4 minute read

“Tabhair Meas, Tuill Meas” Aogán Ó Fearghaíl

Aogán Ó Fearghaíl,

Uachtarán, Cumann

Lúthchleas Gael “TABHAIR MEAS, TUILL MEAS”

Tá breis is bliain caite agam mar Uachtarán CLG ach saol fada caite agam mar bhall den eagraíocht ag gach leibhéal, ó mo chumann féin ar aghaidh tríd an Chabhán, Cúige Uladh, agus anois chuig an leibhéal náisiúnta seo i bPáirc an Chrócaigh.

Is léir go bhfuil mé an-bháúil dár gcluichí agus gach rud a dhéanaimid ar son chultúr na tíre seo freisin, ach tá an meas agus an léargas agam, bunaithe ar mo thaithí phearsanta, maidir le tábhacht spóirt go ginearálta agus an tionchar dearfach a bhaineann leis i saol na ndaoine - ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud na cruinne.

Seachas na buntáistí fi siciúla agus an cairdeas a théann lámh ar láimh leis, agus daoine i mbun traenála nó ag imirt, tá gnéithe dearfacha eile a éiríonn as freisin. Tugann cluichí deis do dhaoine ó thíortha agus ó chúlraí éagsúla, teacht le chéile, chun dul in iomaíocht ar pháirceanna imeartha, ach ag an am céanna, ceangal a dhéanamh idir clubanna agus tíortha éagsúla, tríd na cluichí sin.

Tá feachtas ar bun againn i gCumann Lúthchleas Gael ar a dtugtar “Give Respect, Get Respect/Tabhair Meas, Tuill Meas” a théann go croílár ár gcluichí.

Nílimid inár n-aonar ag eagrú feachtais mar seo - is rud coitianta é i ngach spórt ar fud an domhain agus taispeánann sé cé chomh dáiríre is atá na heagraíochtaí go léir, ról a ghlacadh chun tionchar dearfach a imirt ar mheon na ndaoine. Cuireann sé béim áirithe ar thábhacht rannpháirtíochta agus meallann sé tuismitheoirí chun a bpáistí a thabhairt chuig ár gcluichí. Taispeánann sé nach bhfuil gach rud bunaithe ar thorthaí na gcluichí, agus cothaíonn sé meas ar gach éinne a imríonn ár gcluichí nó atá páirteach leo - go háirithe ár n-oifi gigh.

Ar leibhéal domhanda, feicimid tionchar spóirt agus lúthchleasaithe chuile lá. Bíonn réaltaí spóirt ag taisteal na cruinne ag obair le heagraíochtaí cosúil le UNICEF ag spreagadh Chothrom na Féinne. Tuigeann na daoine seo an tionchar atá acu agus atá ag a spórt chun difríocht dhearfach a dhéanamh agus dóchas a thabhairt do dhaoine nach raibh na deiseanna céanna acu agus iad féin, ag fás aníos.

Ní rud nua é seo. Is cuimhin linn go léir an suíomh a bhain le rugbaí agus an Afraic Theas sna seachtóidí agus ar aghaidh. Muna mbíonn na cluichí oscailte do chách, cloisfi dh tú faoi agus is ceart agus

Seachas rud ar bith eile, téann an spórt chuig croílár caidrimh idir dhaoine.

cóir é sin. Nuair a cuireadh deireadh leis an chinedheighilt, níor de thimpist é gur phioc Nelson Mandela ócáid an Chorn Domhanda chun iarracht a dhéanamh, an tír nua a tharraingt le chéile. Féach chomh láidir is a bhí an iomhá den Uachtarán nua i ngeansaí na tíre! Go háirithe nuair a smaoníonn tú nach raibh baint dá laghad aige leis an gcluiche sin go stairiúil.

Ní bhaineann samplaí de thábhacht spóirt le haon chód amháin. Tá cloiste againn ar fad, na scéalta faoin gcluiche sacair a d’imir saighdiúirí ón nGearmáin agus Sasana ar Lá Nollag, i rith an Chéad Chogadh Domhanda. Seachas rud ar bith eile, téann spórt chuig croílár caidrimh idir dhaoine. Is cuma cén teanga a labhraíonn tú; pé áit as a dtagann tú, nó cén cúlra pearsanta atá agat, nuair a chuireann tú dathanna ort chun dul in iomaíocht. Is é an sport an teanga idirnáisiúnta.

Níl orainn dul thar lear i gcóir samplaí mar seo ach an oiread. Tar éis ár dtrioblóidí féin, rinne Cumann Lúthchleas Gael iarracht cuidiú leis an bPróiseas Síochána. Ba rud mór é, na cinntí a deineadh, deireadh a chur le Riail 21, a chuir cosc ar shaighdúirí na Breatainne nó baill den RUC (mar a bhí ag an am) a bheith ina mbaill de CLG agus díreach mar an gcéanna, deireadh le Riail 42, a chuir cosc ar chluichí eile a reáchtáil i bPáirc an Chrócaigh. Línte beaga inár dTreoir Oifi giúil a bhí iontu, ach ráitis mhóra iad, ag am cinniúnach …

Aon rud a thugann tíortha agus ciníocha difriúla le chéile lasmuigh de dhomhan na polaitíochta - caithfi dh gur rud dearfach atá ann. Táim lánchinnte go bhfeicfear an ról lárnach atá ag spórt, ag leanúint ar aghaidh ar feadh na mblianta fada atá amach romhainn.

INTINN UILÍOCH DO MHÍ LÚNASA, 2016 CLUICHÍ: Go raibh lúthchleasa agus cluichí ina ndeiseanna le haghaidh teagmhálacha cairdiúla idir na náisiúin, agus go gcuire siad le síocháin an domhain.

Foclóirín: an-bháúil = taobhach leo; léargas = eolas nó radharc soiléir; tionchar = cumas do lorg a fh ágáil ar rud nó ar dhuine; feachtas = tionscnamh nó beartas; meallann = spreagann; lúthchleasaithe = daoine a bhíonn ag rith, léimt, aclaíocht srl.; cinedheighilt = ag coinneáil daoine le dath difriúil craicinn, scartha óna chéile; íomhá = samhail de rud

This article is from: