1 minute read

Na Moncaithe agus na hÉisc Gabriel Rosenstock

23 Timire Croí na hÓige

NA MONCAITHE AGUS NA HÉISC

Bhí séasúr na báistí ann agus tuilte ar fud na Tansáine. Chuaigh a lán ainmhithe ar a dteitheadh i dtreo na gcnoc. Tháinig na tuilte chomh tapa sin gur bádh a lán. Níor bádh na moncaithe, áfach, mar bhí siadsan in ann léim in airde ar na crainn in am. D’fhéach siad anuas agus chonaic siad na héisc ag léim as an uisce faoi mar go raibh siad ag baint spraoi as na tuilte go léir.

Arsa moncaí lena chara: ‘Féach orthu, na créatúir. Báfar iad!’

‘Tá an ceart agat,’ arsa an moncaí eile. ‘Níor éirigh leo na cosa a thabhairt leo. Ó féach, sin an fáth – mar nach bhfuil cos ar bith fúthu!’

‘Muise!’ arsa an chéad mhoncaí. ‘Seo linn! Caithfear teacht i gcabhair orthu.’

Síos leo agus sheas siad ar bhruach na habhann. Thosaigh siad ag iascaireacht! Bhí sé deacair breith ar na héisc ach tar éis tamaill d’éirigh leo a lán acu a ghabháil agus iad a leagan ar an bhféar. Is gearr go raibh carn díobh ann ina luí ansin is gan cor astu.

‘Caithfidh go raibh an-tuirse orthu,’ arsa moncaí acu leis an moncaí eile.

‘Caithfidh go raibh.’

Sea, bhí lá maith oibre déanta acu, dar leo féin.

‘Codladh sámh!’ arsa na moncaithe ansin leis na héisc agus ar ais leo i measc ghéaga na gcrann. Sliocht as ‘Óró na Circíní’ agus scéalta eile ón Afraic le Gabriel Rosenstock, le foilsiú amach anseo ag an nGúm.

This article is from: