An Timire - Earrach 2016

Page 38

38

Pádraig Ó Maoldúin

URNAÍ AGUS SOISCÉALAÍOCHT SAN EAGLAIS Táim i mo bhall den Comhluadar Imeánúéil, comhluadar atá bainteach go mór le soiscéalaíocht san eaglais. Is comhluadar miseanach muid. Bíonn misean míosúil againn in Ionad Siopadóireachta na Cearnóige i dTamhlacht ar Satharn amháin den mhí. Bíonn Aifreann á reachtáil ag an gComhluadar san aireagal ansin a thosaíonn ag meánlae. I ndiaidh an Aifrinn bíonn Adhradh Eocairisteach ar siúl go dtí Urnaí an Tráthnóna agus bíonn sagart ar fáil le haghaidh faoistine. Fanann roinnt den Chomhluadar san aireagal ag guí ar son an mhisin agus ag an am céanna téann na baill eile i mbun soiscéalaíochta san Ionad. Le haghaidh gach misean bíonn áit áirithe san Ionad Siopadóireachta ina bhfuil cead ag an gComhluadar spás tearmainn a chruthú le bord, íocón, litríocht dhiaganta agus coinneal lasta. Ar feadh dhá uair a chloig ansin, téann misinéirí an Chomhluadair i dteagmháil le lucht siopadóireachta an ionaid, ag roinnt áthas ár gcreidimh agus ag tairiscint dóibh coinneal saor in aisce chun lasadh san aireagal. Bíonn iontas orainn i gcónaí faoi oscailteacht na ndaoine agus an comhrá a bhíonn eadrainn. Go minic bhíonn comhrá

Timire SPRING 2016.indd 38

fada againn faoin gcreideamh. Iarrann roinnt acu orainn guí ar son a n-intinní. Fanann siad an fhaid a theastaíonn uathu san aireagal agus bíonn fáilte rompu urnaí a scríobh agus focal scrioptúir a thogáil as ciseán atá ar fáil ag an altóir. Bíonn aiseolas dearfach againn i gcónaí agus daoine ag caint faoi cé chomh corraitheach is a bhíonn sé cúpla nóiméad a thogáil as an siopadóireacht gnóthach chun coinneal a lasadh agus a bheith í láithreacht Dé. Ó am go chéile bíonn misean paróiste eagraithe ag an gComhluadar chomh mhaith, mar shampla an misean a bhí againn i bParóiste an Iúr le déanaí. I rith na misean seo bíonn an comhluadar páirteach i go leor gníomhaíochtaí éagsúla mar shampla soiscéalaíocht sráide, seirbhís atrua, agus cuairt ar thithe an pharóiste agus scoileanna; ag plé le liotúirge na heaglaise agus imeachtaí sa cheantar áitiúil. Tagann teideal an Chomhluadair ón scrioptúr: “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánúéil mar ainm air, – ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn” (Matha 1:23). Tá áit tábhachtach ag an Mhaighdean Mhuire, Máthair an Imeánúéil i spioradáltacht an Chomhluadair agus

10/02/2016 11:22


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.