chéile in ionad gaol agus caidreamh a chothú

a sholáthar dóibh ó thaobh áit chónaithe agus ó thaobh gnáthacmhainní na beatha agus is breá sin; ach tá gá le droichid teagmhála a thógáil idir iad agus muintir na háite. B’fhéidir gur gá le traenáil áirithe chuige seo.

Timpeall deich mbliana ó shin i dTuaisceart na hÉireann bunaíodh eagraíocht ar ar baisteadh EMBRACENI mar ainm uirthi. Seo mar a chuireann EMBRACE síos air féin:

EMBRACE is a group of Christians drawn from different denominations, working together to promote a positive response to people seeking asylum, refugees, migrant workers and people from minority ethnic backgrounds in Northern Ireland. EMBRACE seeks to reflect gospel values and equip the church to fulfil its call to “welcome the stranger” by providing information, training and resource materials, and acting as a channel for practical help to those in need.

Tá an eagraíocht ag dul ó neart go neart. Le cúpla bliain anuas tá cailín ón bPolainn ag obair go lánaimseartha chun aidhmeanna EMBRACE a chur i gcrích. Orthu siúd a thugann maoiniú tá Stormont, na hOird Rialta, na hEaglaisí (Caitlicigh, Eaglais na hÉireann, Preispitéirigh, Meitidistigh) agus raidhse daoine aonair. Cé go bhfuil ballraíocht EMBRACE an-ghafa le dídeanaithe, ní hé aidhm na heagraíochta obair go díreach leo. Is ar dhúchasaigh atá EMBRACE dírithe, ag iarraidh iad siúd a chur ar a n-eolas faoi riachtanais na ndídeanaithe agus ag iarraidh a chur ar a gcumas beart a dhéanamh ar a son féin. Is é an bunsmaoineamh ná fáilte a chur roimh an strainséir in ionad glacadh leis nó léi go drogallach. Eagraítear cruinnithe i bparóistí agus in áiteanna nach iad (“stíl caifé,” go minic) ina bpléitear modhanna agus seifteanna chun aidhmeanna EMBRACE a chur i gcrích. Eisítear bileoigíní eolais agus dlúthdhioscaí - aon tslí in aon chor chun sprid na fáilte a chothú agus an meon a deir “Go back!” a mhaolú.

Foclóirín: aindiachaithe = neamhchreidmhigh, daoine nach gcreideann i nDia; dídeanaithe = daoine a éalaíonn óna dtíortha féin ag iarraidh dídine ; go drogallach = gan díograis

This article is from: