An Timire - Earrach 2016

Page 20

i

20

Peter McCawille, SMA, Abuja, Nigeria.

FIANAISE ÓN AFRAIC

Chuir cuairt an Phápa Proinsias ar an Afraic le déanaí béim arís ar an bhfíric go bhfuil an daonra Caitliceach ag méadú níos tapúla san Afraic ná in aon áit eile ar domhan agus taispeánann na staitisticí is déanaí ón Catholic Relief Services go bhfuil méadú de 238% ar dhaonra na hAfraice ó 1980 agus atá anois gar do 200 milliún. Meastar má leanann na treochtaí reatha seo ar aghaidh go mbeidh 24% d’Afracaigh ina gCaitlicigh faoin mbliain 2040. Tá cuimhní glinne gléineacha agam mar mhisinéir sa Nigéir ar na hócáidí iomadúla gur cothaíodh mo chreideamh féin de thoradh díograise lúcháirí na ndaoine ina raibh mé i mo chónaí. Ba Chincíseach (Pentecostalist) Lasisi, an chomharsa ba ghaire dom, a d’oibrigh mar bhricléir. Bhí sé iontach bheith ag éisteacht leis, bhí sé chomh macánta sin, agus é ag caint faoin meas a bhí aige ar Naomh Treasa ó Avila agus ar an manach Trapach sin, Thomas Merton, a raibh a dhírbheathaisnéis Seven Story Mountain beagnach de ghlanmheabhair aige. Ní dhéanaim dearmad ar Mama Lucy ach an oiread, miontrádálaí, a chuir iontas orm tráthnóntaí Domhnaigh leis an míniú a bhí aici ar an Soiscéal na maidineacha sin. Mhair Lucy ag stracadh leis an saol agus bhí a creideamh múnlaithe ar an saghas saoil sin,

Timire SPRING 2016.indd 20

ach ma chreideamh é a bhí láidir doimhin, gan mhíthuiscintí, ná aon phioc den fhéintrua. Cosúil leis na mílte eile bhí siad beirt ‘réidh in am ar bith le freagra a thabhairt ar an té a fhiafraíos díobh cé an t-údar atá leis an dóchas sin atá agaibh’ (1Peadar3:15). Bhain spiorad láidir diaganta le gach gné dá saol, a chaith siad taobh istigh agus taobh amuigh den Eaglais. Bhí siad sásta go híomlán le Dia agus le teachtaireacht Dé ach ag an am gcéanna bhí siad cúirtéiseach agus tuisceanach le daoine nár chreid mar a chreid siad. Soiscéalaithe éifeachtachta ab ea an bheirt acu, trí fhianaise a saoil féin. Agus mé ag roinnt mo chuid smaointe libh mar fhreagra ar intinní an Phápa Proinsias do mhí Aibreáin is eol dom go maith gur annamh a aithnítear nach rud nua é an soiscéalaíocht d’Ilchríoch na hAfraice. Nár chuir an Afraic fáilte roimh an Leanbh Íosa agus an Teaghlach Naofa nuair a theith siad chun na hÉigipte? Ní foláir go bhfacthas an imeacht suntasach seo mar imeacht thábhachtach i dtús stair na soiscéalaíochta. Ina theannta sin ar lá na Cincíse ba iad Afracaigh a bhí imeasc na ndaoine a chuala aitheasc Pheadair agus a thug an teachtaireacht ar ais chun a dtíortha féin. Tá dul chun cinn do-chreidte déanta i gcraobhscaoileadh an

10/02/2016 11:18


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.