11 minute read
Im Leabharlann Dom Dánta Gaeilge Conleth Ellis Seán de Fréine Cathal Ó Sándair Seán Ua Cearnaigh Going Up the Holy Mountain Máirín Hurndall
32
IM LEABHARLANN DOM
Stór na Síthe: Dánta Gaeilge Conleth Ellis Cathal Ó Háinle, eagarthóir, Coiscéim Praghas €10 Léirmheas le: Seán de Fréine
Céad bliain ó shin, bhí fi líocht na Gaeilge in ísle brí, í dingthe go daingean san ochtú haois déag. Go dtí lár na haoise seo caite, mhair an scéal amhlaidh. Ar éigean atá dán ar bith ón tréimhse ghortach sin is féidir a lua ó chuimhne seachas Na Coisithe le Liam Gógan agus Valparaiso le Pádraig de Brún. Corrcheann eile a d’fh éadfaí a thochailt, b’fh eidir, ach is gann iad. Ba í marbhfh áisc an traidisiúnachais chomh docht sin ar chuisle na cruthaíochta gur cuireadh olc ar go leor daoine, fi lí ina measc, nuair a tháinig Seán Ó Ríordáin le guth úr i láthair sna caogaidí. Ach bhí bearna déanta aige, agus nuair a láithrigh Máirtín Ó Direáin le téamaí nua ó cheartlár na Gaeltachta, ó Inis Mór Árann, bhí an sop séidte i gceart maidir le sacráltacht na seanmhúnlaí. Tháinig an fh ilíocht úr ina caisí ansin, as tobar Innti i gCorcaigh agus as áiteanna eile nach samhlófá.
Ar na háiteanna sin bhí Sráid Montgomery i mbaile Cheatharlach, mar ar saolaíodh an fi le Conleth Ellis in 1937. Faoi lár na seascaidí, bhí aitheantas á bhaint amach aige mar fh ile cumasach i mBéarla. Ansin tháinig sé faoi thionchar na gluaiseachta nua i bhfi líocht na Gaeilge, agus léirigh sé féith na fi líochta sa teanga sin chomh maith. Foilsíodh Fómhar na nGéanna leis in 1975. Sa dán den ainm céanna, deireann se, ‘Nach déanach mé chun m’oidhreacht a éileamh./ Éist! Seo chugam, b’fh éidir, fómhar na ngéanna.’ Bímis buíoch gur tháinig. Is iontach an stór a chuir sé ar fáil le linn tréimhse ghairid. Éacht shamhlaíochta is ea Táin, an dán fada ‘eipiciúil’ ina gcuireann sé síos ar eachtraí ceathrar ógánach ar ráig ghluaisteáin trí lár na tíre ar nós Mhéidhbhe agus Fheirdia agus iad ar ropadh leo tríd an cheantar céanna dhá mhíle bliain roimhe sin. Leabhar luachmhar údarásach is ea an cnuasach seo, ar gach dóigh. Brollach den scoth leis, ina bhfuil cur síos cuimsitheach scolártha críochnúil leis an eagarthóir ar bheatha agus ar shaothar an fh ile; agus gach dán Gaeilge dár scríobh sé riamh, fad is eol dúinn, idir dhá chlúdach an leabhair. Agus raidhse nótaí lena chois. Tá ardmholadh ag dul don eagarthóir agus don fh oilsitheoir.
Agus an bhliain seo, nuair atá aitheantas cuí á thabhairt faoi dheireadh do ról na mban i stair na hÉireann, is tráthúil é an glór a thugann Conleth do bhanlaoch tragóideach amháin inár litríocht: ‘A Thomáis Láidir Coisteala, mo dhubhghrá, ba bhograchán riamh thú,/ ’S ba choinneal faoi choinne an gheimhridh a leáigh agus mise ’mo chodladh thú;/ Nuair a threoraigh m’athair faoi dheireadh go dtí seomra mo bhróin thú,/ Nárbh é mo chreach mhaidine chráite nár pósadh led’ Úna Bhán thú?’
Múchadh an meon a thug dúinn an fh ilíocht álainn seo in aois a chaoga haon. Suaimhneas dá anam i measc na n-éigsí.
CATHAL Ó SÁNDAIR le Seán Ua Cearnaigh
Agus mé ag cur caoi ar mo chuid leabhar ar na mallaibh, thug mé suntas ar leith de shaothar amháin, a foilsíodh corradh agus tríocha bliain ó shin. Bhaineas antaitneamh go deo as an leabhar nuair a léigh mé é den chéad uair. Táim díreach i ndiaidh é a léamh arís agus creid uaimse é gur leabhar álainn é. Séard is teideal dó, ná, “An Glór Glé Glinn Fadó”. Cathal Ó Sándair a scríobh. Mar is eol dúinn, is iomaí scéal deas agus aiste bhríomhar a scríobh Cathal don iris seo agus séard atá sa leabhar ná cnuasach de na scríbhinní céanna.
Ba údar éachtach é Cathal Ó Sándair, corradh agus céad saothar dá chuid i gcló agus neart leabhar eile nár foilsíodh riamh, faraoir. Gan amhras ar bith, ba é an scríbhneoir Gaeilge ba bhisiúla dár rugadh riamh. Sasanach ba ea a athair agus rugadh Cathal féin sa tír sin, ach tógadh é i mBaile Átha Cliath.
Ba dhuine lách, cairdiúil é gach lá riamh, fear uasal ionraic, Críostaí den scoth. In Weston-Super-Mare, Somerset, Sasana a rugadh é ar Iúil 15, 1922. B’as Dorset dá athair, iarshaighdiúir Sasanach, a thabhaigh clú mar dhornálaí. Agus Cathal fós ina naíonán, d’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath, cathair dhúchais a mháthar agus is ann a tháinig sé i méid.
I Scoil Treasa, Ascaill Dhún Uabhair agus i Meánscoil na mBráithre Críostaí i Sráid Synge, a fuair Cathal a chuid oideachais. Ba iad na Bráithre a mhúscail spéis Chathail sa Ghaeilge. Chaith sé tréimhse i gCois Farraige, ag cur snasa ar a chuid Gaeilge agus é fós ina ghasúr. I ndiaidh dó an scoil a fhágáil, chaith sé seal beag sna Bráithre Críostaí i gColáiste Chiaráin i mBré. Ina dhiaidh sin agus an cogadh ar siúl, d’oibrigh sé sa Roinn Soláthairtí. Agus an cogadh thart, chuaigh sé isteach sa tSeirbhís Chustaim agus Máil agus seoladh é ó thuaidh go Cairlinn, Co. Lú, áit ar chuir sé aithne ar na cainteoirí dúchasacha deireannacha in Ó Méith. Scríobh sé a chéad scéal gairid i nGaeilge do “Tír na nÓg’’ (forlíonadh de chuid “Our Boys’’) agus gan ach 16 bliain slánaithe aige. In 1943, tháinig a chéad leabhar ar an margadh. B’shin, “Na Mairbh a d’Fhill’’, scéal corraitheach faoin taighdealaí iomráiteach Réics Carlo.
Is iomaí leabhar eile faoin mbleachtaire céanna a foilsíodh sna blianta a lean. Chuir déagóirí na tire dúspéis in eachtraí Réics. Gan trácht ar na scéalta breátha a scríobh Cathal faoi Réamonn Óg, sirriam agus laochra an tsean-iarthair fhiáin!
Scríobh Cathal leabhair eile freisin, a bhí lonnaithe in Eirinn agus a bhain le buachaillí agus cailíní a linne féin agus is iontach an tóir a bhí orthu. Is iomaí duine óg a thug gean don Ghaeilge den chéad uair riamh, de bharr scríbhinní Chathail Uí Shándair agus mairfidh a chuimhne go deo i ngeall air sin.
An Gúm a d’fhoilsigh an chuid is mó ar fad de shaothar Chathail. Bhí tráth ann sna 1950í, nuair a bhíodh leabhair dá chuid á fhoilsiú gach uile mhí.
Tar éis dó tréimhse a chaitheamh in 1953 ar chúrsa i gConamara do scríbhneoirí Gaeilge, d’éirigh sé as a phost sa tSeirbhís Chustaim agus Máil.
Chuaigh sé le scríbhneoireacht go lán-aimseartha agus d’éirigh leis ar feadh tamaill. Bhíodh sé ag scríobh don pháipéar Gaeilge, “Inniu’’, don “Timire’’ agus go leor irisí eile, ach i ndeireadh na dála, bhí sé fágtha gan mórán teacht isteach aige agus b’éigean dó filleadh ar
34
IM LEABHARLANN DOM
a sheanphost in 1963. Níor caitheadh go maith leis, nó seoladh é ó áit go háit ar fud na tíre agus nuair a d’éirigh sé as obair ar ball, is pinsean laghdaithe a fuair sé.
B’shin an buíochas a tugadh dó as ucht a ndearna sé don Ghaeilge agus don scríbhneoireacht.
Bhí Cathal bainteach le Glúin na Buaidhe, eagras raidiceach Gaeilge, sna 1940í. Ba í an Ghaeilge an chéad chloch riamh ar a phaidrín, nó ní bheadh amhras ar éinne a léann “An Glór Glé Glinn Fadó’’ faoi sin. Bhí an-dúil aige sa dúlra, sa saol aoibhinn faoin aeir. Bhí an-spéis aige freisin sna teangacha Ceilteacha agus bhí Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais agus Gaeilge Oileán Mhanann ar a thoil aige. Ar na leabhair a scríobh sé, is é an ceann is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa agus mé ag éirí aníos ná, “Bliain ón mBás”. Scéal álainn é seo, faoi scríbhneoir óg ó Bhaile Átha Cliath, nach raibh daite dó ar an saol seo ach bliain amháin, de réir a dhochtúra agus faoin gcaoi ar lonnaigh sé i gCo.
Chill Mhantáin mar oibrí feirme, áit ar thit sé i ngrá agus ar fh ill a shláinte ar ais chuige.
Mar a dúirt mé cheana, bhíodh Cathal ag scríobh scéalta agus aistí do “An Timire’’ thar na blianta. D’eisigh Foilseacháin Ábhair Spioradálta iadsean i bhfoirm leabhair faoin teideal, “An Glór Glé Glinn Fadó’’ in 1980.
Phós Cathal Máire McGeown as Co. Ard Mhacha agus bhí ceathrar clainne acu. Seán, mac amháin, chaith sé seal le R.T.É., mar thráchtaire spóirt.
D’éag Cathal Ó Sándair ar 18 Feabhra, 1996. Rinne sé a chion féin ar son thír agus theanga na hÉireann. Beannacht Dé lena anam geal.
Foclóirín
ba bhisiúla = a scríobh an méid is mó; a thabhaigh = a thuill; taighdealaí = bleachtaire; sirriam = póilín sinsearach na mbuachaillí bó
Going Up the Holy Mountain Treoirleabhar Spioradálta, Gary Hastings Columba Press Pragas: €14.99
Léirmheas le Máirín Hurndall
Nuair a thóg mé “Going Up the Holy Mountain” le Gary Hastings, shíl mé ar dtús gur scéal na hOilithreachta in Éirinn a bheadh ann. Suimiúil go leor ann féin, d’fh éadfaí a rá, ach ní fada mé ag tiontú na leathanach gur tháining tuiscint chugam gur ár seal sa saol seo a bhí i gcéist ag Gary, mar shliabh beannaithe. Nach álainn an íomhá sin!
Ar ndóigh is ar neamh atá muid treoraithe “suas”, b’fh éidir nach chuig na spéartha – níl ‘s agam – ach “suas” i gcónaí go dtí beatha níos fearr. Ach éagosúil le Cruach Phádraig nó a mhacasamhail, bíonn bacainní ann ar an bhealach suas, tá sé crua agus bíonn cuidiú de dhíth. Deasghnáthanna thart ar na stadanna ar an tslí. Mar shampla an Paidrín, ach tugann Gary i bhfad níos mó dúinn.
Agus tá an Bíobla breac le coincheap an tsléibhe naofa. In Iseáia, Caibidil 2, deirtear go “Titfi dh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte, agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é.”
Agus thagadh Iosa chuig an sliabh go minic le guí a dhéanamh. Sa dóigh sin, tig an meafar agus an dúlra le chéile i mbainis fh oirfe.
Is iad na huirlisí a thugtar dúinn ag Gary chun muid a thabhairt i dtreo an chinn scríbe ná Oilithreacht, Paidreoireacht, Machnamh agus na Stadanna (Stations). Fá choinne gach sampla díobh siúd bionn sleachta ón Scrioptúr le húsáid agus b’iad is mó a chuidigh liomsa agus mé ag
leanstan mhodhanna Gary.
Tá an stíl ina bhfuil an leabhar scríofa ar nós leabhar féin-chuidiú go pointe. Tá sé soiléir, cuirtear cúrsaí i bhfoirm ceisteanna agus freagraí. Sa mhéad sin, tá sé thar a bheith maith. Ach, mhothaigh mé uaireanta go raibh barraíocht den fhriotal nua-aoiseach, nua-aimseartha agus béarlagair, mar shampla: “the religious devotions of our grandparents are no longer cool”, “that is a big deal” agus “for heaven’s sake”. Anuas air sin rud eile a chuir as dom beagáinín ná iliomad tagairtí do chreidimh eile – Hiondúchas mar shampla – ar chaoi a shamhlófá gur de luach comhionann a ghnásanna, cé go n-aontaím go bhfuil cleachtaithe fíor-mhaith acu. Már a déarfadh m’athair féin: “Níor fhág Dia an talamh ariamh gan fhinné”.
Míníonn Gary cuid mhaith faoina dtarlaíonn ar shléibhte naofa na hÉireann agus an nasc atá ann leis an sean-fhéilire Ceilteach. Tá ár dtír lomlán de thoibreacha beannaithe, agus cairn, mar aon le cnoic.
B’é an chaibidil ar Phaidreoireacht is mó a thaitnigh liom. Bainim an-úsáid as agus déanfaidh mé go deo. Tá mé iontach buíoch do Gary as na paidreacha is na sleachta scioptúir uilig a chur in aon áit amháin domsa. Pléann sé roinnt cineálacha paidreacha: (1) Comhrá le Dia; (2) Paidreacha Comhchoiteanna cosúil le “Ár nAthair”; Na Sailm – thar a bheith spéisialta – má bhíonn tú ag iarraidh maithiúnais nó leighis, mar shampla, bain triail as Salm 103 2-4: 2 Beannaigh an Tiarna, a anam liom; ná tabhair i ndíchuimhne a thíolacthaí uile. (3) Maitheann sé do chionta go léir duit; agus leigheasann sé d’easláintí uile. (4) Fuasclaíonn sé d’anam ón uaigh; (5) Idirghuí: deir Gary go dtig linn aon rud a iarraidh ach go gcaithfear cuimhniú i gcónaí nach cóir rudaí a éileamh agus tá fáth ann nach bhfaighimid mian ár gcroí go minic; (5) Lectio Divino ina mbíonn tú ag léamh sleachta agus ansin ag machmamh air agus ag labhairt le Dia faoinar tháinig chugat agus ar deireadh, scíth a fháil i Láithreacht Dé.
Bhí Machnamh níos casta agus níos deacra – agamsa cibé ar bith!
Tá Gary iontach tógtha do mhata! Is tábhachtach, dá réir, go ndéanfaidh tú comhaireamh nóiméad, anáil, coiscéimeanna & a lán eile. An FéinSmacht. Deir sé gurb é an toradh atá uait ná neamhaird a dhéanamh ar do chuid smaointí. Luann sé an “Jesus Prayer” nuair a thosaíonn tú gach seisiún le: “Lord Jesus Christ, have mercy on me, a sinner”. An Paidrín a tharraing a aird fosta. Cé nach gcuirtear mórán béime ar athrá in Eaglais Mhodhach s’agam, tá sé an-éifeachtach. Níor oibrigh na “mantraí” ar fad domsa, áfach. Roghnaigh mé ceann agus bhí tionchar millteanach aige ar mo chorp is m’aigne. Is léir nach bhfóireann gach cleachtadh do gach duine. Fainic thú féin air sin. B’fhearr liomsa an Machnamh Tost. D’oibrigh sé sin.
Tá “Stadanna” faoi chaibidil aige fosta: na cinn thraidisiunta (an tAiséirí), Teagaisc, ach ina dteannta siúd: staidéar ar Nádúr, Siúl, agus Teagmháil le Crainn agus an Ghaoth. Tá mé ag teacht leis sin.
Mar sin de, molaim go mór go mbainfidh sibh triail as an leabhar seo.