An Timire - Earrach 2016

Page 1

na hUr na

í

Aspalach t

F���������� Í������� ������� 2016 € 5.00/Stg£3.75

Urraim is Omós do Mhná ■ Cúinne na bhFilí Ó Ghlúin go Glúin ■ Fuil ar an Rós Na Moncaithe is na hÉisc

Timire 016

www.timire.ie

Comóradh 105 bliain a n Ti m ire 19 11–2 an Chroí Ró-naofa

Timire SPRING 2016.indd 1

10/02/2016 11:18


Eagarfh ocal

N

NÁ FÁGAIMIS FAOI NA HÚDARÁIS AMHÁIN É, AR SON GARCHLANN NA GARCHLAINE

uair a bhí Áine ag múineadh staire agus cailín sa rang ag teacht i dtreo 18bl thabharfadh sí an rang ar fad go lár cathrach chun an duine óg a chlárú mar vótóir ar a lá breithe. Ansin isteach chuig caifé leo le haghaidh cupáin chun an ócáid a cheiliúradh. Thuig sí a thábhachtaí atá sé daoine óga a mhisniú chun a nguth a úsáid agus páirt ghníomhach a ghlacadh i sochaí an lae inniu. Anuraidh tháinig cinnirí rialtais le chéile i bPáras le haontú chun srian a chur le ró-théamh an domhain. Ach ní chuirfear na socraithe i bhfeidhm muna dtoilleann an ghnáthdhuine glacadh le srian a chur le síorfhás ár gcaighdeáin beatha. Muna dtoilleann tá níos mó ná baol ann nach mbeidh domhain ann do gharchlann na garchlainne. Tá andúil againn sa ghluaisteán agus sa luas. Is seanduine éinne a thiomáineann ag 60 míle / 100km san uair. Ach spárálann sin costas an pheitril agus laghdaíonn sé an méid dé-ocsaíde carbóin a chuirtear san aer. Dar ndóigh cuirfear fad 15 nóiméad leis an turas

agus tá muid go léir faoi bhrú. Ach cén bhrú a fhágfaidh muid ar gharchlann na garchlainne? Is beag is féidir leis an ngnáthdhuine a dhéanamh as féin amháin. Ach cabhróidh dearcadh agus gníomh pearsanta an ghnáthdhuine le glacadh a fháil do na hathraithe móra atá le cur i ngníomh ag rialtais agus ag comhlachtaí móra idirnáisiúnta má tá domhain slán le bheith againn. Leanfaidh an díospóireacht faoi na cúiseanna atá le róthéamh an domhain. Ach mar a deireann an Pápa, Proinsias i, Laudato Si, ceann acu ná an méid gas atá an cinneadh daona ag cur san atmaisfeár. Fúinne atá glacadh lena ndeireann na heolaithe. Má tá lámh againn i ró-luchtú an atmaisfeár tig le gach duine againn tabhairt faoi gan tuilleadh dochar a dhéanamh. Má tá smaointe agat a léitheoir faoi rudaí beaga gur féidir linn go léir a dhéanamh chun sláinte an domhain cuir chugainn iad agus foilseoidh muid iad ar son garchlann na garchlainne. Frainc Mac Brádaigh SJ

Nóta:

Is mór linn tacaíocht ár léitheoirí. Braitheann an Timire oraibh. Níl aon tacaíocht stáit againn. Sin fáth na bhfógraí. Is oth linn nach leor an teacht isteach faoi láthair, in ainneoin an tacaíochta féile a fuair muid ó léitheoirí anuraidh. Is gá mar sin praghas An Timire a ardú go dtí €5 an chóip agus €20 do tháille na bliana. Mar bheagán cúiteamh tá an lón léitheoireachta méadaithe go 48 lch. Nod don eolach: www.vaticaninsider.com agus www.nationalcatholicreporter.org

Timire SPRING 2016.indd 2

10/02/2016 11:18


TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA

Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh

4 ‘Brooklyn’ agus an éargna Iognáide Aileen Mhic Cionna 6 Ó Ghlúin go Glúin Sorcha Ní Chéilleachar 8 Ioslámachas & an Dúshlán do Chríostaithe Pádraig Ó Murchú 10 Litreacha ón Ath. Seosamh 12 Scéal an Athar Seán Séamus Ó Murchú 14 Lá ‘le Pádraig Liam Ó Cuív 16 EMBRACENI Dónal Ó hÉalaithe 18 Salann na Talún Tomás Ó Fatharta 20 Fianaise ón Aifric Peter Mc Cawille Timire Croí na hÓige 23 Na Moncaithe agus na hÉisc Gabriel Rosenstock 24 Crosfhocal 25 Cuardach Focal 26 Agallamh le Seán Ó Baoill Katie Mc Greal 28 Cúinne na bhFilí Don Teach, 169 Sráid Parnell Áine Ní Mhaoldomhnaigh-Ó Drisceoil Dánta an Phluincéadaigh Gabriel Rosenstock & Seán Mac Cumhaill 32 Im Leabharlann Dom Caillte i gConamara Ian Ó Caoimh An Bhean Feasa Tomás Ó Ceallaigh Sc Ghearóid Iarla, Ailsing, Ceist eile agam ort Scoláirí ó Scoil Caitríona 36 Urraim is Ómós do Mhná Helen Ó Murchú 38 Urnaí agus Soiscéalaíocht Pádraig Ó Maoldúin 40 Séamus Ó Coirbín Pádraig Standún 42 Radharc Gairdín Dónall Ó Cnáimhsí 44 Ag Teacht Chugat Féin M Ó Mathúna 47 Oideas: Anraith Meacán Bán agus Úll Síle Ní Chearbhaill Ar Dheis Dé: Marie Clinton agus An tAth. Gearóid Ó Donnchadha Go soilsí solas síoraí dóibh. Go gcónaí siad sa tsíocháin. Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh

Timire SPRING 2016.indd 3

Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas

Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgead, etc.) scríobh chuig: Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com

B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 462 ISSN: 1649-4466 Le cead eaglasta: 14 Earrach 2016 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí Dearadh: Messenger Publications agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Design Department

Síntiúis Clóbhualadh: Watermans Printers Cóip amháin tríd an bpost: €5.00/Stg£3.75 Limited Go ceann bliana: €20/Stg£15

10/02/2016 11:18


4

Aileen Mhic Cionna

DHÁ THÍR, DHÁ GHRÁ, CROÍ AMHÁIN ‘Brooklyn’ agus éargna Iognáide

In ‘Brooklyn’ feicimid an méid cinntí a bhíonn le déanamh ag Eilís Lacey ina saol, bean óg ag obair i siopa i mbaile beag faoin úinéir, “Nettles” Uí Cheallaigh, bean nimhneach fiosrach. Is “I’m away to America!” an bealach gonta ina bhfógraíonn Eilís gur eagraigh a deirfiúr Rose an turas. Fágann “Nettles” í le coinsias ciontach, ag rá go mbeidh Rose fágtha chun aire a thabhairt dá máthair an chuid eile dá saol. Foghlaimíonn Eilís a céad cheacht faoin saol ó thaistealaí eile a deireann gurb é an botún is mó a rinne sise ná filleadh ar a tír dhúchais. Cuireann sí comhairle uirthi, a bhfuil spioradáltacht Iognáide le brath air nuair a mholann di í féin a shíniú amach agus breith ar an saol. “Smaoinigh mar Mheiriceánach agus bíodh a fhios agat cá bhfuil do thriail”. Is íomhá iontach í nuair a shiúlann Eilís tríd an doras gorm faoi sholas na gréine ag cur tús lena saol nua. Imíonn an cumha ó Eilís nuair a éiríonn léi socrú isteach i mBrooklyn le cabhair ó shagart Éireannach, an tAth. Flood. Tagann sólás ina saol nuair a bhuaileann sí le Tony i halla rince. I litir go Rose admhaíonn Eilís, cé go raibh a corp i Meiriceá agus a saol fós in Éirinn, go bhfuil sí féin leath bhealaigh trasna an aigéin! Aithnímid an mearbhall a thagann ar Eilís

Timire SPRING 2016.indd 4

tar éis di buaileadh le clann Iodálach Tony, agus bíonn am agus spás uaithi chun glacadh le comharthaí a ghrá di. Tamaillín ina dhiaidh sin, tríd an tAth. Flood, faigheann sí amach go bhfuair Rose bás go tobann. Is beag nach mbriseann a croí nuair a chloiseann sí a máthar ar an bhfón: “ Tá gach duine imithe. Níl éinne agam” agus cinneann Eilís filleadh ar Éirinn. Deireann sí le Tony: “Cén fáth ar tháinig mé anseo sa chéad áit? Nílim cinnte an bhfuil teach nó teallach agam a thuilleadh.” Ar eagla nach bhfillfeadh sí, ní shásaíonn tada Tony ach Eilís a phósadh faoi rún, agus taispeánann sé talamh di, áit ina dtógfaidh siad teach agus clann sa todhchaí. Is léir go bhfuil sí ar aistear, gafa idir dhá thrá agus idir dhá thuiscint den ‘teaghlach’. Chuathas chun comhcheilge chun Eilís a choimeád in Éirinn. Tá a dlúthchara chun pósadh seachtain tar éis an dáta atá beartaithe aici filleadh ar Brooklyn. Cuirtear í in aithne do Jim Ó Fearghail, fear singil áitiúil saibhir. Cuirtear brú ar Eilís post a deirféar a ghlacadh. Agus a croí ag éirí níos claonta i bhfábhar a tír dhúchais, fágtar Eilís le tranglam mothúchán, agus ní bhacann sí fiú le litreacha Tony a léamh. “Dá mbeadh gach rud difriúil...” a deir sí le Rose ag a huaigh. Feictear anseo

10/02/2016 11:18


5

Spioradáltacht trí na Scannáin an bealach go súann éiginnteacht ár bhfuinneamh! Leag Iognáid de Loyola céimeanna amach maidir le héargna a úsáid le cinntí a dhéanamh. Inniu d’aithneodh sé go bhfuil ‘Sat Nav’ inmheánach ionainn a threoraíonn muid chuig ár bhfírinne féin agus chuig síocháin inmheánach. Is cóir dúinn éisteacht leis agus muinín a chur ann toisc gur ann atá Dia i láthair. Tríd an scannán aithnímid an ghné Iognáideach chéanna: gur fearr éisteacht lenár ‘Sat Nav’ féin, ná le comhairle a thagann ó dhaoine eile. Ach go ró-minic déabaimid cinneadh chun daoine eile a shásamh nó chun a míshástacht a sheachaint. Ag amanna mar seo molann spioradáltacht Iognáide éargna a dhéanamh: An bhfuilim ag fáil sásaimh doimhin as? An ndéanann sé maitheas dom féin agus do dhaoine eile? An gcuireann sé le luach an tsaoil domsa agus do dhaoine eile? Tá Eilís an-trína chéile leis na dúshláin ar fad atá curtha os a comhair. Faoi dheireadh is le ‘cabhair’ ó “Nettles” go dtagann deireadh leis an mearbhall nuair a deir sise le hEilís go bhfuil a fhios aici go bhfuil Eilís pósta. Cé a cheapfadh gur trí dhuine mar “Nettles” go bhfaigheadh Eilís léargas agus soiléireacht! (Feidhmíonn Dia i ngach áit!) Cuimhníonn Eilís ar mheon cúng an bhaile bhig ónar éalaigh sé cheana, áit nach féidir aon rún a choimeád faoi cheilt. Níl réiteach iomlán foirfe le fáil tri éargna a dhéanamh is ní dhéanann sé an saol níos éasca. Ach tig leis ligint don saol nochtadh os comhar ár súl. Tri chleachtadh ár marana a dhéanamh is ár ‘Sat Nav’, ár bhfíor coinsias, a chur le toil

Ar eagla nach bhfillfeadh sí, ní shásaíonn tada Tony ach Eilís a phósadh faoi rún

Dé, ligeann sé dúinn fás. Cuireann saol Eilís i gcuimhne dúinn nach féidir linn gach trá a fhreastal. De réir mar a ghlacaimid le rud amháin, caithfimid diúltú do rud eile. Cé go mothaíonn Eilís an-chiontach agus í ag insint dá máthair go bhfuil sí pósta cheana féin, is pian fhiúntach é. Meallann sé Eilís chun ceisteanna a chur uirthi féin faoi a bhfuil cinntí atá déanta aici ina saol. Ceanglaíonn an éargna a dhéanann sí a ceann agus a croí le chéile agus díríonn sí ar an toradh ceart: seolann sí ar ais go Meiriceá faoi shuaimhneas. Is ise an taistealaí a bhfuil an taithí saoil aici an uair seo ag tabhairt tacaíochta agus comhairle do chailín óg eile! Brooklyn – Leabhar scríbhneoir: Colm Tóibín – Scannán stiúrthóir: John Crowley, Fox Searchlight Pictures (2015)

Foclóirín: cumha = uaigneas; mearbhall = intinn mheasctha; comhcheilg = daoine i gcomhar le chéile go rúnda; tranglam = meascán gan ord; éargna a dhéanamh = (‘to discern’); marana a dhéanamh = smaoineamh go domhain

Timire SPRING 2016.indd 5

10/02/2016 11:18


6

Sorcha Ní Chéileachair

(Comhbhunaitheoir Tuismitheoirí na Gaeltachta)

Ó GHLÚIN GO GLÚIN...

Bunaíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta sa mbliain 2011 le cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa nGaeltacht nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh. Tá fás agus forbairt tagtha ar an eagraíocht ó shin agus faoi láthair tá os cionn 325 teaghlach i gConamara agus 41 teaghlach i dTír Chonaill ag úsáid na seirbhísí a chuireann muid ar fáil. Tá ionad pobail bunaithe againn ar an gCeathrú Rua ó Mheán Fómhar 2015 agus réimse leathan imeachtaí ar bun ann. Bhí cúis faoi leith le bunú na heagraíochta. Tá athrú ó bhun tagtha ar úsáid na Gaeilge sa phobal Gaeltachta le blianta beaga. Ba é an dúshlán ba mhó a bhí ann san am a caitheadh, an Ghaeilge a mhúineadh do na gasúir arbh é an Béarla a dteanga baile. D’éirigh le gasúir an teanga a fhoghlaim go leibhéal ardchumais, caighdeán a bhí ag teastáil lena gcuid foghlama a dhéanamh sa teanga sin, agus ionas go mbeadh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh lena gcairde a raibh an teanga sealbhaithe ó dhúchas acu. Dúshlán eile a bhí ann, freastal ar an imní a bhí ar thuismitheoirí faoi chaighdeán Bhéarla na gcainteoirí óga dúchais. Bhí an Ghaeilge á labhairt acu

Timire SPRING 2016.indd 6

sa mbaile agus i measc an phobail níos leithne - bhí sí saibhir agus ní raibh aon imní á dhéanamh di. Ach tá an Ghaeltacht athraithe ó bhun. Is pobal dátheangach atá sa Ghaeltacht anois. Ní baol d’fhoghlaim an Bhéarla i measc cainteoirí dúchais. Níl an Ghaeilge chomh forleathan agus a bhí agus níl sé chomh héasca an teanga a mhúineadh don fhoghlaimeoir. Tá tacaíocht fós ag teastáil ón bhfoghlaimeoir, ó na gasúir nach í an Ghaeilge a dteanga bhaile agus tá sé riachtanach é seo a aithint. Ach cad faoi na cainteoirí dúchais? Níl an cainteoir óg dúchais sa mhóramh sa Ghaeltacht níos mó ach amháin i bpobail eisceachtúla. In áit an foghlaimeoir a bheith báite i measc na gcainteoirí dúchais mar a bhíodh, a mhalairt atá ag tarlú sa nGaeltacht sa lá atá inniu ann. Mar thuismitheoirí, is fúinne atá sé cinneadh a dhéanamh faoin teanga a bhíonn in úsáid sa mbaile agus is fúinne atá sé sna blianta tosaigh, sealbhú na teanga seo a chinntiú. Ach ina dhiaidh sin táimid ag brath go mór ar an bpobal (an córas oideachais san áireamh) le go gcinnteofar go sealbhóidh ár ngasúir teanga go leibhéal cumais an

10/02/2016 11:18


7

Níl an cainteoir óg dúchais sa mhóramh sa Ghaeltacht níos mó, ach amháin i bpobail eisceachtúla

chainteora dhúchais. ‘Sé an chéad sprioc a leag muid síos ná gréasán de theaghlaigh a chruthú, a bheadh in ann tacaíocht a thabhairt dá chéile. Chuir muid romhainn mar phríomh aidhm ón tús, ócáidí sóisialta a eagrú don teaghlach uilig, rud a thagann le ráiteas misin na heagraíochta ‘Comhluadar Gaeilge do Theaghlaigh i gConamara’. Bíonn na hócáidí seo nó ‘Siamsán na nÓg’ mar a thugann muid orthu, á reáchtáil in ionaid éagsúla ar fud Chonamara. Theastaigh uainn dóchas agus muinín (iontu féin agus sa teanga) a spreagadh san aos óg freisin, rud a léirítear i manna na heagraíochta ‘Is Muide an Chéad Ghlúin Eile’. Cuireann Tuismitheoirí na Gaeltachta romhainn, tearmann teanga

a chruthú ag ócáidí uile na heagraíochta. Seo an múnla atá aitheanta agus molta ag saineolaithe pleanála teanga le sealbhú teanga a chinntiú. Tearmann sábháilte, gan aon bhrú ná tionchar ó theangacha eile, is tearmann teanga é a thugann deis do na gasúir iad féin a chur i láthair go hiomlán, gan aon bhagairt, ina dteanga dhúchais. Cothaíonn sé seo muinín sna páistí astu féin mar chainteoirí dúchais. Is ar bhonn deonach a fheidhmíonn an coiste agus níl aon duine fostaithe le cúrsaí na heagraíochta a riaradh. Ach mar sin féin, is léir go bhfuil éileamh ann dá leithéid d’eagraíocht, agus don tacaíocht a chuirtear ar fáil dá réir. Tá súil againn gur mar sin a leanfaidh cúrsaí agus go mbeidh rath in ann dúinn san am atá le teacht.

INTINN UILÍOCH DO MHÍ AN MHÁRTA, 2016 Go bhfaighe teaghlaigh atá i ngátar an tacaíocht is gá dóibh, agus go bhfása páistí aníos in áit a bhfuil an saol mórthimpeall orthu sábháilte agus siochánta Foclóirín: gasúir = páistí; sealbhaithe = fréamhaithe nó foghlamtha go maith; dúshlán = rud a d’fhéadfadh a bheith deacair a dhéanamh; sprioc = aidhm; gréasán = líonra nó eangach; muinín = iontaoibh; tearmann = áit slán; deonach =gan pá

Timire SPRING 2016.indd 7

10/02/2016 11:18


8

Pádraig Ó Murchú

IOSLÁMACHAS AGUS AN DÚSHLÁN DO CHRÍOSTAITHE NA LINNE SEO Siar in 1973, bhraith an pobal Ioslámach go raibh rath Dé orthu féin toisc gur bhronn sé an oiread sin ola ar a dtíortha muinteartha féin sa Mheánoirthear. Ansan, in 1979 thosaigh an Ayatolla Khomeini réabhlóid Ioslámach san Iaráin. Bhain sé úsáid as an mosc agus na scoileanna Ioslámacha chun cúl a thabhairt le gach gluaiseacht agus córas beatha ón Iarthar. Tá gnéithe speisialta ag gabháil le hathbheochan Ioslám le 50 bliain anuas. Tá an bhéim a cuireadh ar chleachtadh pearsanta príobháideach an chreidimh curtha ar ceal. Admhaítear anois gurb é dualgas an stáit reacht agus luachanna Ioslámacha a chothú i measc an phobail. Glacann an gnáthphobal leis sin. Tá daoine bréan den éagóir a dhein deachtóirí riamh orthu. Thar aon ní eile, tá siad bréan den nua-aimsireacht atá á fógairt ag cultúr an Iarthair. Feiceann Ioslámaigh luachanna ina measc atá ag teacht salach ar a chéile. Dar leo thosaigh an nua-aimsearacht san Iarthar trí chéad bliain ó shin nuair a chuir an réasún agus modh na heolaíochta mistéir ar ceal agus nuair a dúradh go raibh an duine féin i mbun brí a bhaint as an mbeatha le réasún amháin. Bhí cumas agus mian an duine mar shlat tomhais chun léamh a dhéanamh ar fhorbairt. An t-aon teorainn a bhí tógtha

Timire SPRING 2016.indd 8

i measc daoine ná nach gcuirfeadh aon mhian isteach ar shaoirse agus ar chearta an duine eile. Dúirt siad gur deineadh dia beag den duine ann féin. Cé nách séanann an liobrálachas ná an fhealsúnacht nua-aoiseach sin Dia ná aon chreideamh, tá Ioslám amhrasach mar gheall ar dhuine a deir gur féidir leo féin lánghabháil a dhéanamh ar an bhfírinne agus atá i gcoinne aon pháirt a thabhairt d’aon chreideamh chun cúrsaí sóisialta an phobail a rialú. Deir an dearcadh nua sin gur rud príobháideach é creideamh, fiú má thugann sé solas, sólás agus cúnamh don duine aonair agus dá theaghlach. Níl aon áit sa saol poiblí do chreideamh, pé acu an margadh, rialtas nó saol sóisialta a bhíonn i gceist. Ina choinne sin, d’fhógair an athbheochan Ioslámach gur cheart féachaint ar Dhia agus ar a phlean don saol. Bhí plean dearfa ag Dia chun pobal cóir a bhunú, a stiúradh agus a thabhairt faoi bhláth. Tuigtear dos na hIoslámaigh nach dtagann fiúntas agus forbairt nó go dtagtar ar thuiscint cheart ar phlean Dé don duine. Tá an freagra d’fhadhbanna an tsaoil le fáil sa Chórán, a deir siad. An chéad ábhar atá le plé san agallamh idir Críostaithe agus Ioslámaigh ná léirmheas criticiúil a dhéanamh ar an nua-aois, ar an liobrálachas, ar pháirt an reasúin sa tsaol agus ar an bplean atá ag

10/02/2016 11:18


9

Deir an dearcadh nua sin gur rud príobháideach é creideamh, fiú má thugann sé solas, sólás agus cúnamh don duine aonair agus dá theaghlach

Dia don duine. Inniu, tá slua mór teifeach agus lucht iarrtha tearmainn de bhunadh Ioslámach ag plódú go dtí tuaisceart na hEorpa. Pobal féinmhuiníneach Ioslámach i measc phobal Críostaí atá ag meath agus ag dul i léig, toisc go bhfuil cultúr an bháis faoi bhláth ina measc.Tá ráta beireatais na gCríostaithe titithe, cúl á thabhairt acu le gach aon chreideamh agus athmhíniú á dhéanamh acu ar phósadh agus ar an gclann. Chomh maith, tá diúltú glan á dhéanamh d’aon fhírinne oibiachtúil maidir le creideamh agus an saol sóisialta. Ina choinne sin go léir, seasann cinnteacht creidimh na nIoslámach. Tá níos mó ná chreideamh sa Ioslámachas. Idéeolaíocht pholaitiúil atá ann leis, chun an tír nó an domhan mór a rith. Don bhfíor-Ioslámach, tá a chreideamh le cur i bhfeidhm i measc na gciníocha, nuair atá glacadh le meon agus le cleachtadh an Chóráin. Dáiríre, muna bhfuil aon Dia ann ach Allah agus más é Mahamad a fháidh, is cinnte go bhfuil

gach creideamh eile falsa ainrialta. Más fíor sin, cén fáth go mbeadh Críostaithe ag súil le tuiscint agus le saoirse i measc lucht an Ioslámachais? Is ball d’Ord na gColmbánach an tAthair Pádraig atá ag obair le fada an lá sa Chóiré. Tá roinnt leabhar scríofa aige, ina measc ‘Misean Mhaigh Nuad chun na Síne 1916-1963’ agus ‘Na Colmbánaigh 1963-2005’, an dá leabhar foilsithe ag FS.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA DO MHÍ AN MHÁRTA, 2016 Críostaithe faoi Ghéarleanúint:Na Críostaithe siúd a bhfuil idirdhealú míchóir agus géarleanúint á n-imirt orthu toisc an chreidimh – go bhfana siad diongbháilte agus dílis don soiscéal, a bhuíochas san d’urnaí gan staonadh na hEaglaise Foclóirín: Ioslámachas = buncreideamhachas na Moslamach; dúshlán = deacracht le sárú ; idé-eolaíocht = córas machnaimh a rialaíonn saol daoine

Timire SPRING 2016.indd 9

10/02/2016 11:18


10

Litreacha ón Ath. Seosamh A léitheoirí a chairde, Anseo tá dhá litir a fuair muid an bhliain seo caite ón Ath. Seosamh Ó Mealláin SJ, mac le Michéal Ó Mealláin a cuireadh chun báis an 8ú lá de Bhealtaine 1916. In Hong Kong atá sé ó 1949. Go dtuga Dia sláinte agus saol dó. F Mac B. 17 Aibreán 2015 Is mór atá mé faoi chomaoin agaibh de bhrí go gcuireann sibh eagráin den Timire chugam chomh tráthúil gach séasúr sa bhliain leis an oiread sin de bhlianta anuas. Is oth liom a chloisteáil an Timire a bheith i mbaol an deontas úd a chailliúnt sar i bhfad. Bris oraibh é, cinnte, go háirithe ó tá an Timire atá sé á fhoilsiú le fada. Atá mé féin sa riocht céanna is a bhí Raifteirí File “… pócaí folamha ...” sa dán a chum sé. Maith an rud é go bhfuil Seán Ó Cearbhalláin in ann dréachtaí a sholáthar daoibh ón taobh seo den domhan ó am go ham. Le mórhmeas agus le beannacht Dé, Seosamh Ó Mealláin SJ 21 Bealtaine 2015 A Athar Frainc, a chara Ba den chineáltas uait é an litir úd a chuir tú chugam, go háirithe ó scríobh tú ar an 8ú lá deBhealtaine í. Fíorbhuidheach mé. Is mairg nach féidir liom tacaíocht le scríobhadh pinn a sholáthar – seachas An Timire a léigheamh … fágaim é sin i lámhaibh Sheáin Uí Chearbhalláin. Chaitheas féin trí bliana i gColáiste Iognáid, Gaillimh 1940-43. In 1948, aniar linn suas go dtí Canton nó gur ruaigeadh amach muid in 1949 - Níor mhór teanga na háite Cantainis a tharraingt chugainn. Níor dhóigh liom go leigfeadh aon eitleán mé a shuidhe in aon áit ach ‘storage’. Ní chuirfear árachas ar thaisteal dom. Deich mbliana ó shoin diúltaigheadh sin dom. Go gcuirí Dia rath is beannacht ort féin agus ar do chuid oibre. Seosamh Ó Mealláin SJ

TEARMANN

Do phaidir laethúil ar líne www.tearmann.com Ar bhain tú triail as go fóill?

Timire SPRING 2016.indd 10

10/02/2016 11:18


Timire SPRING 2016.indd 11

11

10/02/2016 11:18


12

SCÉAL AN ATHAR SEÁN

Séamas Ó Murchú

I mí na Samhna 2014, bhronn an Pápa an teideal Venerabilis ar an Athair Seán Ó Súilleabháin SJ (1861-1933). Sin an dara céim sa phróiseas canónaithe. Próiseas fada diamhair is ea é. Don ghnáthChaitliceach, is leor a thuiscint go bhfuil an tAthair Seán aitheanta anois ag an Eaglais mar dhuine sárnaofa. Cérbh é an tAthair Seán seo? Nuair a chloisimid trácht ar dtús air is ionadh linn a fháil amach gur Protastúnach ab ea é i dtosach a shaoil. Ní amháin sin, ach ba dhuine den uasaicme Ghall-Ghaelach é. Bhí a athair, Sir Edward Sullivan, ina Thiarna Seansailéara ar Éirinn, an post dlí ab airde sa tír an uair úd. Caitliceach ab ea a mháthair, Elizabeth Baily, ach tógadh an chlann mhac le creideamh an athar. Iníon amháin a bhí sa chlann agus ceathrar mac. Mar is léir ón sloinne, bhí sinsir Ghaelacha ag Sir Edward. Bhí a sheanathair, Séamas Ó Súilleabháin, ina mhaor i gCaisleán Mhala. Fear den chosmhuintir ab ea é, ach phós sé cailín Protastúnach agus thógadar a gclann sa chreideamh sin. Bhí siopa mór i Mala ag duine den chlann agus bhí d’acmhainn aige siúd mac leis a chur go dtí Coláiste na Tríonóide. Bé sin Sir Edward.

Timire SPRING 2016.indd 12

I Sráid Eccles, i mBaile Átha Cliath, a bhí cónaí ar mhuintir Shúilleabháin nuair a rugadh Seán (1861). Tamall gearr ina dhiaidh sin, d’aistríodar go dtí Plás Mhic Liam ar an taobh theas den Life. Is sa cheantar galánta sin a chaith Seán a óige. Nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois cuireadh é go dtí scoil chónaithe, An Scoil Ríoga in Inis Ceithleann. I ndiaidh na scoile sin, d’fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide, áit ar bhain sé céim amach sna Clasaicí in 1883. Fuair Sir Edward bás go tobann in 1885 agus gan é ach 63. Go gearr ina dhiaidh sin, d’imigh Seán go Londain chun staidéar a dhéanamh ar an dlí. De réir dealraimh, ní raibh d’aidhm aige sa saol an tráth sin ach gairm beatha a athar a leanúint. Cháiligh sé mar abhcóide agus d’oibrigh sé ar feadh roinnt blianta le comhlacht dlí i Londain. Ach ní raibh a chroí san obair sin, dáiríre. Chaitheadh sé a lán dá chuid aimsire ag taisteal thar lear. Sa bhliain 1896, tháinig athrú ó bhonn ar shaol Sheáin. Ghlac sé chuige an creideamh Caitliceach, thug sé a chúl le gairm an dlí agus d’fhill sé abhaile go Baile Átha Cliath. Is cosúil go raibh rún aige a bheith ina shagart beagnach ón

10/02/2016 11:18


13

Aon am a bhí saor aige chaitheadh sé ag guí sa séipéal é nó ag dul ar cuairt go dtí daoine breoite gcéad lá dó ina Chaitliceach. Ach d’fhan sé cúpla bliain sular thóg sé an chéad chéim eile. Ansin, i 1901, ghlac Cumann Íosa leis mar nóibhíseach agus thosaigh sé ar a chúrsa fada staidéir. Bhí sé ar an mbóthar ceart ar deireadh. Oirníodh Seán ina shagart i mí Iúil 1907. Ceapadh láithreach é mar mhúinteoir Clasaicí i gColáiste Chluain Gabhann i gCo. Chill Dara. Is sa choláiste sin a thug sé an chuid eile dá shaol, taobh amuigh de roinnt blianta i dTigh na nÍosánach i Ráth Fearnáin. De réir a chéile, chuaigh a cháil amach mar shagart an-diaganta. Aon am a bhí saor aige chaitheadh sé ag guí sa séipéal é nó ag dul ar cuairt go dtí daoine breoite. Bhí meas mór ag muintir na tuaithe air. Chreideadar go raibh leigheas aige agus tá a lán fianaise ann go raibh. Fuair an tAthair Seán bás i mí Feabhra 1933 tar éis tinnis ghearr. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, thosaigh dalta dá chuid, an tAthair Feargal Mac Craith, ag bailiú eolais ina thaobh i gcomhair ailt. Chuir sé ionadh air an méid litreacha a fuair sé agus an méid daoine go raibh deabhóid acu don Athair Seán cheana féin. Ba léir dó go raibh beathaisnéis iomlán ag teastáil.

Tháinig leabhar an Athar Mac Craith amach in 1941 agus cuireadh an-spéis ann. Chuir sé leagan gearr de ar fáil an bhliain dar gcionn, agus, in 1976, leabhar beag de ‘chuimhní breise’. Scríobhadh trí leabhar eile (ar a laghad) ar shaol an Athar Seán, iad go léir bunaithe, a bheag nó a mhór, ar thaighde an Athar Mac Craith. Murach eisean, b’fhéidir nach mbeadh aon trácht inniu ar an Athair Seán Ó Súilleabháin. ADMG – do chum Mórghlóir Dé. Urnaí acu siúd ar mian leo guí le hintinní speisialta trí idirghuí an Athar John Sullivan. A Dhia, tugann tú onóir dóibh siúd a thugann onóir duitse. Bíodh cuimhne na beannaitheachta ar do shearbhónta, John Sullivan, ach an achainí a dheonú, a dhéanaimidne anois trína idirghuísean: [tabhair chun cuimhne an intinn]. Nára fada uainn an lá go n-ainmneofar eisean ar na naoimh. Trí Chríost ár dTiarna a dhéanaimid ár nguí. Áiméan.

Foclóirín: sárnaofa = beannaithe; abhcóide = post dlí; bhí d’acmhainn aige = bhí go leor airgead aige

Timire SPRING 2016.indd 13

10/02/2016 11:18


14

Liam Ó Cuiv

MISNEACH AN CHREIDIMH

“an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m’ainmse, .........tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóibh.” Ar ócáid mar seo, agus féile Aspail Éireann á cheiliúradh againn, ní foláir dúinn ceist a chur orainn féin: Cad atá le rá ag Pádraig Naofa linne san aois seo? Níl aimsithe againn ach dhá scríbhinn de chuid an naoimh: an Confessio, Mise Pádraig ina léiríonn sé an glaoch a fuair sé ó Dhia agus a chuid saothair, agus an Epistola, an litir chuig Coroticus, a bhí ina thaoiseach ar bhuíon saighdiúirí a rinne scrios in Éirinn le linn thitim Impireacht na Róimhe sa Bhreatain Mhór. Tugann Pádraig aghaidh sa litir chuig Coroticus ar eachtra a tharla sa 5ú haois. Is amhlaidh a rinne creachadóirí ón mBreatain léirscrios ar Éirinn gur mharaigh siad fir agus mná, agus gur thóg siad daoine eile ina mbraighdeanaigh, agus Críostaithe a bhí nuabhaiste ag Pádraig féin ina meascsan. Theastaigh ó Phádraig náire, uamhan, eagla agus aithrí a mhúscailt i gcroí Coroticus a bhí páirteach sa léirscrios, san fhuadach agus sa dúnmharú, in ainneoin é a bheith ina bhall den Eaglais.

Timire SPRING 2016.indd 14

Tá sé soiléir go raibh Pádraig ar an eolas faoin eachtra. An lá dar gcionn seolann sé sagart a raibh an-mhuinín aige as agus cléireach eile ina theannta le litir uaidh ag iarraidh go saorfaí na nua-chríostaithe a bhí gafa acu. Ní raibh de thoradh ar a n-iarracht ach gur deineadh magadh fúthu. Bhí an creideamh a mhúin Naomh Pádraig dúinn bunaithe ar an Tríonóid Naofa. De réir an teagaisc sin, creidimid go bhfuil dlúthbhaint againn leis an Tríonóid Naofa ar neamh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh, agus gur deartháireacha agus deirfiúracha sinn i gCorp Chríost. Dar le Pádraig, na daoine a rinne na feillbhearta sin, scar siad iad féin óna gcomhCríostaithe agus ó Chríost. Deir Pádraig go síothlófar ó láthair an Tiarna iad siúd a dhéaneann mná, a raibh an baiste faighte acu, a roinnt mar bhronntanais ar mhaithe le ríocht suarach saolta nach maireann ach nóiméad agus atá mar scamall nó mar deatach a scaiptear leis an ngaoith. Tugann an litir chuig Coroticus chun cuimhne eachtraí atá ag titim amach sa lá atá inniu ann. Ag machnamh dúinn ar a bhfuil sa litir seo cuireann sé i gcuimhne dúinn a bhfuil ráite agus scríofa ag an bPápa Proinsias. Is minic le déanaí go

10/02/2016 11:18


15

Cá bhfuil do dheartháir nó do dheirfiúr atá ina dhaor?

bhfuil a ghuth ardaithe ag an bPápa chun sclábhaíocht nua na haimsire seo, an gháinneáil a cháineadh. Fiú sular toghadh ina Phápa é agus é ina Ardeaspag ar Buenos Aires dúirt sé, in ionad a bheith curtha ar ceal, go raibh an sclábhaíocht coitianta inniu mar go raibh mná á ngabháil chun droch-úsáid a bhaint astu agus go raibh a maorgacht á scrios. Scríobhann an Pápa ina imlitir Evangelii Gaudium mar chosaint dóibh siúd atá leochaileach: “Goilleann sé go mór orm an cruachás ina mbíonn daoine go ndéantar gáinneáil orthu. Is é mo ghuí go gcloisfeadh gach uile dhuine againn glór Dé á rá: ‘Cá bhfuil do bhráthair?’ (Gein 4:9) Cá bhfuil do dheartháir nó do dheirfiúr atá ina dhaor? Cá bhfuil an deartháir agus an deirfiúr atá á marú agat gach lá sa mhonarcha bheag rúin, i gcóras an striapachais, sna páistí a mbaineann tú éadáil astu ag déircínteacht, an té nach mór dó a bheith ag obair faoi rún mar nach bhfuil na páipéirí cearta aige? Ná bímis ag ligean orainn...Is ceist í do chách!” (211) Ba ar chothrom an lae seo, 17 Márta na bliana 2014, a síneadh conradh sa Vatacáin an Global Freedom Network,

chun deireadh a chur leis an sclábhaíocht agus leis an ngáinneáil. Ag tús na bliana seo mhol an Pápa an méid oibre a dhéanann comhthionóil rialta - go mór mór mná – chun aghaidh a thabhairt air seo. Ba chóir dúinn bheith an-bhródúil go bhfuil mná na hÉireann ina measc. Ba é Pádraig Naofa a shaothraigh chun deamhain na sclábhaíochta a chloí. Ní raibh eagla air nathracha nimhe na haoise a láimhseáil. An grá Dé agus an chrógacht a bhí ann, stiúir siad é chun a dhícheall a dhéanamh ar son mhuintir na tíre seo fadó.Tá an grá céanna á nochtadh sa tír seo inniu, mar shampla iontu siúd a bhunaigh agus a reáchtaíonn Ruhama ar son na mban a bhfuil cabhair agus cosaint faoi leith ag teastáil uathu lenár linn. Ná habraimis, “Ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.” Tá cabhair ó neamh trí idirghuí Phádraig ar fáil dúinn chun leanaí agus mná a chosaint. A Phádraig, a chuala guth na nGael ag impí ort filleadh ar ais, agus a las an creideamh inár gcroí, tar i gcabhair orainn arís. Seanmóir é seo a thug an tAthair Liam Ó Cuív san Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath Lá Fhéile Pádraig 2015.

Foclóirín: gáinneáil = ‘trafficeáil’; fuadach = duine nó rud a ghabháil is a thabhairt leat; maorgacht = dínit

Timire SPRING 2016.indd 15

10/02/2016 11:18


16

Dónal Ó hÉalaithe

EMBRACENI

Fáilte a chur roimh an strainséir

Timpeall fiche bliain ó shin bhí mé ag siúl thar bráid i gcathair Chorcaí nuair a chuala mé: “Go back to your own f…ing country!” B’in deireadh le pé argóint a bhí ar siúl; bhí ar fhear an dubhchraicinn greadadh leis. Ní dúirt mise focal, agus tá an fhaillí sin beo fós i m’aigne. Ní hé go raibh eagla orm ach nár tháinig focail chuí chugam ag an nóiméad sin. D’fhéadfainn an-chuid rudaí a rá: “Seo é mo thír freisin agus tá fáilte romhat anseo” (ag caint leis an bhfear gorm); “Ní raibh do shinsir anseo i gcónaí, tháinig siad ó thír éigin eile, ní leatsa amháin gach píosa de thalamh na hÉireann” (ag caint leis an dúchasach); “Chaith mise tréimhse san Afraic agus cuireadh fíorchaoin fáilte romham i gcónaí” (ag caint leis an mbeirt). Ach faic ní dúirt mé; theip orm an deis a thapú. Náire, mí-shásta liom féin – sin a mhothaím nuair a thugaim an eachtra seo chun cuimhne. Sa tréadlitir a d’eisigh an Pápa Proinsias le déanaí deir sé nach leor cur suas le daoine nach bhfuil ar aon chine linn féin nó ar aon chreideamh linn. Tá i bhfad níos mó ná sin ag teastáil más mian linn an tsíocháin agus fiú an cairdeas a chothú. Caithfimid dul chun comhrá leis an duine eile; caithfimid baint éigin a

Timire SPRING 2016.indd 16

bheith againn leis nó léi; caithfimid dul as an tslí chun an gaol idir sinn is an strainséir a chothú Ar ndóigh tá an-chuid le rá ag Proinsias maidir leis seo. Is oilithrigh sinn go léir ag gabháil ar aghaidh ar an gconair chéanna, bímis inár Críostaithe nó inár Moslamaigh nó inár n-aindiachaithe – is cuma. Is trua le Proinsias go bhfuil tithe agus comharsanachtaí an lae inniu tógtha chun daoine a dheighilt agus a chosaint óna chéile in ionad gaol agus caidreamh a chothú. Leis an gCríostaí deir sé go mion minic, “téigh amach,” ag iarraidh sprid na misinéireachta a mhúscailt. Tá macalla Mhaois, agus an tor ar lasadh, sa chomhairle a thugann sé dúinn : “Bain do bhróga de do chosa nuair a shatlaíonn tú ar thalamh naofa an duine eile.” Ní mó ná sásta atá sé leis an saghas diagachta a théann ó ríomhaire go ríomhaire mar is é raison d’être na diagachta an soiscéal a chur chun cinn i measc na ndaoine. “Téimis amach.” Nuair a thagann na dídeanaithe cé a rachaidh i dteagmháil leo? “Bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom.” An mbeidh duine nó grúpa sa limistéar a bheidh sásta fáilte a chur rompu, aithne a chur orthu agus cairdeas a chothú leo go fadtéarmach? Is féidir leis an Stát “aíocht”

10/02/2016 11:18


17

Is trua le Proinsias go bhfuil tithe agus comharsanachtaí an lae inniu tógtha chun daoine a dheighilt agus a chosaint óna chéile in ionad gaol agus caidreamh a chothú a sholáthar dóibh ó thaobh áit chónaithe agus ó thaobh gnáthacmhainní na beatha agus is breá sin; ach tá gá le droichid teagmhála a thógáil idir iad agus muintir na háite. B’fhéidir gur gá le traenáil áirithe chuige seo. Timpeall deich mbliana ó shin i dTuaisceart na hÉireann bunaíodh eagraíocht ar ar baisteadh EMBRACENI mar ainm uirthi. Seo mar a chuireann EMBRACE síos air féin: EMBRACE is a group of Christians drawn from different denominations, working together to promote a positive response to people seeking asylum, refugees, migrant workers and people from minority ethnic backgrounds in Northern Ireland. EMBRACE seeks to reflect gospel values and equip the church to fulfil its call to “welcome the stranger” by providing information, training and resource materials, and acting as a channel for practical help to those in need. Tá an eagraíocht ag dul ó neart go neart. Le cúpla bliain anuas tá cailín ón bPolainn ag obair go lánaimseartha chun aidhmeanna EMBRACE a chur i gcrích. Orthu siúd a thugann maoiniú

tá Stormont, na hOird Rialta, na hEaglaisí (Caitlicigh, Eaglais na hÉireann, Preispitéirigh, Meitidistigh) agus raidhse daoine aonair. Cé go bhfuil ballraíocht EMBRACE an-ghafa le dídeanaithe, ní hé aidhm na heagraíochta obair go díreach leo. Is ar dhúchasaigh atá EMBRACE dírithe, ag iarraidh iad siúd a chur ar a n-eolas faoi riachtanais na ndídeanaithe agus ag iarraidh a chur ar a gcumas beart a dhéanamh ar a son féin. Is é an bunsmaoineamh ná fáilte a chur roimh an strainséir in ionad glacadh leis nó léi go drogallach. Eagraítear cruinnithe i bparóistí agus in áiteanna nach iad (“stíl caifé,” go minic) ina bpléitear modhanna agus seifteanna chun aidhmeanna EMBRACE a chur i gcrích. Eisítear bileoigíní eolais agus dlúthdhioscaí - aon tslí in aon chor chun sprid na fáilte a chothú agus an meon a deir “Go back!” a mhaolú.

Foclóirín: aindiachaithe = neamhchreidmhigh, daoine nach gcreideann i nDia; dídeanaithe = daoine a éalaíonn óna dtíortha féin ag iarraidh dídine ; go drogallach = gan díograis

Timire SPRING 2016.indd 17

10/02/2016 11:18


18

Tomás Ó Fátharta

SALANN NA TALÚN…

Tríocha bliain ó shin, ba fheirmeoir beag an té a raibh feirm idir fiche cúig agus caoga acra talún aige. Sa lá atá inniu ann, is feirmeoir beag an té ag a bhfuil idir caoga agus a bhfuil céad acra talún aige. Tá caighdeán na talún go hiomlán éagsúil idir deisceart, oirthear and iarthar na tíre. Ní féidir comparáid a dhéanamh idir shaol an fheirmeora san iarthar le céad acra talún, agus feirmeoir i réigiún eile a bhfuil feirm den mhéid céanna aige. Aon duine a bhí ag feirmeoireacht tríocha bliain ó shin, ar fheirm idir caoga agus céad acra talún, ba phost lánaimseartha a bhí ann. Bhí an trealamh cuí acu i dtreo na hoibre ar an bhfeirm. Bhí sé seo fíor go háirithe dá mba i ndeisceart nó in oirthear na tíre a bhí siad, de bhrí go raibh caighdeán níos fearr talún sna ceantair sin, i gcomparáid le hiarthar na tíre. Sa lá atá inniu ann, tá an líon is mó feirmeoirí beaga lonnaithe san iarthar. San iarthar, tá caighdeán na talún lagmheasartha, agus is minic go mbíonn tailte an fheirmeora scartha amach óna chéile. Cruthaíonn sé seo fadhb ollmhór. Mar gheall ar dhroch-chaighdeán na talún agus tailte scartha óna chéile, is deacair d’fheirmeoirí a bheith páirteach in

Timire SPRING 2016.indd 18

earnáil an bhainne - córas atá i bhfad níos luachmhaire. De bharr na gcúinsí seo, tá tromlach na bhfeirmeoirí san iarthar ag brath ar fheirmeoireacht chaorach agus ar bhó ag tál ar a lao nó ar phéire bó agus níl á shaothrú acu ach ioncam íseal dá bharr. Tá cúis eile go bhfuil ioncam an-íseal le saothrú as feirmeoireacht chaorach nó as bó dhiúil - an tionchar ollmhór atá ag an earnáil phróiseála agus ag an miondíoltóir ar phraghas an bhia. Ach tá siad fhéin ag éirí níos saibhre gach lá! Le blianta beaga anuas, bhíodh na feirmeoirí seo ag cur lena gcuid ioncaim le hobair pháirtaimseartha. Is trua le rá, ach sa lá atá inniu ann, níl na deiseanna oibre seo ar fáil amuigh faoin tuath. Tá tromlach na ndeiseanna oibre lonnaithe in oirthear na tíre, tá sé seo ag cur brú mór ar fheirmeoirí beaga le hioncam íseal. An rud is measa atá ag tarlú ná go bhfuil clann óg na bhfeirmeoirí ag fágáil na tíre ag lorg oibre. Dá bhrí sin, ‘sí an cheist mhór ná cé aige/aici a bheas an talamh sna blianta amach anseo. Ní fheiceann muid iad siúd atá imithe ar imirce agus post maith acu thar lear, ag filleadh ar ais ar fheirm bheag bhocht amuigh faoin tír. Tá sé le feiceáil cheana féin, go háirithe

10/02/2016 11:18


Caithfear ról na bhfeirmeoirí beaga a aithint, nuair a bhíonn CAP á phlé.

san iarthar, go bhfuil scoileanna, oifigí poist, stáisiúin ghardaí, óstáin agus siopaí á ndúnadh mar gheall ar easpa daonra. Fiú amháin, tá laghdú ar an gCumann Lúthhleas Gael i gceantracha ina mbídís láidir, de bharr nach bhfuil na daoine óga ann a thuilleadh. Caithfidh roinnt paróistí teacht le chéile chun fiú foireann peile/ iománaíochta amháin a chur chun páirce. Mar atá luaite thuas, le tríocha bliain anuas, tá sé soiléir go bhfuil na hearnálacha próiseála agus miondíola ag éirí níos saibhre lá in aghaidh lae, agus ag an am céanna is ar éigin a bhíonn an feirmeoir beag in ann maireachtáil. Tá ceist mhór le freagairt againn. An bhfeicfimid deireadh leis an bhfeirmeoir beag sna tríocha bliain amach romhainn, agus traidisiún na feirmeoireachta ag imeacht leis ó ghlúin go glúin, ag imeacht leis? Cuid lárnach de shaol tuaithe na hÉireann ó thús saol í an fheirmeoireacht.

19

San idirbheartaíocht don Plean Forbartha Tuaithe (CAP), ní raibh riachtanais an fheirmeora óig ar fheirm bheag san iarthar á bplé. Nuair a aontaíodh na moltaí, ní raibh aon deascéal ann dóibh. Níor cheart dár rialtas a bheith chomh neamhchúiseach, drochbhéasach leis na feirmeoirí seo, a oibríonn go crua lá i ndiaidh lae, ar mhaithe lena muintir agus lena gceantair. Nach uafásach an toradh é seo don tír ar fad, sa bhfadtéarma? Is cuid lárnach iad na feirmeoirí beaga i dtionscal na feirmeoireachta agus i dtionscal na hiascaireachta fiú, agus tá ról tábhachtach acu i bhforbairt acmhainní nádúrtha na tíre seo. Caithfear a ról siúd a aithint agus a dhearbhú sa todhchaí nuair a bheidh CAP á phlé. Is ball d’Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann in Oirthear na Gaillimhe é Tomás Ó Fátharta.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ AIBREÁIN 2016: Go bhfaighe feirmeoirí beaga cúiteamh cóir ar a gcuid saothair luachmhair. Foclóirín: Lagmheasartha = suarach go leor; Lao diúil = bó an-óg; Earnáil próiseála = Dream a bhíonn ag ullmhú feola srl; Miondíoltóir = siopadóir; Idirbheartaíocht = plé nó díospóireacht; Neamhchúiseach = gan a bheith buartha

Timire SPRING 2016.indd 19

10/02/2016 11:18


i

20

Peter McCawille, SMA, Abuja, Nigeria.

FIANAISE ÓN AFRAIC

Chuir cuairt an Phápa Proinsias ar an Afraic le déanaí béim arís ar an bhfíric go bhfuil an daonra Caitliceach ag méadú níos tapúla san Afraic ná in aon áit eile ar domhan agus taispeánann na staitisticí is déanaí ón Catholic Relief Services go bhfuil méadú de 238% ar dhaonra na hAfraice ó 1980 agus atá anois gar do 200 milliún. Meastar má leanann na treochtaí reatha seo ar aghaidh go mbeidh 24% d’Afracaigh ina gCaitlicigh faoin mbliain 2040. Tá cuimhní glinne gléineacha agam mar mhisinéir sa Nigéir ar na hócáidí iomadúla gur cothaíodh mo chreideamh féin de thoradh díograise lúcháirí na ndaoine ina raibh mé i mo chónaí. Ba Chincíseach (Pentecostalist) Lasisi, an chomharsa ba ghaire dom, a d’oibrigh mar bhricléir. Bhí sé iontach bheith ag éisteacht leis, bhí sé chomh macánta sin, agus é ag caint faoin meas a bhí aige ar Naomh Treasa ó Avila agus ar an manach Trapach sin, Thomas Merton, a raibh a dhírbheathaisnéis Seven Story Mountain beagnach de ghlanmheabhair aige. Ní dhéanaim dearmad ar Mama Lucy ach an oiread, miontrádálaí, a chuir iontas orm tráthnóntaí Domhnaigh leis an míniú a bhí aici ar an Soiscéal na maidineacha sin. Mhair Lucy ag stracadh leis an saol agus bhí a creideamh múnlaithe ar an saghas saoil sin,

Timire SPRING 2016.indd 20

ach ma chreideamh é a bhí láidir doimhin, gan mhíthuiscintí, ná aon phioc den fhéintrua. Cosúil leis na mílte eile bhí siad beirt ‘réidh in am ar bith le freagra a thabhairt ar an té a fhiafraíos díobh cé an t-údar atá leis an dóchas sin atá agaibh’ (1Peadar3:15). Bhain spiorad láidir diaganta le gach gné dá saol, a chaith siad taobh istigh agus taobh amuigh den Eaglais. Bhí siad sásta go híomlán le Dia agus le teachtaireacht Dé ach ag an am gcéanna bhí siad cúirtéiseach agus tuisceanach le daoine nár chreid mar a chreid siad. Soiscéalaithe éifeachtachta ab ea an bheirt acu, trí fhianaise a saoil féin. Agus mé ag roinnt mo chuid smaointe libh mar fhreagra ar intinní an Phápa Proinsias do mhí Aibreáin is eol dom go maith gur annamh a aithnítear nach rud nua é an soiscéalaíocht d’Ilchríoch na hAfraice. Nár chuir an Afraic fáilte roimh an Leanbh Íosa agus an Teaghlach Naofa nuair a theith siad chun na hÉigipte? Ní foláir go bhfacthas an imeacht suntasach seo mar imeacht thábhachtach i dtús stair na soiscéalaíochta. Ina theannta sin ar lá na Cincíse ba iad Afracaigh a bhí imeasc na ndaoine a chuala aitheasc Pheadair agus a thug an teachtaireacht ar ais chun a dtíortha féin. Tá dul chun cinn do-chreidte déanta i gcraobhscaoileadh an

10/02/2016 11:18


21

Soiscéalaithe éifeachtachta ab ea an bheirt acu, trí fhianaise a saoil féin.

tSoiscéil san Afraic ó shin. Ach fós tá réimsí ollmhóra den Afraic ann ina bhfuil na milliúin ar thóir na fírinne agus atá dearfa dea-mhéineach i leith theachtaireacht Chríost. Díreach mar a rinne an Pápa Proinsias a chéad chuairt pápach chun na hAfraice an tSamhain seo caite cuimhnímis chomh maith ar an gcéad Phápa a thaistil ann, Pápa Pól VI, a thug cuairt ar Uganda i mí Iúil 1969. An uair sin d’aithin an Pápa an ról ríthábhachtach a bheadh ag an Afraic ag neartú na hEaglaise Uilechoitinne agus d’aithin sé guth údarach na hEaglaise áitiúla nuair a dúirt sé leis na heaspaig: “Is misinéirí chugaibh féin sibh anois, a mhuintir na hAfraice”. Muidne atá ag obair san Afraic, áfach, is maith is eol dúinn go bhfuil an teachtaireacht Chríostaí ag déileáil le géarchéim féiniúlachta sa domhan iomlán. Le blianta beaga anuas tá gníomhartha uafásacha ag tarlú a chruthaíonn an oiread

sin imní go bhfuil gnáthchreidmhigh, agus fiú díchreidmhigh corraithe de dheasca na fianaise atá ann den bharbarthacht agus den bhrúidiúlacht atá ar siúl anois ag daoine a mhaíonn go bhfuil siad ag obair ar son Dé. In ainneoin na n-uafás atá ag tarlú in ainm Dé áfach, is de thoradh glóir Dé go bhfanann na milliúin Críostaithe Afracacha agus neamh-Chríostaithe dílis, buanseasmhach agus tiomanta do neartú na síochána agus na córa sa teaghlach daonna. Is é an dúshlán atá roimh an Eaglais a chinntiú nach bhfuil frithrá (contradiction) ná coimhlint idir gach a gcreidimid ann agus an tslí a mhairimid, idir conas mar a dhearbhaímid ár gcreideamh agus conas mar a chleachtaímid é i gcomhthéacs na ndúshlán leanúnach inár saol laethúil. Go ndéana Dia ár gcreideamh a neartú i gcónaí, ár ndóchas a chothú agus ár gcroí a líonadh lenA ghrá.

INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA DO MHÍ AIBREÁIN 2016 Críostaithe Afracacha: Go dtuga Críostaithe san Afraic fianaise ar ghrá d’Íosa Críost agus ar chreideamh ann, é sin i gcomhthéacs coimhlint pholaitiúil-reiligiúnach. Foclóirín: treochtaí = an chaoi a bhfuil rudaí ag bogadh; lúcháir = gairdeas, áthas mór; glinn, gléineach = an soiléir; múnlaithe = cruth curtha air; aitheasc = caint; dea-mhéineach = go cneasta, suáilceach

Timire SPRING 2016.indd 21

10/02/2016 11:18


22

Timire SPRING 2016.indd 22

10/02/2016 11:18


23

Timire Croí na hÓige

NA MONCAITHE AGUS NA HÉISC

Bhí séasúr na báistí ann agus tuilte ar fud na Tansáine. Chuaigh a lán ainmhithe ar a dteitheadh i dtreo na gcnoc. Tháinig na tuilte chomh tapa sin gur bádh a lán. Níor bádh na moncaithe, áfach, mar bhí siadsan in ann léim in airde ar na crainn in am. D’fhéach siad anuas agus chonaic siad na héisc ag léim as an uisce faoi mar go raibh siad ag baint spraoi as na tuilte go léir. Arsa moncaí lena chara: ‘Féach orthu, na créatúir. Báfar iad!’ ‘Tá an ceart agat,’ arsa an moncaí eile. ‘Níor éirigh leo na cosa a thabhairt leo. Ó féach, sin an fáth – mar nach bhfuil cos ar bith fúthu!’ ‘Muise!’ arsa an chéad mhoncaí. ‘Seo linn! Caithfear teacht i gcabhair orthu.’

Timire SPRING 2016.indd 23

Síos leo agus sheas siad ar bhruach na habhann. Thosaigh siad ag iascaireacht! Bhí sé deacair breith ar na héisc ach tar éis tamaill d’éirigh leo a lán acu a ghabháil agus iad a leagan ar an bhféar. Is gearr go raibh carn díobh ann ina luí ansin is gan cor astu. ‘Caithfidh go raibh an-tuirse orthu,’ arsa moncaí acu leis an moncaí eile. ‘Caithfidh go raibh.’ Sea, bhí lá maith oibre déanta acu, dar leo féin. ‘Codladh sámh!’ arsa na moncaithe ansin leis na héisc agus ar ais leo i measc ghéaga na gcrann. Sliocht as ‘Óró na Circíní’ agus scéalta eile ón Afraic le Gabriel Rosenstock, le foilsiú amach anseo ag an nGúm.

10/02/2016 11:18


24

1

6

2

3

4

5

7 8

9

10 11

12

14

15

crosfhocal TRASNA 1. scil oibre ar leith [5] 3. gruaig aghaidhe ar fhear [6] 6. tá sé linn ó thús Feabhra [7] 8. 365 lá [6] 9. lot, mill [6] 11. gléas le glas a oscailt [7] 14. tost [6] 15. áit bheannaithe [5]

13

Duais €20 le buachaint

ANUAS 1. muintir, treibh [4] 2. 1/2/2014 mar shampla [4] 3. rud gur deacar a réiteach [5] 4. an treo ón tuaisceart [7] 5. ocht bpionta [5] 7. ceantar fairsing[7] 9. grá [5] 10. deis, caoi [5] 12. íoctar ar árasán é [4] 13. ceathrú, véarsa [4]

Scríobh CROSFHOCAL ar chlúdach do litreach, agus seol freagraí, mar aon le d’ainm agus seoladh, chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 30 Aibreán 2016

Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: Sadhbh Nich Dhonncha, Bóthar Carleton, Marino, Baile Átha Cliath 3

Timire SPRING 2016.indd 24

10/02/2016 11:18


25

Cuardach Focal É

A

A

S

C

U

G

L

E

Z

L

E

I

E

C

F

R

I

Ó A M N W H U

Á

U

D

S

R

Z

S M O

C

R

F

V

S

Í

É

I

Í

W Á

H

S

R M

I

F

H

T

V

A

R

I

U

X

A

C

Q

B

N

A

É

K

E

Z

N

B

R M Z

Ó M S

H

R

R

I

E

G

Y

T

C

E

Í

P

G

L

I

A

I

C

L

Í

Z

S

E

F

H

L

P

R

S

B

B

A

C

E

A

P

D

F

X

T

R

I

F

T

Q

T

H

T

P

H

T

N

A

E

S

V

O

É

S

Q Q

T

C

Á

B

H N U H

A

F

F M

H

R

E

A

X

D

E

A

T

P

A

S M Z

H

C

F M N

C

R

O

L

F

K

E

O

C

C

O

Z

H

Á

H

C

A

R

R

A

E

D

Í

L

I

Á

K

D

I

L

S

I

A

T

H

B

H

R

E

I

T

H

S

G

N

R

G

R

H

K

N

K

R

A

S

X

J

U H

C

N

A

C

S

Á

C

A

H

C

A

E

H

B

I

T

A

L

V

B W W F R M M O

U

An t-Earrach! AISÉIRÍ

LÁ FHÉILE PÁDRAIG

ATHBHREITH

MUIRE

BACHLÓG

NATHAIR NIMHE

CROS BRÍDE

SEAMRÓG

DOMHNACH CÁSCA

UIBHEACHA CÁSCA

EARRACH

ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA

LUS AN CHROMCHINN

ÍOSA

LÁ FHÉILE BRÍDE

Leid: Na focail ag dul i ngach treo!

Timire SPRING 2016.indd 25

10/02/2016 11:21


26

Timire Croí na hÓige MANGAIRE DRUGAÍ NUA AR SEIT ROS NA RÚN Katie McGreal

Nuair a bhí Seán Ó Baoill ag fás aníos bhreathnaíodh sé go rialta ar an sobaldráma, Ros na Rún agus le breis is bliain anois, tá sé ag aisteoireacht sa dráma céanna. Ní dhearna sé mórán aisteoireachta sula bhfuair sé an pháirt mar Adam Ó Murchú. Rinne sé ranganna drámaíochta agus é óg agus bhí sé lárnach sna cumainn drámaíochta nuair a bhí sé san ollscoil. Ghlac sé páirt i ngearrscannáin a chairde san ollscoil freisin. Ba é seo an chéad uair dó a bheith ar an teilifís agus is breá leis é. “Tá mo chroí istigh ann,” a deir sé. D’fhoghlaim sé an-chuid faoin aisteoireacht, go háirithe ó na haisteoirí eile. Bhain sé ansult as comhairle agus as moltaí a fháil ó aisteoirí a thaitin go mór leis thar na blianta. Bhí Adam ar an scáileán go dtí mí na Samhna seo caite agus d’oibrigh Seán le Ros na Rún ar bhonn páirtaimseartha. Tá post lánaimseartha aige mar fhísiriseoir leis an suíomh Gréasáin, Meon Eile. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath anois ach bhí sé lonnaithe i mBéal Feirste go lánaimseartha an chuid is mó den am a raibh sé ag taifead le Ros na Rún. Bhíodh air taisteal ar an mbus ó Bhéal Feirste go

Timire SPRING 2016.indd 26

dtí an Spidéal do na laethanta taifeadta a bhí air. Lean sé le hobair Meon Eile le linn na laethanta taifeadta sin freisin. Thaifead sé cúpla físeán faoi Ros na Rún don suíomh. I measc na bhfíseán sin, rinne sé ceann faoi a bheith taobh thiar den cheamara ar seit Ros na Rún. “Bhí sé deacair dearmad a dhéanamh ar an obair,” a deir sé faoi na laethanta taifeadta a bhí aige le Ros na Rún, “Bhí mé ar seit Ros na Rún ag aisteoireacht ar feadh seachtaine uair amháin agus b’in an t-am ab éasca dom fanacht i gcarachtar.” Thaitin an éagsúlacht a bhaineann leis an dá phost go mór leis. Is maith leis a bheith ag déanamh rud difriúil gach lá ach bíonn sé deacair teacht ar scéalta do Meon Eile uaireanta. Bíonn sé ar lorg scéalta suimiúla nach bhfuil aon trácht orthu sna meáin eile. Is as Loch an Iúir i dTír Chonaill é Seán ó dhúchas. Is maith leis filleadh abhaile ar a mhuintir ach ní fheiceann sé é féin ag dul a chónaí ansin arís. “Sílim go bhfuil sé róshuaimhneach domsa,” a deir sé, “Is breá liom dul abhaile i gcomhair sosa agus le mo chairde agus mo mhuintir a fheiceáil ach de réir mar atá an obair ag dul anois ní dóigh liom go

10/02/2016 11:21


27

mbeinn in ann fanacht i mo chónaí ann arís.” Ba bhreá le Seán an aisteoireacht a dhéanamh go lánaimseartha. Tá a chroí istigh sa cheird agus ba bhreá leis an deis a fháil tuilleadh de a dhéanamh. Fuair sé grianghraif oifigiúla déanta le déanaí agus tá sé ag smaoineamh ar ghníomhaire (agent) a fháil. Is mangaire drugaí é Adam, páirt Sheáin. Tháinig sé go Ros na Rún Oíche Shamhna dhá bhliain ó shin mar chara le Evan, mac Bernie atá ar an ollscoil anois. Chuir Adam suim i Niamh, iníon cheannfort an cheantair. Is iarchailín le Evan í freisin agus chuir an caidreamh sin isteach go mór ar Evan. Cailín soineanta í Niamh agus d’úsáid Adam sin le Niamh a tharraingt i dtreo na ndrugaí agus tá ag éirí go maith leis. “Níl sé cosúil liom féin ar chor ar bith,” a deir Seán faoi Adam, “Tá sé glic, tá sé

drochbhéasach. Is slíomadóir ceart atá ann.” “Is cuma leis faoi gach duine.” Dá bharr sin, ba charachtar dúshlánach é Adam do Sheán ach thaitin sin go mór leis. “Mar aisteoir, níl tú ag iarraidh carachtar leadránach atá díreach cosúil leat féin,” a deir sé, “Tá tú ag iarraidh dúshláin.”

COMÓRTAS Cuirfear cóip de do rogha as na 4 leabhair seo (le lua le d’iontráil) Cá bhfuil Áibil do Dheartháir? An Tiomna Nua & Leabhar na Salm Ár Naomhoidhreacht An Bíobla do Pháistí go dtí an chéad duine a fh reagróidh an cheist seo:

Cén áit in Independent na Céadaoine atá Seachtain le fáil? Freagra ar charta poist go dtí An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2 Buaiteoir an chomórtais deireanaigh: 10 léitheoirí (cóip ag teacht chucu) Freagra: Frank Duff (Proinsias Ó Duibh) Cóipeanna den leabhar Frank Duff (Proinsias Ó Duibh) buaite acu

Timire SPRING 2016.indd 27

10/02/2016 11:21


28

DON TEACH, 169 SRÁID PARNELL

Áine Ní Mhaoldomhnaigh-Ó Drisceoil

Baineadh úsáid iontach asat a thí. Teach dúbailte cathrach, dhá urlár os cionn dhá shiopa. Árasáin ar an dara is an triú léibhéal. Ceithre shraith agat, de staighre giúise a coimeádtar geal glan. Thíos fút, íoslach le ceardlann deisiú-tithe. Taobh amuigh, clós mór spásmhar; le dhá iostán ar aghaidh a chéile. Suas uathu, sraitheanna chairteachaláimhe. Sibh ag seasamh is bhúr gcluasa san aer. ag feitheamh le custaiméirí. San árasán ar bharr an tí tá bord mór proinntí mahagaine.

Timire SPRING 2016.indd 28

Cá bhfuarthas é? Sna siopaí troscáin ársa i Sráid na Life? Nó siopa Brioscú ar na Céanna, nó teach Seoirseach á dheisiú ag fear a’ tí? Taobh leis an bhfalla, amach ón mbord proinntí tá deasc mhahagaine, mar a coimeádtar cuntais do gnóthaí na siopaí, na ceardlainne, agus do shaol na gcairteacha láimhe. A chairteacha láimhe, Nach calma atá sibh? Ag iompar bhúr n-ualaí troma: - cannaí péint, dréimrí, pleainc, le fir oibre bhúr dtreorú

10/02/2016 11:21


29

Cúinne na bhFilí

trí thrácht mall, grástúil na cathrach. A thí, dá bhféadfadh d’ fhallaí labhairt: 1911, na mílte duine fáiscthe thart ort I gcuimhne Charles Stewart Parnell. 1916, d’fhan tú i do sheasamh, ag tabhairt fothana do laochra, naoscairí, ‘gus ‘teachtairí óga’ Fhianna Éireann. I rith sos cogaidh gearr, tú ag feitheamh le mná na sráide, arán á fháil acu i siopa Uí Chinnéide, is a d’fhill thar n-ais lena naprúin lán. A fhallaí, ag pléascadh le heolas rúnda: rudaí curtha i bhfolach faoi bhoird urláir, naoscaire is a ghunna dírithe ó do dhíon, saighdiúirí Briotanacha ag réabadh do

Timire SPRING 2016.indd 29

sheomraí. Cá ndeachaidh sibh a fhallaí? Cá ndeachaidh na staighrí giúise, na hiostáin, na cairteacha, an cheardlann, do shaol compordach, a thí gnó na cathrach? Leagadh tú, a thí, ag JCB na bhforbróirí, agus cad a cuireadh i d’áit? Ollmhargadh, Ollmhór, de chuid an ollchomhlachta Briotanach – TESCO. (I gcuimhne tí muintire mo mháthair - Caitríona Mágráine; mo sheanathair - Pádraig Mághráine; mo sheanmháthair - Katie Breacáin .)

10/02/2016 11:21


30

DÁNTA AN PHLUINCÉADAIGH COMHCHEOL NA RÉALT I BPARTHAS DÉ Joeseph Mary Plunkett Aistrithe ag Seán Mac Cumhaill Chan na réalta i bParthas Dé, Éanacha Dé na Réalta, ‘Sí an oíche Fómhar Dé, Briathra Dé a torthaí. Threabhaigh Dia A ghort ar maidin, Chuir Sé an pór um nóin, Bhain Dia an t-árbhar, is charnaigh san Íothlainn é, Le h-éirí na gealaí. Bhí an ghrian ina suí, I dtrátha an mheánoích’, A gnúis chomh dearg le fuil, Léirigh sí an Spealadóir, Críost ár dTiarna, Ar a Chroich adhmaid céasta. Maireann mórán ar bhás aonair, Tá anamacha mhóráin ag brath ar bhás aonair, Tá ciúnas i measc na réalt sa spéir, Chun aird a dhíriú ar mo chuid véarsaí.

Timire SPRING 2016.indd 30

10/02/2016 11:22


31

FUIL AR AN RÓS Joseph Mary Plunkett An fhuil is léir dom ar an rós, I ngach aon réalt tá glóir a shúl. Mar shneachta a cholainn, is ritheann fós A dheora geala ón spéir anuas. Is léir a ghnúis i ngach aon bhláth, An toirneach agus scol gach éin A ghuth, ar ndóigh – is snoite tá A chumhacht sa charraig féin. Is é a shiúil gach cosán dearg, A chroí a bhogann an tonn tuile, Fíodh a choróin as gach aon dealg A chros is beo i ngach aon bhile

Tomhas an Timire: 183

1

2

3

4

5

6

7

8

9

10

Leid: Cé hí beanphátrún na hÉireann? Tá liosta focal thíos. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil. AINM AINGEAL CROÍ TIMIRE FLAITHEAS – BRÓN MUIRE ÍOSA DIA CREIDEAMH DUAIS: Dearbhán €20 nó 4 leabhair a roghnú as chatalóg FS ar timire.ie (ach nóta a cur chugainn le d’iontráil) Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh, chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 15 Aibreán 2016 Tomhas 182: Freagra: AINGEAL Buaiteoir: Siobhán Ní Ghadhra, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Timire SPRING 2016.indd 31

10/02/2016 11:22


32

IM LEABHARLANN DOM Caillte i gConamara

Scéalta Aniar / Lost in Connemara, Stories from the Irish Arna roghnú ag Brian Ó Conchubhair Cló Iar-Chonnacht

Praghas €15

Léirmheas le: hIan Ó Caoimh

Is iad na cúig ghearrscéal atá sa chnuasach seo: ‘Páidín Mháire’ le Pádraic Ó Conaire (aistrithe ag Diarmuid de Faoite), ‘Beirt Eile’ le Máirtín Ó Cadhain (Louis de Paor agus Lochlann Ó Tuairisg), ‘Na Déithe Luachmhara Deiridh’ le Pádraig Breathnach, (aistrithe ag an údar), ‘Lá Cairde’ le Joe Steve Ó Neachtain (Mícheál Ó hAodha) agus ‘Caillte i gConamara’ le Micheál Ó Conghaile (tiontaithe ag Katherine Duffy). Is san ord sin agus ceann i ndiaidh a chéile a chuirtear i láthair an léitheora iad agus ní ar aghaidh an bhunleagain amach atá na haistriúcháin le léamh ach mar shraith astu féin arb ionann agus dara leath an leabhair iad. Léiriú is ea an méid sin féin nach ar an bhfoghlaimeoir go príomha atá an leabhar dírithe ach ar an duine a mbeadh go leor Gaeilge aige nó aici chun tabhairt faoi na bunleaganacha roimh chromadh ansin ar na leathbhádóirí Béarla (nó an bealach eile timpeall, fiú). De bhreis ar na scéalta féin tá réamhrá Bhriain Uí Chonchubhair curtha ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus ní hionann ar fad an méid a deir sé ná na sleachta agus na foinsí a luann sé sa dá leagan. (Cuimhneoidh léitheoirí ar an gcur chuige céanna in An Ghaeilge san Aois Nua / Irish in the New Century le Michael Cronin (Cois Life 2005).) Cén bunús atá lena leithéid? ‘The Quest for Authentic Cultural Experiences in Connemara’ teideal réamhrá an Bhéarla, agus

Timire SPRING 2016.indd 32

‘Ababúna Conamara’ atá ar cheann na Gaeilge. Faoi mar nach ionann ar fad aon aistriúchán ar ábhar liteartha mar atá i gcorp an leabhair seo agus an bunleagan óna n-eascraíonn, nod don léitheoir is ea modh Uí Chonchubhair faoin gcaoi ar cheart tabhairt faoin ngaol idir na scéalta Gaeilge agus Béarla – nach é an saothar baileach céanna atá os ár gcomhair siocair é a bheith i dteanga eile, dá chruinne atá an t-aistriúchán. Is minic an ‘Ababúna’ sin i mbéal Chaitríona Pháidín in Cré na Cille agus is faoi scáil an úrscéil sin agus fuarchúis Mháirtín Uí Chadhain atá Caillte i gConamara, nó tá sé mar sprioc leis an leabhar gnáthshaol laethúil an cheantair a chur i láthair gan scáil gan eagla, olc, maith nó measartha. An t-olc atá i dtreis don gcuid is mó. Gearrscéalta traidisiúnta réalaíochais is ea na scéalta seo agus i ngach cás tarlaíonn cor cinniúnach i saol na gcarachtar, ar athrú chun donais a bhíonn ann de ghnáth. Tá níos mó ná scéal amháin anseo ina músclaítear nósmhaireachtaí traidisiúnta nó béaloidis mar bhealach chun déileáil leis an saol atá ag dul i ndoiléire: an caidreamh idir máthair agus mac is cás le Joe Steve Ó Neachtain, cuir i gcás, agus glúin agus dearcadh saoil an tuismitheora a bheith ag síothlú. D’fhéadfaí a rá gur ábhar éadóchais don léitheoir an ghné dhuairc seo a bheith chomh láidir sin sna scéalta ar fad ó iarracht Uí Chonaire i leith, ach os a choinne sin tá léaró éigin sóláis i scéal Phádraic Breathnach ina gceiliúrann an príomhcharachtar liosta de ghnéithe dá saol mar a bheadh liodán ann, geall leis.Ní éiríonn i gcónaí le cnuasaigh a eagraítear ar bhonn téamúil agus is chun tairbhe an bhailiúcháin áirithe seo nach aon téama cúng amháin an snáth ceangail atá idir na hiarrachtaí ann, ach gurb é an réigiún leithleach as a n-eascraíonn na scéalta an rud a nascann iad. Díol suntais go ndeirtear

10/02/2016 11:22


sa réamhrá Béarla gur scríobhadh na scéalta seo ‘by inhabitants for inhabitants [...] unconcerned with local images, perceptions or tropes.’ Má tá an chuma air sin gur srian le mianach an ábhair nó le huaillmhian na n-údar atá i gceist leis, tá le tuiscint uaidh freisin gur mar gheall ar an raon fócais a bheith chomh logánta ar an gcéad ásc atá rath ar an scríbhneoireacht thar chladaí Chonamara soir amach sa saol máguaird freisin.

An Bhean Feasa Le Alan Titley Cló Iar-Chonnacht, 2014 Praghas €12

Léirmheas ó: Tomás Ó Ceallaigh

Ní miste a rá ar dtús báire gur sárshaothar litríochta é an leabhar seo. Éacht samhlaíochta amach is amach atá ann gan amhras ar bith. Baineann an leabhar le scéal bhean Éireannach, ar tugadh Goody Glover uirthi, a cuireadh chun báis i mBoston Mheiriceá sa mbliain 1688 agus asarlaíocht curtha ina leith. Ar ndóigh, tharla na cásannaí cliúteacha den saghas céanna i Salem Mheiriceá ceithre bliana níos déanaí. Níl a fhios againn céard é go baileach an sloinne ceart a bhí uirthi, ach tá muid cinnte ó na foinsí stairiúla gur labhair sí Gaeilge nuair a tugadh os comhair na cúirte í. Tá a fhios againn leis gur díbríodh as Éirinn í sa bhfhuadach mór a lean concas Chromail nuair a cuireadh na deicheanna mílte Gael mar sclábhaithe chuig na hIndiacha Thiar. Chuile sheans go raibh Béarla ar a toil ag Goody Glover agus gur dhiúltaigh sí é a labhairt sa gcúirt le

Timire SPRING 2016.indd 33

33

teann stuaice. Tá go leor faisnéise tagtha aníos chugainn faoin gcás cúirte agus faoi na heachtraí a tharla ina dhiaidh – is léir gur bhain Alan Titley leas as an eolas seo uilig agus é i mbun scríbhneoireachta. Is éard atá sa leabhar seo ná cuntais ghearra i bhfoirm filíochta ó dhaoine a raibh baint dhlúth acu le cás Goody Glover . Tá céad cuntas ann ar fad – dhá leathanach an cuntas, i gcoitinne . Agus tú ag plé leis an leabhar seo, tá tú ag dul isteach i réimse an-ard go deo na litríochta – smaoinigh ar leithéid Finnegans Wake le James Joyce, The Four Quartets le TS Eliot nó b’fhéidir ‘Cré na Cille’, sa nGaeilge. Don léitheoir, is saothar dúshlánach é a éilíonn d’aird agus d’fhuinneamh intleachtúil céad fán gcéad. Ní leabhar é seo le haghaidh na trá nó le haghaidh na laethanta saoire in Torremolinos! Friotal neamh-choitianta, fíor-dheacair agus neamh-chaighdeánach uaireanta atá ann ar beagnach gach aon leathanach. Ní mór duit foclóir Uí Dhónaill a bheith in aice leat an t-am uilig, a mhic ó! Amantaí ní mór an chabhair é sin fiú. Seo roinnt de na focail chaighdeánacha a chuir an léitheoir seo i dtreo an fhoclóra : seamhair,miangais, séite,scumhadh, gliogairnéis, sporadh agus cáidheacha . Tá go leor focal eile ann nach bhfuil ar fáil i saothar Uí Dhónaill ; seo trí shampla : gliobaidí, titibibubhéisteacht(sic !) agus síobhrú. Ná bíodh an méid sin ina chúis d’éinne an leabhar seo a sheachaint ar chor ar bith, áfach – is fiú go mór do dhúthracht a chaitheamh agus tú ag iomrascáil leis. Maidir leis an eagrán é féin, tá réamhrá an-ghearr ann agus is mór an t-easnamh é nach bhfuil foclóir ná áis ar bith tagartha ann. In ainneoin an cháinte bhig seo, mar a dúradh ag tús an ailt seo, is sár-shaothar litríochta é “An Bhean Feasa”. Ceannaigh é, faigh ar iasacht é, faigh sa leabharlann é ach ar chuma ar bith, léigh é.

10/02/2016 11:22


34

LÉIRMHEAS Scoláirí ó Scoil Chaitríona Is léirmheas é seo ar an leabhar Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi. Is leabhar stairiúil é seo. Is úrscéal é do dhaoine a bhfuil suim acu sa stair, bídís ina ndéagóirí nó ina ndaoine fásta. Tá an t-úrscéal bunaithe ar fhíorscéal, ar Ghearóid Mac Gearailt, an tríú hIarla Dheasumhan ó 1335 in Éirinn. Thaitin an leabhar go mór linn. Thaitin sé linn mar tá ansuim againn sa stair agus go h-áirithe foghlaim faoin tréimhse ina raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na tíre. Freisin, tá Gaeilge anchruinn agus saibhir le fáil sa leabhar seo ach ar an lámh eile, caithfidh leibhéal ard Gaeilge a bheith ag an léitheoir ionas go mbeadh siad ábalta í a thuiscint. Dá bhrí sin, bhí orainn go leor úsáide a bhaint as an bhfoclóir agus muid ag léamh. Ar an iomlán thaitin an scéal go mór linn agus d’aontaigh muid gur scéal an-suimiúil é. Xenia Ní Mheachair & Sophia Ní Dhónaill Léigh mé an leabhar Aisling nó Iníon A le hÉilís Ní Dhuibhne. Ar an gcéad dul síos, is leabhar drámatúil réadúil é faoi Aisling agus í ag déileáil le ginmhilleadh, rud atá go mór i mbéal an phobail i láthair na huaire. Tá an leabhar seo dírithe ar dhéagóirí agus ar dhaoine fásta mar gheall gur déagóir í

Timire SPRING 2016.indd 34

an príomhcharachtar agus go bhfuil sí ag iompar clainne. Is í Aisling an príomhcharachtar sa scéal. Is déagóir í agus tá sí ina cónaí i gCluain Tarbh i mBaile Átha Cliath. Is innealtóir é a hathair agus is captaen loinge é chomh maith, mar sin bíonn sé i gcónaí imar shiúl ó bhaile. Tá a máthair traidisiúnta coimeádach. Tá sé fíor a rá go bhfuil tuismitheoirí Aisling an-dian uirthi mar a bhíonn go leor tuismitheoirí. Is scéal é faoi Aisling atá ag iompar clainne agus faoina turas go Sasana chun ginmhilleadh a fháil. Cuireann sé seo ag smaoineamh í faoina saol go dtí seo agus faoina máthair. Is maith liom an scéal seo mar ceapaim gur scéal suimiúil é. An taon lucht a bheadh agam air ná go raibh sé saghas deacair do dhéagóirí an teanga a thuiscint ach bhí an scéal an-suimiúil. Ceist eile agam ort le Fionnuala Cloke. Níor thaitin an leabhar seo linn toisc go raibh na ceisteanna ródheacair do dhéagóirí. I mo thuairim tá an leabhar seo níos oiriúnaí do dhaoine fásta mar gheall go mbíonn níos mó eolais acu agus gur féidir leo na ceisteanna a fhreagairt. Tá muid i scoil lánGhaeilge agus labhraíonn, léann agus scríobhann muid i nGaeilge a gach aon lá ach fós féin bhí an Ghaeilge ródheacair. Ní bheadh seans dá laghad ag daltaí nach bhfuil an oiread sin Gaeilge acu linn é a thuiscint. Cheap muid go

10/02/2016 11:22


35

raibh na pictiúir sa leabhar go deas mar go bhfuil siad soiléir agus an­gheal. Lauryn & Jaideen Nóta: Shíl muid gur ceart roinnt de na leabhair a chuirtear chugainn a chur

chuig daltaí meánscoile le léirmheas a dhéanamh orthu. Lenfar den nós seo agus ba bhreá linn tairiscintí a fháil ó scoileanna léirmheasana gearra a dhéanamh dúinn.

LITREACHA BUÍOCHAIS DO CHROÍ RÓ-NAOFA ÍOSA Nuair a bhíonn fonn ort gníomh buíochais a ofráil do Dhia, an gcuirfeá nóta beag gairid chugainn le cur sa Timire. Chabhródh sin le léitheoirí eile.

Timire SPRING 2016.indd 35

10/02/2016 11:22


36

Helen Ó Murchú

URRAIM IS ÓMÓS DO MHNÁ

Agus sinn ag tabhairt aghaidh ar 1916, nach barúil a raibh le rá ag Kathleen Clarke san agallamh a rinne an tAthair Louis O’Kane léi sa bhliain 1968. Bean láidir chróga ab ea Kathleen Clarke mar a chruthaigh sí ina saol pearsanta agus poiblí i ndiaidh bháis a fir céile i 1916. Ba í an chéad Bhanmhéara ar chathair Bhaile Átha Cliath í; bhí sí chomh maith ina Teachta Dála agus ina Seanadóir. Chaith sí seal i bpríosún le linn an Chogaidh Chathardha. Ach is roimhe sin a d’fhulaing sí easpa urraime is ómóis mar bhean, agus é sin ó chomhréabhlóidí. Is amhlaidh a bhí de dhánaíocht inti dul chuig na Ceithre Cúirteanna mí an Mheithimh 1922 chun impí ar na fir a raibh na Cúirteanna faoi ghabháil acu scor dá n-airm d’fhonn cogadh a sheachaint. Rinne sí é sin cé nach go deimhnitheach ar son an Chonartha a bhí sí féin. Ba dheiliús a fuair a himpí ó Liam Mellowes, más fíor: ‘Níl ionatsa ach bean! Cén t-eolas a bheadh ag do leithéidse ar na cúrsaí seo?’ Nár dhóigh le duine gur obair ríthábhachtach ar son na sochaí a bhí sa ghníomh sin de chuid Kathleen Clarke? Ach b’in thiar sa bhliain 1922. An bhfuil athrú le sonrú, nó conas a thaispeántar urraim agus ardmheas ar mhná geall le

Timire SPRING 2016.indd 36

céad bliain ar aghaidh? Nach ndéarfaí go bhfuil saoirse na mban i gcrích? Do mhná sa bhaile nó sa saol oibre nó do mhná a bhíonn ag iltascáil de shíor An bhfuil gá i gcónaí leis an intinn seo an Phápa? Nó cad é an míniú atá ar ‘obair ríthábhachtach ar son na sochaí’ faoi chúinsí na linne? Maidir le cúrsaí measa agus mná, ar dtús a raibh ar bun mí Dheireadh Fómhair 2015 ag an gcéad chruinniú a tionóladh i Londain den chruinniú mullaigh WITW (Mná ar Domhan / Women in the World), eagraíocht a cuireadh tús leis i Nua Eabhrac sa bhliain 2009. Ba spéisiúil an léiriú le linn na comhdhála sin go bhféachtar ar Ursula von der Leyen, aire cosanta na Gearmáine, mar rara avis amach is amach ach ag an am céanna mar chomharba dóchúil ar Angela Merkel. Is amhlaidh atá seachtar páiste aici agus gurb í a thug isteach go leor reachtaíochta ar son an teaghlaigh agus í ina haire um ghnóthaí teaghlaigh. Tharraing an reachtaíocht chéanna oighear go leor dá comhpholaiteoirí fear ach d’fháiltigh aithreacha óga roimpi. Agus féach an rúille búille a lean an córas nua cuóta ag na coinbhinsiúin éagsúla chun iarrthóirí a roghnú le haghaidh oll-

10/02/2016 11:22


37

Bean láidir chróga ab ea Kathleen Clarke mar a chruthaigh sí ina saol pearsanta agus poiblí i ndiaidh bháis a fir céile i 1916

toghcháin 2016 anseo in Éirinn. Ba chúis díomá, muran miste libh, d’fhearaibh na bpáirtithe go raibh d’fhéinmhuinín ag na mná a roghnaíodh an t-ainmniúchán a shíniú seachas an gort a fhágaint saor dá gcomhiarrthóirí fireannacha. Léirigh an tuarascáil Hearing Women’s Voices gur guth fireann amháin a bhíonn le cloisint ar 72% de chláracha raidió sa tír seo.. Nach spéisiúil mar sin féin gur mná iad cuid de na pearsain is mó tábhacht agus is máithreacha clainne iad chomh maith. Sháraigh siad go leor bacanna de réir dealraimh. I gcúrsaí spóirt, báitear an chamógaíocht agus peil na mban i dtuile mionsonraí faoi imreoirí fear thar sáile. Agus nach iontach an chipeadraíl a tharraing lucht Amharclann na Mainistreach orthu féin le clár drámaíochta le haghaidh chomóradh 1916 nach raibh ach scríbhneoir mná amháin maith a dóthain

chuige. Léirsithe os comhair na hamharclainne a bhí ina macalla ar ar tharla sna chéadlaethanta den téatar céanna, agus go leor ráitisí ag tosú le ‘Is oth linn…’ le cloisteáil sa díospóireacht phoiblí istigh. Is cúis imní iad na staitisticí ón ngníomhaireacht stáit Cosc. Áirítear go gcuireann foréigean baile isteach ar bhean as cúigear. Agus ar pháistí dá réir. Ina theannta sin is crá croí smaoineamh ar ar tharla i roinnt de na seirbhísí máithreachais le blianta beaga anuas. Agus is beag difríocht a tharla i reachtaíocht na hIndia de dheasca slua-éigniú an mhicléinn Jyoti Singh ar bhus agus ní mó ná mar a tharla aon athrú meoin san Afraic ag éirí as ainghníomhartha cogaidh i gcoinne ban sa tSúdáin Theas. Mar sin féin, ar an 5 Samhain 2015, shínigh Rialtas na hÉireann Coinbhinsiún Istanbul, coinbhinsiún cosanta i gcoinne foréigean ban.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA BEALTAINE Go raibh urraim is ómós do mhna á gcleachtadh i ngach tír ar domhan agus go raibh ardmheas ar an obair ríthábhachtach a dhéanann siad ar son na sochaí. Foclóirín: iltascáil = ag tabhairt faoi tascanna difriúla ag an am céanna; cruinniú mullaigh = cruinniú de na cinnirí; cipeadráil = clampar; gníomhaireacht stáit = eagras de chuid an Stáit; slua-éigniú = ionsaí gnéasach ag grúpa; ainghníomhartha cogaidh = eachtraí náireacha le linn cogaidh.

Timire SPRING 2016.indd 37

10/02/2016 11:22


38

Pádraig Ó Maoldúin

URNAÍ AGUS SOISCÉALAÍOCHT SAN EAGLAIS Táim i mo bhall den Comhluadar Imeánúéil, comhluadar atá bainteach go mór le soiscéalaíocht san eaglais. Is comhluadar miseanach muid. Bíonn misean míosúil againn in Ionad Siopadóireachta na Cearnóige i dTamhlacht ar Satharn amháin den mhí. Bíonn Aifreann á reachtáil ag an gComhluadar san aireagal ansin a thosaíonn ag meánlae. I ndiaidh an Aifrinn bíonn Adhradh Eocairisteach ar siúl go dtí Urnaí an Tráthnóna agus bíonn sagart ar fáil le haghaidh faoistine. Fanann roinnt den Chomhluadar san aireagal ag guí ar son an mhisin agus ag an am céanna téann na baill eile i mbun soiscéalaíochta san Ionad. Le haghaidh gach misean bíonn áit áirithe san Ionad Siopadóireachta ina bhfuil cead ag an gComhluadar spás tearmainn a chruthú le bord, íocón, litríocht dhiaganta agus coinneal lasta. Ar feadh dhá uair a chloig ansin, téann misinéirí an Chomhluadair i dteagmháil le lucht siopadóireachta an ionaid, ag roinnt áthas ár gcreidimh agus ag tairiscint dóibh coinneal saor in aisce chun lasadh san aireagal. Bíonn iontas orainn i gcónaí faoi oscailteacht na ndaoine agus an comhrá a bhíonn eadrainn. Go minic bhíonn comhrá

Timire SPRING 2016.indd 38

fada againn faoin gcreideamh. Iarrann roinnt acu orainn guí ar son a n-intinní. Fanann siad an fhaid a theastaíonn uathu san aireagal agus bíonn fáilte rompu urnaí a scríobh agus focal scrioptúir a thogáil as ciseán atá ar fáil ag an altóir. Bíonn aiseolas dearfach againn i gcónaí agus daoine ag caint faoi cé chomh corraitheach is a bhíonn sé cúpla nóiméad a thogáil as an siopadóireacht gnóthach chun coinneal a lasadh agus a bheith í láithreacht Dé. Ó am go chéile bíonn misean paróiste eagraithe ag an gComhluadar chomh mhaith, mar shampla an misean a bhí againn i bParóiste an Iúr le déanaí. I rith na misean seo bíonn an comhluadar páirteach i go leor gníomhaíochtaí éagsúla mar shampla soiscéalaíocht sráide, seirbhís atrua, agus cuairt ar thithe an pharóiste agus scoileanna; ag plé le liotúirge na heaglaise agus imeachtaí sa cheantar áitiúil. Tagann teideal an Chomhluadair ón scrioptúr: “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánúéil mar ainm air, – ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn” (Matha 1:23). Tá áit tábhachtach ag an Mhaighdean Mhuire, Máthair an Imeánúéil i spioradáltacht an Chomhluadair agus

10/02/2016 11:22


39

Comhluadar Ímánúeil

Bíonn iontas orainn i gcónaí faoi oscailteacht na ndaoine agus an comhrá a bhíonn eadrainn

bíonn paidir coisreacain á rá ag na baill go laethúil. D’aithin an Pápa Benedict XVI an éifeacht seo in aitheasc a thug sé don Chomhluadar in 2011: “Tóg Muire isteach i do theach, mar a rinne an deisceabal muirneach, ionas go mbeadh sí go fírinneach an mháthair a threoraíonn tú i dtreo a Mhic Dhiaga agus a chuidíonn leat chun a bheith dílis dó i gconaí.” Tagann mórghrásta an Chomhluadar Imeánúéil ón carasma atá againne (Adhradh Eocairisteach, Atrua, Soiscéalaíocht). Glacann an comhluadar páirt i misean na hEaglaise i saol an lae inniu trí urnaí (Adhradh Eocairisteach); tríd a bheith ag obair leis na boicht (oibreacha atrua dóibh siúd atá gan tacaíocht, tinn nó ar imeall na sochaí); agus trí shoiscealaíocht a dhéanamh ar fud na cruinne le daoine atá ag fulaingt toisc nach bhfuil aithne acu ar Dhia ná ar ghrá Dé.

Tá an obair shoiscéalaíochta a dhéanann comhluadair amhail Imeánúéil fíor thábhachtach do mhisean na hEaglaise sa sochaí inniu agus tá an tábhacht sin ag dul i méid i gcónaí de réir dí-eaglaiseachais agus aindiachais sa ré nua-aimseartha. I mo thuairim ní féidir soiscéalaíocht inchreidte a dhéanamh gan creideamh agus muinín a chur in Íosa Críost agus Muire a Mháthair i dtosach báire. Tagann an intinn mhisineach trí urnaí. Is as an bpaidreoireacht a fhaightear an Spiorad Naomh agus an uaillmhian iarracht a dhéanamh Críost a chur in iúl do dhaoine eile, le cúnamh agus le treoir Mhuire, Réalta na Soiscéalaíochta. Trí mhachnamh a dhéanamh ar rúndiamhra na Corónach Mhuire tá deis álainn againn chun guí ar son intinn na soiscéalaíochta, lámh chúnta idirghabhála a iarraidh ar Mhuire agus lánmhuinín a chur inti lenár dtreorú.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA BEALTAINE An Paidrín Naofa: Go n-úsáide teaghlaigh, comhluadair agus grúpaí an Choróin Mhuire mar urnaí le hintinní na soiscéalaíochta agus na síochána. Foclóirín: soiscéalaíocht = do chreideamh a chur in iúl do dhaoine eile; comhluadar = grúpa daoine a bhfuil nasc nó aidhm coiteann eatarthu; dí-eaglaiseachas =neamhaird a thabhairt ar chúrsaí eaglasta nó creidimh; aindiachas = gan creideamh i nDia; aiseolas = tuairimí dhaoine a fháil.

Timire SPRING 2016.indd 39

10/02/2016 11:22


40

Pádraig Standún

SEAMUS Ó COIRBÍN

Is duine de bhunadh an lucht siúil in Éirinn é Tyson Fury, seaimpín dornálaíochta trom-mheáchan an domhain faoi láthair. Chuala mé é ag admháil a chreidimh “sa Tiarna Íosa Críost” ar Sky Sports nuair a cuireadh ina leith gur duine é nach raibh meas aige ar mhná, ar dhaoine aeracha, ar Moslamaigh agus eile mar gheall ar rudaí a bhí ráite aige roimhe sin. Dúirt sé go raibh a leithéid in aghaidh a chreidimh agus nach duine de lucht leanúna Íosa Críost a bheadh ann dá mbeadh dearcadh den sórt sin aige. Níor chuala mise céard a bhí raite aige roimhe sin, ach mhaithfinn roinnt mhaith d’fhear óg, seacht mbliana fichid. Tar éis chomh mór is chomh láidir is atá sé, tá sé an-óg agus beidh sé ag foghlaim ón saol. Le níos mó ná céad bliain anuas bhí an-spéis ag daoine i seaimpíní móra dornálaíochta an tsaoil. Ní fhaca mise athair mór amháin liom ariamh, ach chuala mé go raibh an dornálaí mór le rá Séamus Ó Coirbín, Gentleman Jim Corbett, feicthe beo beathach aige. Ghlac mé leis gan cheist gur i Chicago a tharla sé sin, áit a raibh cónaí ar mo sheanathair sular fhill sé ar an mbaile dúchais ag tús an chéid seo caite, agus cúpla ceird foghlamtha aige thall, pláisteireacht

Timire SPRING 2016.indd 40

agus déanamh fearais capaill. Fuair mé amach ina dhiaidh sin gur thug an Coirbíneach taispeántas dornálaíochta i dTeach Ósta sa mbaile beag is gaire dúinn, Baile na Córa, thart ar leath bhealaigh idir Caisleán an Bharraigh agus Balla Álainn. Bhí nós ag iar-sheaimpíni ag an am dúshlán a chur roimh mhuintir na háite lámhainn a leagan orthu sa bhfáinne, rud ar theip ar an bhformhór a dhéanamh. Ní i bhfad ó bhaile ach ar leic an dorais a bhí Gentleman Jim feicthe ag m’athair mór. Fuair mé amach ina dhiaidh sin go raibh sagart pobail im Ardheoise féin, Tuaim, ar uncail do Gentleman Jim é. Séamus Ó Coirbín a bhí air siúd freisin, agus bhí sé mar shagart pobail i bparóiste Phartraí/Tuar Mhic Éadaigh inar chaith mé féin cúig bliana déag de mo shaol, roimh theacht go Carna dom. Tar éis go raibh an tAthair Ó Coirbín ar shlí na fírinne le beagnach ceithre scór bliain sular shroich mise an paróiste sin, bhí a cháil i mbéal na ndaoine i gcónaí; fear rua corraitheach, deirtear, ach fear é arbh é leas a phobail an chéad chloch ar a phaidrín. Bhronn mac a dhearthár, Gentleman Jim, geata iarainn agus fuinneog dhaite ar an séipéal i bPartraí,

10/02/2016 11:22


41

Bhí cáil na troda ar an Athair James, ní troid lena dhoirne, ach ag troid le Tiarnaí Talúin i ngach paróiste inar chaith sé seal.

agus tá sé ráite freisin gurbh é a d’íoc as as mballa álainn aolchloiche ar thaobh an bhóthair. De réir an tseanchais ní róthógtha a bhí an t-uncail leis de bhrí nach raibh Jim pósta le bean óg a bhí ina chuideachta agus bhris sé le hord an leac chuimhneacháin a ghlac buíochas leis an té a rinne an bronnadh ar an séipéal. Bhí cáil na troda ar an Athair James Corbett nuair a ceapadh ina shagart pobail i bPartraí agus Tuar Mhic Éadaigh é, ní troid lena dhoirne, ach ag troid le Tiarnaí Talúin i ngach paróiste inar chaith sé seal mar shéiplíneach. B’as ceantar Chill Mheáin dó ó thús agus fuair sé a chuid oiliúna mar shagart i gColáiste na nGael i bPáras. Ba é an tArdeaspag clúiteach, Seán Mac Éil, a d’oirnigh é in 1868. Bhí baint aige leis an gcéad chruinniú de Chonradh na Talúin ar an mBaile Gaelach in 1879 agus bhí sé ina bhall den chraobh áitiúil an chuid eile dá shaol. Bhí sé ar dhuine de na sagairt chróga sin a sheas leis na tionóntaí in am an ghátair, agus maireann a gcáil siúd go dtí an lá atá inniu ann dá bharr sin. Bhí aois mhaith, cúig bliana déag agus trí fichid, ag an Athair Séamus nuair a cailleadh é ar an gcéad lá den bhliain 1919, ceithre bliana déag roimh Gentleman Jim. Foclóirín: corraitheach= fuinniúil, bríomhar

Timire SPRING 2016.indd 41

10/02/2016 11:22


42

Dónall Ó Cnáimhsí

RÓSANNA FÁNACHA

An róschrann aonair sin sa ghairdín A bhfuil a fhréamhacha á soipriú agat Faoi chlúid na scraithe craosaí, Is comhartha a bhláth gan saolú fós ort féin. (Seán Ó hÉigeartaigh) Is é an gheimhreadh an séasúr a thugann garraíodóirí faoi obair anásta anróiteach agus níl obair ar bith chomh hanásta anróiteach le bearradh na rós fánach. Tá dhá dhosaen de na rósanna seo feistithe ar bhallaí ghairdíní Ghleann Bheatha agus mura gcuirtear faoi smacht iad, déanfaidh siad an gairdín a chlúdach in achar ghairid. Tá an-mhórchuid acu anseo le trí scór bliain, cineálacha a bhfuil cáil orthu fiú go dtí an lá inniu. Rósanna a chlúdaíonn na ballaí agus a líonann an gairdín le dathanna gleoite agus cumhráin amhra. An ‘ Albertine’, rós álainn ar a mbíonn bláthanna líonmhara éadroma bándearga a fhásann go neartmhar agus a thagann i dtús an tsamhraidh. An ‘Dorothy Perkins’, seanrós

Timire SPRING 2016.indd 42

atá ar an tsaol le corradh is céad bliain, níl a shárú le fáil i dtaca le bláthú: bíonn bláthanna bándearga glinne air ó mhí Iúil ar aghaidh. ‘Felicité et Perpétue’, rós an-bhríomhar ar a mbíonn bláthanna geala bána dúbailte le cumhrán galánta i Lúnasa. ‘New dawn’, rós deas bándearg a bhláthaíonn le linn an tsamhraidh ar fad. ‘Pink Perpétue’ rós bríomhar eile a bhláthaíonn go mall sa bhliain agus atá an-úsáideach le ballaí a chlúdach go dlúth. Agus an ‘Rosa Filipes Kiftsgate’ an rós is iongaí den iomlán. Bláthanna beaga buíbhána a thagann i mí Iúil, seo rós nach féidir a chloí i ndáiríre, caithfear spás a thabhairt dó le síneadh agus fás , an-úsáideach le coirnéal deacair a líonadh le dath. Is féidir agus is éasca an rós seo a ghearradh siar mar ghnáththor le deimheas mór seachas na secateurs. Seachas an ‘Kiftsgate’ is féidir na cineálacha uilig eile a choinneáil mar an gcéanna, mar tá siad uilig feistithe ar sreangán ar bhallaí. An geimhreadh an t-am is fearr le dhul

10/02/2016 11:22


i ngleic leo mar go mbíonn na plandaí lusacha bliantúla a fhásann os a gcoinne sa tsamhradh, go mbíonn siad uilig gearrtha go talamh roimhe seo. Anois sula dtosaí tú ar an ionsaí seo, is gá duit bheith gléasta agus armáilte i gceart leis na diabhal dealga a sheachaint. Seangheansaí trom a chaithim féin le veist garraíodóireachta sa mhullach air le tréan pócaí chun gach ní a choinneáil. Miotóg throm, ní gá ach ceann amháin ar an lámh chlé le greim a fháil ar na gasanna. Péire secateurs géara agus péire teascaí do na bodóga righne agus rolla de shnáth láidir. Anois caithfear a thuigbhéal go bhfásann an mhórchuid de na rósanna seo go bríomhar agus go mbláthaíonn siad go flúirseach ar na gasanna úra gach bliain. Mar sin níl aon úsáid le fás na bliana seo caite, ach go díreach leis na gasanna a thraenáil ar fud an bhalla ar na sreangáin.

43

Déanaim an chuid is mó d’fhás na bliana anuraidh a bhearradh ar shiúl síos go dtí an talamh. Roghnaím a dó nó a trí de spioraí só-lúbtha ansin agus déanaim iad a cheangal den tsreang. Caithfear bheith cúramach agus gan an gas a fháisceadh barraíocht agus mar sin ba chóir an snáth a lúbadh thart ar an ghas agus an tsnaidhm a cheangal den tsreang ansin. Déanaim féin iad a cheangal go ciorclach, chun teannas a chur sna spioraí chun fás taobhach a spreagadh, cleas a d’fhoghlaim seangharraíodóir dom nuair a thosaigh mé anseo. Tugann tascanna mar seo i gcuimhne dom na garraíodóirí iontacha a d’oibrigh sa ghairdín seo anuas thar na glúnta. Fir a chaith a saol oibre ar fad sa ghleann seo ag plandáil agus ag tabhairt aire do phlandaí aoibhne agus ag cruthú neimhe ar thalamh. Go mbeannaí Dia a saothar.

Foclóirín: scraithe, scraith = barr na cré; craosaí, craosach = amplach; anásta, anróiteach = an-deacair; fánach = a spréann amach cuid mhór; iongaí, iongach = deilgneach; lusach = ar nós an fhéir, nach mbíonn adhmad iontu; bodóg = gas tiubh gearr; tuigbheáil = tuiscint; spiora = craobh sheang; barraíocht = an iomarc

Timire SPRING 2016.indd 43

10/02/2016 11:22


44

M. Ó Mathúna

TEACHT CHUGAT FÉIN: LE BOLADH BRÉAN?

Aistrithe ag Tomás Ó Ceallaigh & ag F Mac B

Tá mearbhall orm. Taobh istigh de thréimhse tríocha bliain tá mórathrú tagtha ar an dearcadh atá ann faoi ghrúpa a mba fuath le daoine iad tráth agus a mbíodh doicheall faoi leith ag dochtúirí rompu. Anois is mó is cosúil le club den uasalaicme iad. Tá stádas ag andúiligh nach bhfuil ag aon ghrúpa eile sa tír. Tá líon ollmhór daoine fostaithe chun cúram a thabhairt dóibh. “Laghdú ar dhochar” a tugtar ar an cur cúige seo atá i mbarr a réime in Éirinn ó na 90daí i leith. Ach ‘teact chugat féin’ an cur chuige atá suas anois. Tá cineadh tógtha go mba ceart go mbeadh deis ag an drugaóir teacht chuige féin. Ach an bhfuil an cur chuige seo roghnaithe ag an drugóir, nó bhfuil sé roghnaithe ag na seirbhísí tacaíochta uilig atá tógtha timpeall air? Daoine iad na drugóirí a fhaigheann cóir leighis saor in aisce, a fhaigheann liúntas míchumais agus a bhfuil lóistín curtha ar fáil dóibh ag na húdaráis áitiúla, gan trácht ar an iliomad ionaid lae chun a chinntiú go bhfuil siad ag cloí leis an gcóir leighis ó na dochtúirí. Ach anois tá líon na ndrugóirí ag dul i laghad agus ní mór do na seirbhisí iad féin a chur in oiriúint don fhíric seo. Níl deacracht ar bith agam le lucht úsáidte drugaí, cibé má tá siad ag teacht

Timire SPRING 2016.indd 44

chucu féin nó mura bhfuil. Níor roghnaigh siad an bóthar atá á siúl acu – chruthaigh daoine eile an bóthar sin agus thosaigh an andúileach amach air trí náire, trí bhrón agus trína bheith buailte síos arís agus arís eile. Thacaigh an Stát ar an iliomad bealaigh, an córas dlí san áireamh, leis an gcur chuige seo. Sna hochtoidí in Éirinn bhí “teacht chugat féin” mar cur chuige i mbarr a réime. Ba é seo an sprioc a bhí ag lonaid Rutland, Cuan Mhuire agus Comhluadar Teiripeach Cúil Mhín. Is iomaí scéal faoi dhaoine ag teacht chucu féin, tré gheallúint Chumainn na Réadóirí, Matt Talbot ina measc. Tá an grúpa Alcólaigh Neamhaitheantha gníomhach anseo ó na caogaidí. Sa mbliain 1983 níor tugadh aitheantas d’aon chur chuige eile seachas “ teacht chucu féin “ agus ba é an tuiscint a bhí ann maidir le handúiligh ná gurbh iad an dream ba mheasa sa tsochaí iad. Nach aisteach an t-athrú dóibh a bheith roghnaithe mar an t-aon ghrúpa amháin a bhfuil an dóchas ann go n-éireoidh leo “teacht chucu féin “. Ní mar sin do dhaoine ramhra, do dhaoine a bhfuil an dubhach orthu, d’alcólaigh nó d’aon ghrúpa eile a bhfuil dian-chabhair ag teastáil uathu le teacht chucu féin. Níor cheart d’éinne bac

10/02/2016 11:22


45

Níl deacracht ar bith agam le lucht úsáidte drugaí

a chur roimh “ teacht chucu féin “ lucht úsáidte drugaí . Ach thóg sé tríocha bliain do thionscal na ndrugaí an méid seo a thuiscint. Rinne daoine an drugóir a mhealladh, a bhagairt agus a threorú isteach sa riocht a bhfuil siad ann inniu, gafa i slabhraí ceimiceacha. Is gníomhartha iad seo a chosc na handúiligh drugaí “teacht chucu féin”. Ó na nóchaidí i leith tá go leor daoine ag gnóthú airgid ag tabhairt aire d’andúiligh drugaí. Tá na cógaslainn ag tabhairt amach metadón agus oidis á scríobh ina leith ag dochtúirí teaghlaigh, dochtúirí a bhreathnaigh ar na haindiúlaigh mar dhaoine laga nach mbeadh in ann glacadh le cóireáil détocsúcáin agus athshlánúcháin agus teacht chucu féin. Tá dochtúirí agus cógaslainn an stáit sna clinicí ag cur meatadón ar fáil. Tá oibrithe de chineálacha éagsúla a chuireann ionaid ar fáil a chinntíonn go bhfannann na drugóirí gafa le slabhraí ceimiceacha

agus tá tacaíocht ag an gcóras seo ó go leor dreamanna eile atá ag saothrú beatha bhreá. Tá na tograí seo meáite ar thacú leis an drugóir i gcónaí ach anois cabhróidh siad leo ‘teacht chucu féin’. Coinneoidh na seirbhísí an maoiniú atá acu, leanfaidh na clinicí orthu ag dáileadh cógais, labharfar ar an ‘teacht chugat féin’ ach cé a thiocfaidh chuige féin? An t-airgead a chaitheadh ag tacú leis na drugóirí is iad spleach ar dhrugaí an stáit, dá gcuirtí ar fáil é thar na blianta chun tacú leo teacht chucu féin, an mbeadh tionchar aige sin ar thuairim choitianta an phobail faoi easpa dhíochas an drugóra chun a bhéasa a athrú. An mbeadh tionchar aige seo ar an smaoineamh gur ceist achrannach an ‘teacht chugat féin’ don drugóir amháin? Agus dá bharr an mbeadh an tacaíocht céanna ag gach dream chun teacht chucu féin anois, gach dream ar chomhchéim gan idirdhealú ar bith?

Foclóirín: teacht chugat féin = biseach a theacht ort; doicheall = naimhdeas; andúileach = duine atá gafa le drugaí nó alcól nó iompar neamh-shláintiúil éigin

Timire SPRING 2016.indd 45

10/02/2016 11:22


Saor gach Céadaoin leis an

Timire SPRING 2016.indd 46

10/02/2016 11:22


n

ANRAITH MEACAN BÁN AGUS ÚLL

47

Le Síle Ní Chearbhaill

Ní ithim meacan bán go rialta. Ní thaitníonn sé liom mar ghlasra toisc nach bhfuil mórán taithí agam air. Nuair a bhí mé i mo pháiste d’ith mé é brúite le meacan dearg nó rósta, ach níor bhlais mé ó shin é. Nuair a chuir duine ceist orm le déanaí mar gheall ar anraith meacan bán agus úll chuir sé ag smaoineamh mé faoi na féidearthachtaí uilig atá ann leis an nglasra seo agus bhí orm triail a bhaint astu ar ndóigh. An toradh ná anraith deas saibhir atá oiriúnach do lá geimhridh. Tá sé go hiontach ach go háirithe sa gheimhreadh nuair atá an meacan bán ina shéasúr féin. Tá codarsnacht álainn idir an meacan bán milis agus an úll cócaireachta searbh. Thriail mé roinnt oidis eile ina bhfuil curaí a chuireann teas deas leis, ach taitníonn sé liom gan churaí mar is féidir leat an blas ceart den úll a fháil. Ní gá ach 2tbsp de phúdar curaí a chuir isteach leis an ngairleog san oideas seo chun é a athrú. COMHÁBHAR: 50g im 2 oinniún 750g meacan bán 2 clóbh gairleog 500g úlla cócaireachta 1l stoc glasraí 75ml uachtar 100ml bainne Salann agus piobar MODH: 1. Mionghearr an oinniún. Bain an craiceann den mheacan bán agus na húlla agus gearr i smutáin iad. Ná bíodh an meacan bán níos mó

Timire SPRING 2016.indd 47

2.

3.

4. 5. 6.

ná 2.5cm. Leáigh an t-im i sáspan mór. Sautée an oinniún go dtí go n-éiríonn sé bog ach ná lig don dath athrú. Cuir an meacan bán, úlla agus gairleog brúite leis. Clúdaigh le stoc agus fiuch go dtí go bhfuil an meacan bán bog. Bain ón teas agus cuir salann agus piobar leis. Cumaisc é go dtí go bhfuil sé mín. Mheasc isteach an t-uachtar agus an bainne. Riar é te, le parmasán ar barr agus le harán bán.

10/02/2016 11:22


Márta

Teaghlaigh i gCruachás Go bhfaighe teaghlaigh atá i ngátar an tacaíocht is gá dóibh agus go bhfása páistí aníos in áit a bhfuil an saol mórthimpeall orthu sábháilte agus síochánta

Aibreán

Feirmeoirí Beaga Go bhfaighe feirmeoirí cúiteamh cóir ar a gcuid saothair luachmhair

Bealtaine

Urraim a thabhairt do Mhná Go raibh urraim is ómós do mhná á gcleachtadh i ngach tír ar domhan agus go raibh ardmheas ar an obair ríthábhachtach a dhéanann said ar son na sochaí

Meitheamh

Dlúthpháirtíocht Dhaonna Go bhfaighe daoine atá aosta, iad siúd atá ar an imeall agus iad siúd nach bhfuil éinne acu – fi ú i gcathracha móra an domhain – go bhfaighe siad deiseanna teagmhála agus dlúthpháirtíochta

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire SPRING 2016.indd 48

10/02/2016 11:22


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Ag Teacht Chugat Féin M Ó Mathúna

4min
pages 44-46

Radharc Gairdín Dónall Ó Cnáimhsí

3min
pages 42-43

Séamus Ó Coirbín Pádraig Standún

3min
pages 40-41

Agallamh le Seán Ó Baoill Katie Mc Greal

3min
pages 26-27

Urraim is Ómós do Mhná Helen Ó Murchú

4min
pages 36-37

Urnaí agus Soiscéalaíocht Pádraig Ó Maoldúin

3min
pages 38-39

Im Leabharlann Dom Caillte i gConamara Ian Ó Caoimh An Bhean Feasa Tomás Ó Ceallaigh Sc Ghearóid Iarla, Ailsing, Ceist eile agam ort Scoláirí ó Scoil Caitríona

8min
pages 32-35

Na Moncaithe agus na hÉisc Gabriel Rosenstock

1min
page 23

Cúinne na bhFilí Don Teach, 169 Sráid Parnell Áine Ní Mhaoldomhnaigh-Ó Drisceoil Dánta an Phluincéadaigh Gabriel Rosenstock & Seán Mac Cumhaill

5min
pages 28-31

Fianaise ón Aifric Peter Mc Cawille

4min
pages 20-22

Salann na Talún Tomás Ó Fatharta

4min
pages 18-19

Ioslámachas & an Dúshlán do Chríostaithe Pádraig Ó Murchú

3min
pages 8-9

Ó Ghlúin go Glúin Sorcha Ní Chéilleachar

3min
pages 6-7

Scéal an Athar Seán Séamus Ó Murchú

4min
pages 12-13

‘Brooklyn’ agus an éargna Iognáide Aileen Mhic Cionna

4min
pages 4-5

Lá ‘le Pádraig Liam Ó Cuív

4min
pages 14-15

Litreacha ón Ath. Seosamh

2min
pages 10-11

EMBRACENI Dónal Ó hÉalaithe

4min
pages 16-17
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.