4 minute read
Ag Damhsa le hÁthas An Br. Éamonn Mac Lochlainn
An Bráthair Éamonn Mac Lochlainn AG DAMHSA LE hÁTHAS
“Leanaigí leis an obair”. Is dóigh gur aisteach an rud é a insint go raibh baint ag an ráiteas sin leis an gcinneadh a rinne mé roinnt blianta ina dhiaidh sin ar bheith i mo Bhráthair Críostaí. Is fearr dom an scéal a mhíniú. Is amhlaidh go raibh Bráthair dár múineadh ag an am, agus mar is dual do Bhráthair, bhí seisean, agus muidne na daltaí, ag obair go dian. Ach anois is arís, b’fh éidir uair in aghaidh na coicíosa nó mar sin, bhí nós ag Bráthair eile teacht isteach inár rang, an tríú bliain sa mheánscoil, más buan mo chuimhne. Tar éis dár múinteoir na focail thuasluaite a rá linn, thosaíodh an bheirt Bhráthair ag cognarnach lena chéile.
An chéad uair ar tharla sé sin shíl mé gur cúrsaí gnó éigin a bhí á phlé acu, ach nuair a tharla sé go minic, agus go háirithe nuair a thug mé faoi deara go mbíodh an bheirt acu ag déanamh an-chuid gáire, thuig mé nach raibh i gceist ach go raibh fonn sos agus comhrá ar an mbeirt. An bheirt chara seo a raibh a mbeatha coisricthe acu do Dhia, bhí sult agus sásamh á mbaint acu as an mbeatha sin!
Más nós leat breathnú ar scannáin amhail Sister Act nó fi ú The Sound of Music, gan trácht ar scannáin atá frithChaitliceach, gheobhaidh tú le tuiscint nach ceadaithe do na fi r agus na mná óga a bhíonn ag dul le sagartóireacht nó leis an mbeatha rialta aon tsórt spraoi nó spórt a bheith acu. Saol duairc, dobrónach atá ag sagairt, bráithre agus mná rialta, tuigtear dúinn. Tá breall ar na scannáin sin. Mar a deir an tAspal Pól, “is geal le Dia an té a thugann go fáilteach” (2 Cor 9:7). Cé go bhfuil féin-íobairt i gceist agus cé nach aistear neamhbhuartha é an bheatha chrábhaidh, ní hionann sin is a rá go mbeadh sé gruama nó gann ar lúcháir.
An máistir/mháistreás chiallmhar i nóibhíseachlann nó i gcliarscoil, beidh a fh ios aige/aici gur gá ceist a chur faoi ghairm aon duine óg nach féidir leis/ léi lúcháir an tsoiscéil a thaispeáint ina ngnáthshaol ó lá go lá.
I gceann de na híomhánna is fearr liom atá ag na Proinsiasánaigh dá mbunaitheoir feictear Naomh Proinsias ag damhsa agus meangadh gáire ar a bheola. Tar éis an tsaoil nach bhfuil an abairt seo a leanas sa phaidir atá luaite le Proinsias: “Aon áit a bhfuil dobrón go mbeire mé áthas ann”. Ní cheapfá, b’fh éidir, go mbeadh damhsa le fáil i dtithe ábhar sagart nó lucht an tsaoil reiligiúnaigh, ach chaith mé seal ag obair i nóibhíseachlann in Iarthar na hAfraice agus ceann de na
caithimh aimsire ab fhearr leis an fir óga ansin ná bheith ag rince. Ceol Reggae is mó a thaitin leo, agus ag an deireadh seachtaine leanadh an rince cúpla uair a’chloig. Dea-scéala is brí le soiscéal, ar ndóigh, agus má ghlac tú páirt riamh in eagras ar bith a bhí ag iarraidh feabhas a chur ar an saol do dhaoine eile tuigfidh tú go mbíonn an-sásamh le fáil as an obair a bhíonn idir lámha, agus chomh maith leis sin feicfidh tú gur daoine sona soineanta atá san eagras... daoine ar mhaith leat bheith ina gcuideachta.
Déanta na fírinne is dóigh go raibh an iomarca béime ar rialacha, ar aitheanta, agus ar dhlíthe san Eaglais nuair a bhí mé ag éirí suas, go háirithe i dtithe ullmhúcháin, is é sin i nóibhíseachlanna agus i gcliarscoileanna. Dá dheasca sin rinneadh faillí sa daonnacht agus i bhforbairt fónta na ndaoine óga a chuaigh isteach sna tithe sin. Bhí an bheatha rialta ró-rialta! Tá gliondar orm a thabhairt faoi deara go bhfuil an Pápa Proinsias ag déanamh a sheacht ndícheall daonnacht a chur chun cinn san Eaglais, agus nach bhfuil fonn air daoine a dhaoradh – díreach mar a rinne Íosa fadó... “Ní dhaoraimse tú ach oiread”, ar sé leis an mbean a thug na Fairisínigh chuige lena ciontú, ar an ócáid álainn sin nuair a scríobh Íosa lena mhéar sa ghaineamh. Guímis de réir intinní an Phápa don tréimhse seo go raibh máistrí sna háiteanna sin a thugann fianaise do lucháir an tSoiscéil, agus a ullmhaíonn an t-aos óg go ciallmhar le haghaidh a n-aspalachta.
INTINN SHOISCÉALAÍOCHTA AN PHÁPA DO MHÍ AN MHEITHIMH, 2016 ÁBHAIR SAGAIRT AGUS NÓIBHÍSIGH: Ábhair sagairt agus fir agus mná atá ag dul isteach sa bheatha chrábhaidh – go raibh máistrí acu atá ag tabhairt fianaise do lúcháir an tsoiscéil agus a ullmhóidh go ciallmhar iad le haghaidh a n-aspalachta.
Foclóirín: féin-íobairt = duine eile a chur romhat féin; fónta = stuama, maith; a dhaoradh = a fháil ciontach