An Timire - Earrach 2016

Page 4

4

Aileen Mhic Cionna

DHÁ THÍR, DHÁ GHRÁ, CROÍ AMHÁIN ‘Brooklyn’ agus éargna Iognáide

In ‘Brooklyn’ feicimid an méid cinntí a bhíonn le déanamh ag Eilís Lacey ina saol, bean óg ag obair i siopa i mbaile beag faoin úinéir, “Nettles” Uí Cheallaigh, bean nimhneach fiosrach. Is “I’m away to America!” an bealach gonta ina bhfógraíonn Eilís gur eagraigh a deirfiúr Rose an turas. Fágann “Nettles” í le coinsias ciontach, ag rá go mbeidh Rose fágtha chun aire a thabhairt dá máthair an chuid eile dá saol. Foghlaimíonn Eilís a céad cheacht faoin saol ó thaistealaí eile a deireann gurb é an botún is mó a rinne sise ná filleadh ar a tír dhúchais. Cuireann sí comhairle uirthi, a bhfuil spioradáltacht Iognáide le brath air nuair a mholann di í féin a shíniú amach agus breith ar an saol. “Smaoinigh mar Mheiriceánach agus bíodh a fhios agat cá bhfuil do thriail”. Is íomhá iontach í nuair a shiúlann Eilís tríd an doras gorm faoi sholas na gréine ag cur tús lena saol nua. Imíonn an cumha ó Eilís nuair a éiríonn léi socrú isteach i mBrooklyn le cabhair ó shagart Éireannach, an tAth. Flood. Tagann sólás ina saol nuair a bhuaileann sí le Tony i halla rince. I litir go Rose admhaíonn Eilís, cé go raibh a corp i Meiriceá agus a saol fós in Éirinn, go bhfuil sí féin leath bhealaigh trasna an aigéin! Aithnímid an mearbhall a thagann ar Eilís

Timire SPRING 2016.indd 4

tar éis di buaileadh le clann Iodálach Tony, agus bíonn am agus spás uaithi chun glacadh le comharthaí a ghrá di. Tamaillín ina dhiaidh sin, tríd an tAth. Flood, faigheann sí amach go bhfuair Rose bás go tobann. Is beag nach mbriseann a croí nuair a chloiseann sí a máthar ar an bhfón: “ Tá gach duine imithe. Níl éinne agam” agus cinneann Eilís filleadh ar Éirinn. Deireann sí le Tony: “Cén fáth ar tháinig mé anseo sa chéad áit? Nílim cinnte an bhfuil teach nó teallach agam a thuilleadh.” Ar eagla nach bhfillfeadh sí, ní shásaíonn tada Tony ach Eilís a phósadh faoi rún, agus taispeánann sé talamh di, áit ina dtógfaidh siad teach agus clann sa todhchaí. Is léir go bhfuil sí ar aistear, gafa idir dhá thrá agus idir dhá thuiscint den ‘teaghlach’. Chuathas chun comhcheilge chun Eilís a choimeád in Éirinn. Tá a dlúthchara chun pósadh seachtain tar éis an dáta atá beartaithe aici filleadh ar Brooklyn. Cuirtear í in aithne do Jim Ó Fearghail, fear singil áitiúil saibhir. Cuirtear brú ar Eilís post a deirféar a ghlacadh. Agus a croí ag éirí níos claonta i bhfábhar a tír dhúchais, fágtar Eilís le tranglam mothúchán, agus ní bhacann sí fiú le litreacha Tony a léamh. “Dá mbeadh gach rud difriúil...” a deir sí le Rose ag a huaigh. Feictear anseo

10/02/2016 11:18


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.