![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093954-98f08cd7903ec238ea66989860ae4f9b/v1/231e899c390786144c033b4f03822ef1.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
4 minute read
Scéal an Athar Seán Séamus Ó Murchú
SCÉAL AN ATHAR SEÁN
Séamas Ó Murchú
I mí na Samhna 2014, bhronn an Pápa an teideal Venerabilis ar an Athair Seán Ó Súilleabháin SJ (1861-1933). Sin an dara céim sa phróiseas canónaithe. Próiseas fada diamhair is ea é. Don ghnáthChaitliceach, is leor a thuiscint go bhfuil an tAthair Seán aitheanta anois ag an Eaglais mar dhuine sárnaofa.
Cérbh é an tAthair Seán seo? Nuair a chloisimid trácht ar dtús air is ionadh linn a fh áil amach gur Protastúnach ab ea é i dtosach a shaoil. Ní amháin sin, ach ba dhuine den uasaicme Ghall-Ghaelach é. Bhí a athair, Sir Edward Sullivan, ina Thiarna Seansailéara ar Éirinn, an post dlí ab airde sa tír an uair úd. Caitliceach ab ea a mháthair, Elizabeth Baily, ach tógadh an chlann mhac le creideamh an athar. Iníon amháin a bhí sa chlann agus ceathrar mac.
Mar is léir ón sloinne, bhí sinsir Ghaelacha ag Sir Edward. Bhí a sheanathair, Séamas Ó Súilleabháin, ina mhaor i gCaisleán Mhala. Fear den chosmhuintir ab ea é, ach phós sé cailín Protastúnach agus thógadar a gclann sa chreideamh sin. Bhí siopa mór i Mala ag duine den chlann agus bhí d’acmhainn aige siúd mac leis a chur go dtí Coláiste na Tríonóide. Bé sin Sir Edward.
I Sráid Eccles, i mBaile Átha Cliath, a bhí cónaí ar mhuintir Shúilleabháin nuair a rugadh Seán (1861). Tamall gearr ina dhiaidh sin, d’aistríodar go dtí Plás Mhic Liam ar an taobh theas den Life. Is sa cheantar galánta sin a chaith Seán a óige. Nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois cuireadh é go dtí scoil chónaithe, An Scoil Ríoga in Inis Ceithleann. I ndiaidh na scoile sin, d’fh reastail sé ar Choláiste na Tríonóide, áit ar bhain sé céim amach sna Clasaicí in 1883.
Fuair Sir Edward bás go tobann in 1885 agus gan é ach 63. Go gearr ina dhiaidh sin, d’imigh Seán go Londain chun staidéar a dhéanamh ar an dlí. De réir dealraimh, ní raibh d’aidhm aige sa saol an tráth sin ach gairm beatha a athar a leanúint. Cháiligh sé mar abhcóide agus d’oibrigh sé ar feadh roinnt blianta le comhlacht dlí i Londain. Ach ní raibh a chroí san obair sin, dáiríre. Chaitheadh sé a lán dá chuid aimsire ag taisteal thar lear.
Sa bhliain 1896, tháinig athrú ó bhonn ar shaol Sheáin. Ghlac sé chuige an creideamh Caitliceach, thug sé a chúl le gairm an dlí agus d’fh ill sé abhaile go Baile Átha Cliath. Is cosúil go raibh rún aige a bheith ina shagart beagnach ón
gcéad lá dó ina Chaitliceach. Ach d’fh an sé cúpla bliain sular thóg sé an chéad chéim eile. Ansin, i 1901, ghlac Cumann Íosa leis mar nóibhíseach agus thosaigh sé ar a chúrsa fada staidéir. Bhí sé ar an mbóthar ceart ar deireadh.
Oirníodh Seán ina shagart i mí Iúil 1907. Ceapadh láithreach é mar mhúinteoir Clasaicí i gColáiste Chluain Gabhann i gCo. Chill Dara. Is sa choláiste sin a thug sé an chuid eile dá shaol, taobh amuigh de roinnt blianta i dTigh na nÍosánach i Ráth Fearnáin. De réir a chéile, chuaigh a cháil amach mar shagart an-diaganta. Aon am a bhí saor aige chaitheadh sé ag guí sa séipéal é nó ag dul ar cuairt go dtí daoine breoite. Bhí meas mór ag muintir na tuaithe air. Chreideadar go raibh leigheas aige agus tá a lán fi anaise ann go raibh.
Fuair an tAthair Seán bás i mí Feabhra 1933 tar éis tinnis ghearr. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, thosaigh dalta dá chuid, an tAthair Feargal Mac Craith, ag bailiú eolais ina thaobh i gcomhair ailt. Chuir sé ionadh air an méid litreacha a fuair sé agus an méid daoine go raibh deabhóid acu don Athair Seán cheana féin. Ba léir dó go raibh beathaisnéis iomlán ag teastáil.
Tháinig leabhar an Athar Mac Craith amach in 1941 agus cuireadh an-spéis ann. Chuir sé leagan gearr de ar fáil an bhliain dar gcionn, agus, in 1976, leabhar beag de ‘chuimhní breise’. Scríobhadh trí leabhar eile (ar a laghad) ar shaol an Athar Seán, iad go léir bunaithe, a bheag nó a mhór, ar thaighde an Athar Mac Craith. Murach eisean, b’fh éidir nach mbeadh aon trácht inniu ar an Athair Seán Ó Súilleabháin.
ADMG – do chum Mórghlóir Dé.
Urnaí acu siúd ar mian leo guí le hintinní speisialta trí idirghuí an Athar John Sullivan.
A Dhia, tugann tú onóir dóibh siúd a thugann onóir duitse. Bíodh cuimhne na beannaitheachta ar do shearbhónta, John Sullivan, ach an achainí a dheonú, a dhéanaimidne anois trína idirghuísean: [tabhair chun cuimhne an intinn]. Nára fada uainn an lá go n-ainmneofar eisean ar na naoimh. Trí Chríost ár dTiarna a dhéanaimid ár nguí. Áiméan.
Foclóirín: sárnaofa = beannaithe; abhcóide = post dlí; bhí d’acmhainn aige = bhí go leor airgead aige