
4 minute read
Salann na Talún Tomás Ó Fatharta
Tomás Ó Fátharta SALANN NA TALÚN…
Tríocha bliain ó shin, ba fh eirmeoir beag an té a raibh feirm idir fi che cúig agus caoga acra talún aige. Sa lá atá inniu ann, is feirmeoir beag an té ag a bhfuil idir caoga agus a bhfuil céad acra talún aige. Tá caighdeán na talún go hiomlán éagsúil idir deisceart, oirthear and iarthar na tíre. Ní féidir comparáid a dhéanamh idir shaol an fh eirmeora san iarthar le céad acra talún, agus feirmeoir i réigiún eile a bhfuil feirm den mhéid céanna aige. Aon duine a bhí ag feirmeoireacht tríocha bliain ó shin, ar fh eirm idir caoga agus céad acra talún, ba phost lánaimseartha a bhí ann. Bhí an trealamh cuí acu i dtreo na hoibre ar an bhfeirm. Bhí sé seo fíor go háirithe dá mba i ndeisceart nó in oirthear na tíre a bhí siad, de bhrí go raibh caighdeán níos fearr talún sna ceantair sin, i gcomparáid le hiarthar na tíre.
Sa lá atá inniu ann, tá an líon is mó feirmeoirí beaga lonnaithe san iarthar. San iarthar, tá caighdeán na talún lagmheasartha, agus is minic go mbíonn tailte an fh eirmeora scartha amach óna chéile. Cruthaíonn sé seo fadhb ollmhór. Mar gheall ar dhroch-chaighdeán na talún agus tailte scartha óna chéile, is deacair d’fh eirmeoirí a bheith páirteach in earnáil an bhainne - córas atá i bhfad níos luachmhaire. De bharr na gcúinsí seo, tá tromlach na bhfeirmeoirí san iarthar ag brath ar fh eirmeoireacht chaorach agus ar bhó ag tál ar a lao nó ar phéire bó agus níl á shaothrú acu ach ioncam íseal dá bharr.
Tá cúis eile go bhfuil ioncam an-íseal le saothrú as feirmeoireacht chaorach nó as bó dhiúil - an tionchar ollmhór atá ag an earnáil phróiseála agus ag an miondíoltóir ar phraghas an bhia. Ach tá siad fh éin ag éirí níos saibhre gach lá!
Le blianta beaga anuas, bhíodh na feirmeoirí seo ag cur lena gcuid ioncaim le hobair pháirtaimseartha. Is trua le rá, ach sa lá atá inniu ann, níl na deiseanna oibre seo ar fáil amuigh faoin tuath. Tá tromlach na ndeiseanna oibre lonnaithe in oirthear na tíre, tá sé seo ag cur brú mór ar fh eirmeoirí beaga le hioncam íseal. An rud is measa atá ag tarlú ná go bhfuil clann óg na bhfeirmeoirí ag fágáil na tíre ag lorg oibre. Dá bhrí sin, ‘sí an cheist mhór ná cé aige/aici a bheas an talamh sna blianta amach anseo. Ní fh eiceann muid iad siúd atá imithe ar imirce agus post maith acu thar lear, ag fi lleadh ar ais ar fh eirm bheag bhocht amuigh faoin tír. Tá sé le feiceáil cheana féin, go háirithe
Caithfear ról na bhfeirmeoirí beaga a aithint, nuair a bhíonn CAP á phlé.
san iarthar, go bhfuil scoileanna, oifigí poist, stáisiúin ghardaí, óstáin agus siopaí á ndúnadh mar gheall ar easpa daonra. Fiú amháin, tá laghdú ar an gCumann Lúthhleas Gael i gceantracha ina mbídís láidir, de bharr nach bhfuil na daoine óga ann a thuilleadh. Caithfidh roinnt paróistí teacht le chéile chun fiú foireann peile/ iománaíochta amháin a chur chun páirce.
Mar atá luaite thuas, le tríocha bliain anuas, tá sé soiléir go bhfuil na hearnálacha próiseála agus miondíola ag éirí níos saibhre lá in aghaidh lae, agus ag an am céanna is ar éigin a bhíonn an feirmeoir beag in ann maireachtáil. Tá ceist mhór le freagairt againn. An bhfeicfimid deireadh leis an bhfeirmeoir beag sna tríocha bliain amach romhainn, agus traidisiún na feirmeoireachta ag imeacht leis ó ghlúin go glúin, ag imeacht leis? Cuid lárnach de shaol tuaithe na hÉireann ó thús saol í an fheirmeoireacht.
San idirbheartaíocht don Plean Forbartha Tuaithe (CAP), ní raibh riachtanais an fheirmeora óig ar fheirm bheag san iarthar á bplé. Nuair a aontaíodh na moltaí, ní raibh aon deascéal ann dóibh. Níor cheart dár rialtas a bheith chomh neamhchúiseach, drochbhéasach leis na feirmeoirí seo, a oibríonn go crua lá i ndiaidh lae, ar mhaithe lena muintir agus lena gceantair. Nach uafásach an toradh é seo don tír ar fad, sa bhfadtéarma? Is cuid lárnach iad na feirmeoirí beaga i dtionscal na feirmeoireachta agus i dtionscal na hiascaireachta fiú, agus tá ról tábhachtach acu i bhforbairt acmhainní nádúrtha na tíre seo. Caithfear a ról siúd a aithint agus a dhearbhú sa todhchaí nuair a bheidh CAP á phlé. Is ball d’Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann in Oirthear na Gaillimhe é Tomás Ó Fátharta.
INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ AIBREÁIN 2016: Go bhfaighe feirmeoirí beaga cúiteamh cóir ar a gcuid saothair luachmhair.
Foclóirín: Lagmheasartha = suarach go leor; Lao diúil = bó an-óg; Earnáil próiseála = Dream a bhíonn ag ullmhú feola srl; Miondíoltóir = siopadóir; Idirbheartaíocht = plé nó díospóireacht; Neamhchúiseach = gan a bheith buartha