16
Dónal Ó hÉalaithe
EMBRACENI
Fáilte a chur roimh an strainséir
Timpeall fiche bliain ó shin bhí mé ag siúl thar bráid i gcathair Chorcaí nuair a chuala mé: “Go back to your own f…ing country!” B’in deireadh le pé argóint a bhí ar siúl; bhí ar fhear an dubhchraicinn greadadh leis. Ní dúirt mise focal, agus tá an fhaillí sin beo fós i m’aigne. Ní hé go raibh eagla orm ach nár tháinig focail chuí chugam ag an nóiméad sin. D’fhéadfainn an-chuid rudaí a rá: “Seo é mo thír freisin agus tá fáilte romhat anseo” (ag caint leis an bhfear gorm); “Ní raibh do shinsir anseo i gcónaí, tháinig siad ó thír éigin eile, ní leatsa amháin gach píosa de thalamh na hÉireann” (ag caint leis an dúchasach); “Chaith mise tréimhse san Afraic agus cuireadh fíorchaoin fáilte romham i gcónaí” (ag caint leis an mbeirt). Ach faic ní dúirt mé; theip orm an deis a thapú. Náire, mí-shásta liom féin – sin a mhothaím nuair a thugaim an eachtra seo chun cuimhne. Sa tréadlitir a d’eisigh an Pápa Proinsias le déanaí deir sé nach leor cur suas le daoine nach bhfuil ar aon chine linn féin nó ar aon chreideamh linn. Tá i bhfad níos mó ná sin ag teastáil más mian linn an tsíocháin agus fiú an cairdeas a chothú. Caithfimid dul chun comhrá leis an duine eile; caithfimid baint éigin a
Timire SPRING 2016.indd 16
bheith againn leis nó léi; caithfimid dul as an tslí chun an gaol idir sinn is an strainséir a chothú Ar ndóigh tá an-chuid le rá ag Proinsias maidir leis seo. Is oilithrigh sinn go léir ag gabháil ar aghaidh ar an gconair chéanna, bímis inár Críostaithe nó inár Moslamaigh nó inár n-aindiachaithe – is cuma. Is trua le Proinsias go bhfuil tithe agus comharsanachtaí an lae inniu tógtha chun daoine a dheighilt agus a chosaint óna chéile in ionad gaol agus caidreamh a chothú. Leis an gCríostaí deir sé go mion minic, “téigh amach,” ag iarraidh sprid na misinéireachta a mhúscailt. Tá macalla Mhaois, agus an tor ar lasadh, sa chomhairle a thugann sé dúinn : “Bain do bhróga de do chosa nuair a shatlaíonn tú ar thalamh naofa an duine eile.” Ní mó ná sásta atá sé leis an saghas diagachta a théann ó ríomhaire go ríomhaire mar is é raison d’être na diagachta an soiscéal a chur chun cinn i measc na ndaoine. “Téimis amach.” Nuair a thagann na dídeanaithe cé a rachaidh i dteagmháil leo? “Bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom.” An mbeidh duine nó grúpa sa limistéar a bheidh sásta fáilte a chur rompu, aithne a chur orthu agus cairdeas a chothú leo go fadtéarmach? Is féidir leis an Stát “aíocht”
10/02/2016 11:18