26
Timire Croí na hÓige MANGAIRE DRUGAÍ NUA AR SEIT ROS NA RÚN Katie McGreal
Nuair a bhí Seán Ó Baoill ag fás aníos bhreathnaíodh sé go rialta ar an sobaldráma, Ros na Rún agus le breis is bliain anois, tá sé ag aisteoireacht sa dráma céanna. Ní dhearna sé mórán aisteoireachta sula bhfuair sé an pháirt mar Adam Ó Murchú. Rinne sé ranganna drámaíochta agus é óg agus bhí sé lárnach sna cumainn drámaíochta nuair a bhí sé san ollscoil. Ghlac sé páirt i ngearrscannáin a chairde san ollscoil freisin. Ba é seo an chéad uair dó a bheith ar an teilifís agus is breá leis é. “Tá mo chroí istigh ann,” a deir sé. D’fhoghlaim sé an-chuid faoin aisteoireacht, go háirithe ó na haisteoirí eile. Bhain sé ansult as comhairle agus as moltaí a fháil ó aisteoirí a thaitin go mór leis thar na blianta. Bhí Adam ar an scáileán go dtí mí na Samhna seo caite agus d’oibrigh Seán le Ros na Rún ar bhonn páirtaimseartha. Tá post lánaimseartha aige mar fhísiriseoir leis an suíomh Gréasáin, Meon Eile. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath anois ach bhí sé lonnaithe i mBéal Feirste go lánaimseartha an chuid is mó den am a raibh sé ag taifead le Ros na Rún. Bhíodh air taisteal ar an mbus ó Bhéal Feirste go
Timire SPRING 2016.indd 26
dtí an Spidéal do na laethanta taifeadta a bhí air. Lean sé le hobair Meon Eile le linn na laethanta taifeadta sin freisin. Thaifead sé cúpla físeán faoi Ros na Rún don suíomh. I measc na bhfíseán sin, rinne sé ceann faoi a bheith taobh thiar den cheamara ar seit Ros na Rún. “Bhí sé deacair dearmad a dhéanamh ar an obair,” a deir sé faoi na laethanta taifeadta a bhí aige le Ros na Rún, “Bhí mé ar seit Ros na Rún ag aisteoireacht ar feadh seachtaine uair amháin agus b’in an t-am ab éasca dom fanacht i gcarachtar.” Thaitin an éagsúlacht a bhaineann leis an dá phost go mór leis. Is maith leis a bheith ag déanamh rud difriúil gach lá ach bíonn sé deacair teacht ar scéalta do Meon Eile uaireanta. Bíonn sé ar lorg scéalta suimiúla nach bhfuil aon trácht orthu sna meáin eile. Is as Loch an Iúir i dTír Chonaill é Seán ó dhúchas. Is maith leis filleadh abhaile ar a mhuintir ach ní fheiceann sé é féin ag dul a chónaí ansin arís. “Sílim go bhfuil sé róshuaimhneach domsa,” a deir sé, “Is breá liom dul abhaile i gcomhair sosa agus le mo chairde agus mo mhuintir a fheiceáil ach de réir mar atá an obair ag dul anois ní dóigh liom go
10/02/2016 11:21