An Timire - Earrach 2016

Page 12

12

SCÉAL AN ATHAR SEÁN

Séamas Ó Murchú

I mí na Samhna 2014, bhronn an Pápa an teideal Venerabilis ar an Athair Seán Ó Súilleabháin SJ (1861-1933). Sin an dara céim sa phróiseas canónaithe. Próiseas fada diamhair is ea é. Don ghnáthChaitliceach, is leor a thuiscint go bhfuil an tAthair Seán aitheanta anois ag an Eaglais mar dhuine sárnaofa. Cérbh é an tAthair Seán seo? Nuair a chloisimid trácht ar dtús air is ionadh linn a fháil amach gur Protastúnach ab ea é i dtosach a shaoil. Ní amháin sin, ach ba dhuine den uasaicme Ghall-Ghaelach é. Bhí a athair, Sir Edward Sullivan, ina Thiarna Seansailéara ar Éirinn, an post dlí ab airde sa tír an uair úd. Caitliceach ab ea a mháthair, Elizabeth Baily, ach tógadh an chlann mhac le creideamh an athar. Iníon amháin a bhí sa chlann agus ceathrar mac. Mar is léir ón sloinne, bhí sinsir Ghaelacha ag Sir Edward. Bhí a sheanathair, Séamas Ó Súilleabháin, ina mhaor i gCaisleán Mhala. Fear den chosmhuintir ab ea é, ach phós sé cailín Protastúnach agus thógadar a gclann sa chreideamh sin. Bhí siopa mór i Mala ag duine den chlann agus bhí d’acmhainn aige siúd mac leis a chur go dtí Coláiste na Tríonóide. Bé sin Sir Edward.

Timire SPRING 2016.indd 12

I Sráid Eccles, i mBaile Átha Cliath, a bhí cónaí ar mhuintir Shúilleabháin nuair a rugadh Seán (1861). Tamall gearr ina dhiaidh sin, d’aistríodar go dtí Plás Mhic Liam ar an taobh theas den Life. Is sa cheantar galánta sin a chaith Seán a óige. Nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois cuireadh é go dtí scoil chónaithe, An Scoil Ríoga in Inis Ceithleann. I ndiaidh na scoile sin, d’fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide, áit ar bhain sé céim amach sna Clasaicí in 1883. Fuair Sir Edward bás go tobann in 1885 agus gan é ach 63. Go gearr ina dhiaidh sin, d’imigh Seán go Londain chun staidéar a dhéanamh ar an dlí. De réir dealraimh, ní raibh d’aidhm aige sa saol an tráth sin ach gairm beatha a athar a leanúint. Cháiligh sé mar abhcóide agus d’oibrigh sé ar feadh roinnt blianta le comhlacht dlí i Londain. Ach ní raibh a chroí san obair sin, dáiríre. Chaitheadh sé a lán dá chuid aimsire ag taisteal thar lear. Sa bhliain 1896, tháinig athrú ó bhonn ar shaol Sheáin. Ghlac sé chuige an creideamh Caitliceach, thug sé a chúl le gairm an dlí agus d’fhill sé abhaile go Baile Átha Cliath. Is cosúil go raibh rún aige a bheith ina shagart beagnach ón

10/02/2016 11:18


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.