2 minute read
Tearmann Éanna i gConamara Peadar Mac an Iomaire
Peadar Mac an Iomaire, Cathaoirleach Thearmann Éanna Teo.
13
TEARMANN ÉANNA I gCONAMARA THEAS
(Leanann an t-údar lena thuairisc ar an gcomhlacht a chuidíonn le daoine an saol a chaitheamh go neamhspleách.) Tá ionad lae á reáchtáil ag Tearmann Éanna ar an Tuladh faoi láthair, le freastal ar aosaigh atá ag cur fúthu ag baile agus le deis a bheith acu teagmháil níos minicí lena chéile agus deiseanna aclaíochta a bheith acu. Is é ár mian san ionad seo go mbeidh na háiseanna ann don aoisghrúpa seo agus go mbeidh an lucht freastail chomh ríméadach céanna agus a bhídís ina n-óige ag freastal ar hallaí damhsa ina mbíodh céilithe, drámaí agus gníomhaíochtaí eile dóibh.
Béilí ar Rotha
Tá Tearmann Éanna ag soláthar béilí ar rothaí do dhaoine sa gceantar ó Sheanadh Phéistín go dtí na Forbacha. Chomh maith le bheith ag soláthar béile te, táthar freisin ag cinntiú go bhfuil deis cumarsáide ag daoine agus go bhféadfaí freastal ar aon riachtanais ins na cuairteanna a thugtar orthu.
Tollán Glasraí
Táthar tar éis tollán glasraí a thógáil le deis a thabhairt do na haosaigh leanúint de bheith ag cur, ag glanadh agus ag tabhairt aire do ghlasraí mar a rinne siad i rith a saoil. Tugtar cuireadh freisin do dhaltaí idirbhliana foghlaim ó na haosaigh trí scileanna curadóireachta a fháil uathu agus scileanna teicneolaíochta a roinnt leo.
Cúram na nEaslán
Tá comhoibriú idir an Feidhmeannas Sláinte agus Tearmann Éanna chun cúram a chur ar fáil do dhaoine atá lonnaithe i dtithe Thearmann Éanna ó ghnáthéagaoin go dtí cúnamh siopadóireachta agus iompair. Deantar iarracht daoine a bhfuil galar Alzheimer ag priocadh leo a chur i dteagmháil le daoine atá ar chomhscileanna agus comh-spéiseanna leo chun a gcuid scileanna a chleachtadh agus a n-intinn a aclú leis an ngalar uafásach sin a mhaolú.
Pobal ar Aire
Tá Tearmann Éanna ag comhoibriú le Coistí Pobal ar Aire sa gceantar agus tá scéim téacs ar aire bunaithe le gairid le go mothóidh daoine atá ag cónaí leo féin i bhfad níos sábháilte ina dtithe féin.
Turais
Bíonn roinnt turas gach uile bhliain ag Tearmann Éanna d’aosaigh an cheantair idir dhaoine atá ag cónaí sna tithe agus dhaoine eile ó cheann ceann an cheantair. Tugtar cuairt ar áiteanna stairiúla chomh maith le lóistín cúpla oíche a chur ar fáil don lucht freastail in óstáin ó cheann ceann na tíre. ‘Sé bun agus barr obair Thearmann Éanna go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh Conamara Theas ar an áit is fearr ar domhan le dhul in aois ann agus de réir a chéile creideann muid go láidir go bhfuil ag éirí linn an sprioc sin a bhaint amach.
Foclóirín: aclaíocht = gníomhaíocht fhisiciúil ar mhaithe leis an tsláinte; tollán glasraí = teach gloine ach díon cuarach plaisteach air