8
Pádraig Ó Murchú
IOSLÁMACHAS AGUS AN DÚSHLÁN DO CHRÍOSTAITHE NA LINNE SEO Siar in 1973, bhraith an pobal Ioslámach go raibh rath Dé orthu féin toisc gur bhronn sé an oiread sin ola ar a dtíortha muinteartha féin sa Mheánoirthear. Ansan, in 1979 thosaigh an Ayatolla Khomeini réabhlóid Ioslámach san Iaráin. Bhain sé úsáid as an mosc agus na scoileanna Ioslámacha chun cúl a thabhairt le gach gluaiseacht agus córas beatha ón Iarthar. Tá gnéithe speisialta ag gabháil le hathbheochan Ioslám le 50 bliain anuas. Tá an bhéim a cuireadh ar chleachtadh pearsanta príobháideach an chreidimh curtha ar ceal. Admhaítear anois gurb é dualgas an stáit reacht agus luachanna Ioslámacha a chothú i measc an phobail. Glacann an gnáthphobal leis sin. Tá daoine bréan den éagóir a dhein deachtóirí riamh orthu. Thar aon ní eile, tá siad bréan den nua-aimsireacht atá á fógairt ag cultúr an Iarthair. Feiceann Ioslámaigh luachanna ina measc atá ag teacht salach ar a chéile. Dar leo thosaigh an nua-aimsearacht san Iarthar trí chéad bliain ó shin nuair a chuir an réasún agus modh na heolaíochta mistéir ar ceal agus nuair a dúradh go raibh an duine féin i mbun brí a bhaint as an mbeatha le réasún amháin. Bhí cumas agus mian an duine mar shlat tomhais chun léamh a dhéanamh ar fhorbairt. An t-aon teorainn a bhí tógtha
Timire SPRING 2016.indd 8
i measc daoine ná nach gcuirfeadh aon mhian isteach ar shaoirse agus ar chearta an duine eile. Dúirt siad gur deineadh dia beag den duine ann féin. Cé nách séanann an liobrálachas ná an fhealsúnacht nua-aoiseach sin Dia ná aon chreideamh, tá Ioslám amhrasach mar gheall ar dhuine a deir gur féidir leo féin lánghabháil a dhéanamh ar an bhfírinne agus atá i gcoinne aon pháirt a thabhairt d’aon chreideamh chun cúrsaí sóisialta an phobail a rialú. Deir an dearcadh nua sin gur rud príobháideach é creideamh, fiú má thugann sé solas, sólás agus cúnamh don duine aonair agus dá theaghlach. Níl aon áit sa saol poiblí do chreideamh, pé acu an margadh, rialtas nó saol sóisialta a bhíonn i gceist. Ina choinne sin, d’fhógair an athbheochan Ioslámach gur cheart féachaint ar Dhia agus ar a phlean don saol. Bhí plean dearfa ag Dia chun pobal cóir a bhunú, a stiúradh agus a thabhairt faoi bhláth. Tuigtear dos na hIoslámaigh nach dtagann fiúntas agus forbairt nó go dtagtar ar thuiscint cheart ar phlean Dé don duine. Tá an freagra d’fhadhbanna an tsaoil le fáil sa Chórán, a deir siad. An chéad ábhar atá le plé san agallamh idir Críostaithe agus Ioslámaigh ná léirmheas criticiúil a dhéanamh ar an nua-aois, ar an liobrálachas, ar pháirt an reasúin sa tsaol agus ar an bplean atá ag
10/02/2016 11:18