An Timire - Earrach 2016

Page 42

42

Dónall Ó Cnáimhsí

RÓSANNA FÁNACHA

An róschrann aonair sin sa ghairdín A bhfuil a fhréamhacha á soipriú agat Faoi chlúid na scraithe craosaí, Is comhartha a bhláth gan saolú fós ort féin. (Seán Ó hÉigeartaigh) Is é an gheimhreadh an séasúr a thugann garraíodóirí faoi obair anásta anróiteach agus níl obair ar bith chomh hanásta anróiteach le bearradh na rós fánach. Tá dhá dhosaen de na rósanna seo feistithe ar bhallaí ghairdíní Ghleann Bheatha agus mura gcuirtear faoi smacht iad, déanfaidh siad an gairdín a chlúdach in achar ghairid. Tá an-mhórchuid acu anseo le trí scór bliain, cineálacha a bhfuil cáil orthu fiú go dtí an lá inniu. Rósanna a chlúdaíonn na ballaí agus a líonann an gairdín le dathanna gleoite agus cumhráin amhra. An ‘ Albertine’, rós álainn ar a mbíonn bláthanna líonmhara éadroma bándearga a fhásann go neartmhar agus a thagann i dtús an tsamhraidh. An ‘Dorothy Perkins’, seanrós

Timire SPRING 2016.indd 42

atá ar an tsaol le corradh is céad bliain, níl a shárú le fáil i dtaca le bláthú: bíonn bláthanna bándearga glinne air ó mhí Iúil ar aghaidh. ‘Felicité et Perpétue’, rós an-bhríomhar ar a mbíonn bláthanna geala bána dúbailte le cumhrán galánta i Lúnasa. ‘New dawn’, rós deas bándearg a bhláthaíonn le linn an tsamhraidh ar fad. ‘Pink Perpétue’ rós bríomhar eile a bhláthaíonn go mall sa bhliain agus atá an-úsáideach le ballaí a chlúdach go dlúth. Agus an ‘Rosa Filipes Kiftsgate’ an rós is iongaí den iomlán. Bláthanna beaga buíbhána a thagann i mí Iúil, seo rós nach féidir a chloí i ndáiríre, caithfear spás a thabhairt dó le síneadh agus fás , an-úsáideach le coirnéal deacair a líonadh le dath. Is féidir agus is éasca an rós seo a ghearradh siar mar ghnáththor le deimheas mór seachas na secateurs. Seachas an ‘Kiftsgate’ is féidir na cineálacha uilig eile a choinneáil mar an gcéanna, mar tá siad uilig feistithe ar sreangán ar bhallaí. An geimhreadh an t-am is fearr le dhul

10/02/2016 11:22


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.