3 minute read

Ioslámachas & an Dúshlán do Chríostaithe Pádraig Ó Murchú

Pádraig Ó Murchú IOSLÁMACHAS AGUS AN DÚSHLÁN DO CHRÍOSTAITHE NA LINNE SEO

Siar in 1973, bhraith an pobal Ioslámach go raibh rath Dé orthu féin toisc gur bhronn sé an oiread sin ola ar a dtíortha muinteartha féin sa Mheánoirthear. Ansan, in 1979 thosaigh an Ayatolla Khomeini réabhlóid Ioslámach san Iaráin. Bhain sé úsáid as an mosc agus na scoileanna Ioslámacha chun cúl a thabhairt le gach gluaiseacht agus córas beatha ón Iarthar.

Tá gnéithe speisialta ag gabháil le hathbheochan Ioslám le 50 bliain anuas. Tá an bhéim a cuireadh ar chleachtadh pearsanta príobháideach an chreidimh curtha ar ceal. Admhaítear anois gurb é dualgas an stáit reacht agus luachanna Ioslámacha a chothú i measc an phobail. Glacann an gnáthphobal leis sin. Tá daoine bréan den éagóir a dhein deachtóirí riamh orthu. Thar aon ní eile, tá siad bréan den nua-aimsireacht atá á fógairt ag cultúr an Iarthair.

Feiceann Ioslámaigh luachanna ina measc atá ag teacht salach ar a chéile. Dar leo thosaigh an nua-aimsearacht san Iarthar trí chéad bliain ó shin nuair a chuir an réasún agus modh na heolaíochta mistéir ar ceal agus nuair a dúradh go raibh an duine féin i mbun brí a bhaint as an mbeatha le réasún amháin.

Bhí cumas agus mian an duine mar shlat tomhais chun léamh a dhéanamh ar fh orbairt. An t-aon teorainn a bhí tógtha i measc daoine ná nach gcuirfeadh aon mhian isteach ar shaoirse agus ar chearta an duine eile. Dúirt siad gur deineadh dia beag den duine ann féin.

Cé nách séanann an liobrálachas ná an fh ealsúnacht nua-aoiseach sin Dia ná aon chreideamh, tá Ioslám amhrasach mar gheall ar dhuine a deir gur féidir leo féin lánghabháil a dhéanamh ar an bhfírinne agus atá i gcoinne aon pháirt a thabhairt d’aon chreideamh chun cúrsaí sóisialta an phobail a rialú. Deir an dearcadh nua sin gur rud príobháideach é creideamh, fi ú má thugann sé solas, sólás agus cúnamh don duine aonair agus dá theaghlach. Níl aon áit sa saol poiblí do chreideamh, pé acu an margadh, rialtas nó saol sóisialta a bhíonn i gceist.

Ina choinne sin, d’fh ógair an athbheochan Ioslámach gur cheart féachaint ar Dhia agus ar a phlean don saol. Bhí plean dearfa ag Dia chun pobal cóir a bhunú, a stiúradh agus a thabhairt faoi bhláth. Tuigtear dos na hIoslámaigh nach dtagann fi úntas agus forbairt nó go dtagtar ar thuiscint cheart ar phlean Dé don duine. Tá an freagra d’fh adhbanna an tsaoil le fáil sa Chórán, a deir siad.

An chéad ábhar atá le plé san agallamh idir Críostaithe agus Ioslámaigh ná léirmheas criticiúil a dhéanamh ar an nua-aois, ar an liobrálachas, ar pháirt an reasúin sa tsaol agus ar an bplean atá ag

Deir an dearcadh nua sin gur rud príobháideach é creideamh, fi ú má thugann sé solas, sólás agus cúnamh don duine aonair agus dá theaghlach

Dia don duine.

Inniu, tá slua mór teifeach agus lucht iarrtha tearmainn de bhunadh Ioslámach ag plódú go dtí tuaisceart na hEorpa. Pobal féinmhuiníneach Ioslámach i measc phobal Críostaí atá ag meath agus ag dul i léig, toisc go bhfuil cultúr an bháis faoi bhláth ina measc.Tá ráta beireatais na gCríostaithe titithe, cúl á thabhairt acu le gach aon chreideamh agus athmhíniú á dhéanamh acu ar phósadh agus ar an gclann. Chomh maith, tá diúltú glan á dhéanamh d’aon fh írinne oibiachtúil maidir le creideamh agus an saol sóisialta. Ina choinne sin go léir, seasann cinnteacht creidimh na nIoslámach. Tá níos mó ná chreideamh sa Ioslámachas. Idéeolaíocht pholaitiúil atá ann leis, chun an tír nó an domhan mór a rith.

Don bhfíor-Ioslámach, tá a chreideamh le cur i bhfeidhm i measc na gciníocha, nuair atá glacadh le meon agus le cleachtadh an Chóráin. Dáiríre, muna bhfuil aon Dia ann ach Allah agus más é Mahamad a fh áidh, is cinnte go bhfuil

gach creideamh eile falsa ainrialta. Más fíor sin, cén fáth go mbeadh Críostaithe ag súil le tuiscint agus le saoirse i measc lucht an Ioslámachais? Is ball d’Ord na gColmbánach an tAthair Pádraig atá ag obair le fada an lá sa Chóiré. Tá roinnt leabhar scríofa aige, ina measc ‘Misean Mhaigh Nuad chun na Síne 1916-1963’ agus ‘Na Colmbánaigh 1963-2005’, an dá leabhar foilsithe ag FS.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA DO MHÍ AN MHÁRTA, 2016 Críostaithe faoi Ghéarleanúint:Na Críostaithe siúd a bhfuil idirdhealú míchóir agus géarleanúint á n-imirt orthu toisc an chreidimh – go bhfana siad diongbháilte agus dílis don soiscéal, a bhuíochas san d’urnaí gan staonadh na hEaglaise

Foclóirín: Ioslámachas = buncreideamhachas na Moslamach; dúshlán = deacracht le sárú ; idé-eolaíocht = córas machnaimh a rialaíonn saol daoine

This article is from: