![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093954-98f08cd7903ec238ea66989860ae4f9b/v1/2229ee088826d55435b962e261a401cd.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
3 minute read
Ó Ghlúin go Glúin Sorcha Ní Chéilleachar
Sorcha Ní Chéileachair
(Comhbhunaitheoir Tuismitheoirí na Gaeltachta)
Ó GHLÚIN GO GLÚIN...
Bunaíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta sa mbliain 2011 le cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa nGaeltacht nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh. Tá fás agus forbairt tagtha ar an eagraíocht ó shin agus faoi láthair tá os cionn 325 teaghlach i gConamara agus 41 teaghlach i dTír Chonaill ag úsáid na seirbhísí a chuireann muid ar fáil. Tá ionad pobail bunaithe againn ar an gCeathrú Rua ó Mheán Fómhar 2015 agus réimse leathan imeachtaí ar bun ann.
Bhí cúis faoi leith le bunú na heagraíochta. Tá athrú ó bhun tagtha ar úsáid na Gaeilge sa phobal Gaeltachta le blianta beaga. Ba é an dúshlán ba mhó a bhí ann san am a caitheadh, an Ghaeilge a mhúineadh do na gasúir arbh é an Béarla a dteanga baile. D’éirigh le gasúir an teanga a fh oghlaim go leibhéal ardchumais, caighdeán a bhí ag teastáil lena gcuid foghlama a dhéanamh sa teanga sin, agus ionas go mbeadh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh lena gcairde a raibh an teanga sealbhaithe ó dhúchas acu.
Dúshlán eile a bhí ann, freastal ar an imní a bhí ar thuismitheoirí faoi chaighdeán Bhéarla na gcainteoirí óga dúchais. Bhí an Ghaeilge á labhairt acu sa mbaile agus i measc an phobail níos leithne - bhí sí saibhir agus ní raibh aon imní á dhéanamh di.
Ach tá an Ghaeltacht athraithe ó bhun. Is pobal dátheangach atá sa Ghaeltacht anois. Ní baol d’fh oghlaim an Bhéarla i measc cainteoirí dúchais. Níl an Ghaeilge chomh forleathan agus a bhí agus níl sé chomh héasca an teanga a mhúineadh don fh oghlaimeoir.
Tá tacaíocht fós ag teastáil ón bhfoghlaimeoir, ó na gasúir nach í an Ghaeilge a dteanga bhaile agus tá sé riachtanach é seo a aithint. Ach cad faoi na cainteoirí dúchais? Níl an cainteoir óg dúchais sa mhóramh sa Ghaeltacht níos mó ach amháin i bpobail eisceachtúla. In áit an foghlaimeoir a bheith báite i measc na gcainteoirí dúchais mar a bhíodh, a mhalairt atá ag tarlú sa nGaeltacht sa lá atá inniu ann.
Mar thuismitheoirí, is fúinne atá sé cinneadh a dhéanamh faoin teanga a bhíonn in úsáid sa mbaile agus is fúinne atá sé sna blianta tosaigh, sealbhú na teanga seo a chinntiú.
Ach ina dhiaidh sin táimid ag brath go mór ar an bpobal (an córas oideachais san áireamh) le go gcinnteofar go sealbhóidh ár ngasúir teanga go leibhéal cumais an
chainteora dhúchais.
‘Sé an chéad sprioc a leag muid síos ná gréasán de theaghlaigh a chruthú, a bheadh in ann tacaíocht a thabhairt dá chéile. Chuir muid romhainn mar phríomh aidhm ón tús, ócáidí sóisialta a eagrú don teaghlach uilig, rud a thagann le ráiteas misin na heagraíochta ‘Comhluadar Gaeilge do Theaghlaigh i gConamara’. Bíonn na hócáidí seo nó ‘Siamsán na nÓg’ mar a thugann muid orthu, á reáchtáil in ionaid éagsúla ar fud Chonamara.
Theastaigh uainn dóchas agus muinín (iontu féin agus sa teanga) a spreagadh san aos óg freisin, rud a léirítear i manna na heagraíochta ‘Is Muide an Chéad Ghlúin Eile’. Cuireann Tuismitheoirí na Gaeltachta romhainn, tearmann teanga a chruthú ag ócáidí uile na heagraíochta. Seo an múnla atá aitheanta agus molta ag saineolaithe pleanála teanga le sealbhú teanga a chinntiú. Tearmann sábháilte, gan aon bhrú ná tionchar ó theangacha eile, is tearmann teanga é a thugann deis do na gasúir iad féin a chur i láthair go hiomlán, gan aon bhagairt, ina dteanga dhúchais. Cothaíonn sé seo muinín sna páistí astu féin mar chainteoirí dúchais.
Is ar bhonn deonach a fh eidhmíonn an coiste agus níl aon duine fostaithe le cúrsaí na heagraíochta a riaradh. Ach mar sin féin, is léir go bhfuil éileamh ann dá leithéid d’eagraíocht, agus don tacaíocht a chuirtear ar fáil dá réir. Tá súil againn gur mar sin a leanfaidh cúrsaí agus go mbeidh rath in ann dúinn san am atá le teacht.
INTINN UILÍOCH DO MHÍ AN MHÁRTA, 2016 Go bhfaighe teaghlaigh atá i ngátar an tacaíocht is gá dóibh, agus go bhfása páistí aníos in áit a bhfuil an saol mórthimpeall orthu sábháilte agus siochánta
Foclóirín: gasúir = páistí; sealbhaithe = fréamhaithe nó foghlamtha go maith; dúshlán = rud a d’fh éadfadh a bheith deacair a dhéanamh; sprioc = aidhm; gréasán = líonra nó eangach; muinín = iontaoibh; tearmann = áit slán; deonach =gan pá