4 minute read

‘Brooklyn’ agus an éargna Iognáide Aileen Mhic Cionna

Aileen Mhic Cionna DHÁ THÍR, DHÁ GHRÁ, CROÍ AMHÁIN

‘Brooklyn’ agus éargna Iognáide

In ‘Brooklyn’ feicimid an méid cinntí a bhíonn le déanamh ag Eilís Lacey ina saol, bean óg ag obair i siopa i mbaile beag faoin úinéir, “Nettles” Uí Cheallaigh, bean nimhneach fi osrach. Is “I’m away to America!” an bealach gonta ina bhfógraíonn Eilís gur eagraigh a deirfi úr Rose an turas. Fágann “Nettles” í le coinsias ciontach, ag rá go mbeidh Rose fágtha chun aire a thabhairt dá máthair an chuid eile dá saol.

Foghlaimíonn Eilís a céad cheacht faoin saol ó thaistealaí eile a deireann gurb é an botún is mó a rinne sise ná fi lleadh ar a tír dhúchais. Cuireann sí comhairle uirthi, a bhfuil spioradáltacht Iognáide le brath air nuair a mholann di í féin a shíniú amach agus breith ar an saol. “Smaoinigh mar Mheiriceánach agus bíodh a fh ios agat cá bhfuil do thriail”. Is íomhá iontach í nuair a shiúlann Eilís tríd an doras gorm faoi sholas na gréine ag cur tús lena saol nua.

Imíonn an cumha ó Eilís nuair a éiríonn léi socrú isteach i mBrooklyn le cabhair ó shagart Éireannach, an tAth. Flood. Tagann sólás ina saol nuair a bhuaileann sí le Tony i halla rince. I litir go Rose admhaíonn Eilís, cé go raibh a corp i Meiriceá agus a saol fós in Éirinn, go bhfuil sí féin leath bhealaigh trasna an aigéin! Aithnímid an mearbhall a thagann ar Eilís tar éis di buaileadh le clann Iodálach Tony, agus bíonn am agus spás uaithi chun glacadh le comharthaí a ghrá di.

Tamaillín ina dhiaidh sin, tríd an tAth. Flood, faigheann sí amach go bhfuair Rose bás go tobann. Is beag nach mbriseann a croí nuair a chloiseann sí a máthar ar an bhfón: “ Tá gach duine imithe. Níl éinne agam” agus cinneann Eilís fi lleadh ar Éirinn. Deireann sí le Tony: “Cén fáth ar tháinig mé anseo sa chéad áit? Nílim cinnte an bhfuil teach nó teallach agam a thuilleadh.” Ar eagla nach bhfi llfeadh sí, ní shásaíonn tada Tony ach Eilís a phósadh faoi rún, agus taispeánann sé talamh di, áit ina dtógfaidh siad teach agus clann sa todhchaí. Is léir go bhfuil sí ar aistear, gafa idir dhá thrá agus idir dhá thuiscint den ‘teaghlach’.

Chuathas chun comhcheilge chun Eilís a choimeád in Éirinn. Tá a dlúthchara chun pósadh seachtain tar éis an dáta atá beartaithe aici fi lleadh ar Brooklyn. Cuirtear í in aithne do Jim Ó Fearghail, fear singil áitiúil saibhir. Cuirtear brú ar Eilís post a deirféar a ghlacadh. Agus a croí ag éirí níos claonta i bhfábhar a tír dhúchais, fágtar Eilís le tranglam mothúchán, agus ní bhacann sí fi ú le litreacha Tony a léamh. “Dá mbeadh gach rud difriúil...” a deir sí le Rose ag a huaigh. Feictear anseo

Spioradáltacht trí na Scannáin

an bealach go súann éiginnteacht ár bhfuinneamh!

Leag Iognáid de Loyola céimeanna amach maidir le héargna a úsáid le cinntí a dhéanamh. Inniu d’aithneodh sé go bhfuil ‘Sat Nav’ inmheánach ionainn a threoraíonn muid chuig ár bhfírinne féin agus chuig síocháin inmheánach. Is cóir dúinn éisteacht leis agus muinín a chur ann toisc gur ann atá Dia i láthair. Tríd an scannán aithnímid an ghné Iognáideach chéanna: gur fearr éisteacht lenár ‘Sat Nav’ féin, ná le comhairle a thagann ó dhaoine eile. Ach go ró-minic déabaimid cinneadh chun daoine eile a shásamh nó chun a míshástacht a sheachaint. Ag amanna mar seo molann spioradáltacht Iognáide éargna a dhéanamh: An bhfuilim ag fáil sásaimh doimhin as? An ndéanann sé maitheas dom féin agus do dhaoine eile? An gcuireann sé le luach an tsaoil domsa agus do dhaoine eile?

Tá Eilís an-trína chéile leis na dúshláin ar fad atá curtha os a comhair. Faoi dheireadh is le ‘cabhair’ ó “Nettles” go dtagann deireadh leis an mearbhall nuair a deir sise le hEilís go bhfuil a fh ios aici go bhfuil Eilís pósta. Cé a cheapfadh gur trí dhuine mar “Nettles” go bhfaigheadh Eilís léargas agus soiléireacht! (Feidhmíonn Dia i ngach áit!) Cuimhníonn Eilís ar mheon cúng an bhaile bhig ónar éalaigh sé cheana, áit nach féidir aon rún a choimeád faoi cheilt.

Níl réiteach iomlán foirfe le fáil tri éargna a dhéanamh is ní dhéanann sé an saol níos éasca. Ach tig leis ligint don saol nochtadh os comhar ár súl. Tri chleachtadh ár marana a dhéanamh is ár ‘Sat Nav’, ár bhfíor coinsias, a chur le toil

Ar eagla nach bhfi llfeadh sí, ní shásaíonn tada Tony ach Eilís a phósadh faoi rún

Dé, ligeann sé dúinn fás. Cuireann saol Eilís i gcuimhne dúinn nach féidir linn gach trá a fh reastal. De réir mar a ghlacaimid le rud amháin, caithfi mid diúltú do rud eile. Cé go mothaíonn Eilís an-chiontach agus í ag insint dá máthair go bhfuil sí pósta cheana féin, is pian fh iúntach é. Meallann sé Eilís chun ceisteanna a chur uirthi féin faoi a bhfuil cinntí atá déanta aici ina saol. Ceanglaíonn an éargna a dhéanann sí a ceann agus a croí le chéile agus díríonn sí ar an toradh ceart: seolann sí ar ais go Meiriceá faoi shuaimhneas. Is ise an taistealaí a bhfuil an taithí saoil aici an uair seo ag tabhairt tacaíochta agus comhairle do chailín óg eile!

Brooklyn – Leabhar scríbhneoir: Colm Tóibín – Scannán stiúrthóir: John Crowley, Fox Searchlight Pictures (2015)

Foclóirín: cumha = uaigneas; mearbhall = intinn mheasctha; comhcheilg = daoine i gcomhar le chéile go rúnda; tranglam = meascán gan ord; éargna a dhéanamh = (‘to discern’); marana a dhéanamh = smaoineamh go domhain

This article is from: