3 minute read

Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha Dónall Ó Cnáimhsí

Dónall Ó Cnáimhsí PÁIRC NÁISIÚNTA GHLEANN BHEATHA

Tá Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha suite i gcroílár shléibhte Dhoire Bheatha, i gContae Dhún na nGall. Tá sí ar cheann de na sé pháirc náisiúnta atá aitheanta in Éirinn faoi láthair. Is í an tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a ghníonn na páirceanna a bhainistiú mar limistéir chaomhnaithe agus mar ionaid choitianta turasóireachta.

Tháinig cor sa chinniúint sa bhliain 1857, cor a scrios an suaimhneas agus a sheol an gleann seo ar shlí eile ar fad. Sa bhliain sin tháinig strainséir go dtí an ceantar, strainséir saibhir darbh ainm John George Adair as Baile an Bhriotaigh, Contae na Banríona, tháinig sé aneas ag lorg gabháltas le heastát sealgaireachta a bhunú. In achar gearr ama bhí sé uilig ina sheilbh.

Thóg Adair teach breá feirme sa ghleann in aice Eas Teilín agus chuaigh James Murray, stíobhard eastáit as Albain agus a bhean a chónaí ann. Chuir sé tréad mór de chaoirigh bhrocacha ar na sléibhte agus aoirí ón taobh amuigh le súil a choinneáil orthu. Chruthaigh seo cuid mhór achrainn leis na tionóntaí áitiúla.

Thóg sé stáisiún péas ar bhruach Abhainn an Choradh le panc, chun ainmhithe fánacha a ghabháil agus fíneáil a ghearradh ar na húinéirí. Tháinig cor eile sa scéal i 1860 nuair a rinneadh James Murray a fh eallmharú os cionn Ghleann Leice. Cé nach raibh na péas in ann cúis a chur in aghaidh aon duine faoi leith, chuir Adair féin an locht ar na tionóntaí a bhí ina gcónaí ar an taobh eile den tsliabh i nDoire Bheatha. Shocraigh sé feidhm a bhaint as seandlí ársa ó ré na Normannach, dlí a mhaígh go dtiocfadh an pobal ar fad a dhaoradh mura dtiocfadh aon duine faoi leith a ainmniú sa chúis.

Ar maidin an 11ú Aibreán 1861, dhúisigh muintir Dhoire Bheatha agus fothram scanrúil ag teacht aníos Gleann Domhain ina dtreo. Amach as ceo na maidine tháinig buíon de 200 saighdiúirí agus péas ag tionlacan baicle d’fh ir as Tír Eoghain agus cró-iarainn á n-iompar acu. Caithfi dh gur bhain an scréachach agus an screadach macalla as na cnoic máguaird, mar nár stad an drong mhallaithe seo den scrios agus den díothú ar feadh trí lá go raibh dhá scór teach leagtha agus 250 duine caite amach ar thaobh an bhealaigh agus gur fágadh iomlán dearóil iad. Ní raibh an dara rogha ag an mhórchuid acu ach aghaidh a thabhairt ar

Ar maidin an 11ú Aibreán 1861, dhúisigh muintir Dhoire Bheatha agus fothram scanrúil ag teacht aníos Gleann Domhain ina dtreo. Amach as ceo na maidine tháinig buíon de 200 saighdiúirí agus péas

theach na mbocht i Leitir Ceanainn.

Chuir an eachtra scannalach seo ainm John George Adair i measc na ndiabhal uilig in ifreann do lucht na háite, ach níor chuir sí aon stad ar a chuid pleananna eastát príobháideach a bhunú. Thóg sé caisleán i lár an ghleanna idir na blianta 1867 agus 1872. Phlandáil sé crainn phéine agus thóg sé sconsa sé troithe ar airde agus 23 mhíle ar fad timpeall an eastáit ar fad agus thug sé isteach an fia rua as Albain.

Cibé lochtanna a bhí ar Adair, ní raibh aon easpa muiníne ná easpa mianta air, mar go dtug sé a aghaidh ar Mheirceá ansin agus bhunaigh comhlacht bróicéireachta in Colorado. Bhunaigh sé ansin ceann de na rainsí ba mhó in Texas ag an am.

Bhuail sé le Cornelia Wadsworth Ritchie, baintreach shaibhir as Nua Eabhrac, le linn na tréimhse seo, agus pósadh iad. Fuair John Adair bás go tobann in St. Louis san bhliain 1885 ag aois 62, agus rinneadh é a adhlacadh in aice a bhaile dúchais i mBaile an Bhriotaigh, Contae Laoise inniu. Chaith a bhean Cornelia cuid mhór ama i nGleann Bheatha ina dhiaidh seo mar gur dódh an teach mór i gContae Laoise. Bhí meas agus cion ag muintir an cheantair uirthise agus i 1911 thóg sí leacht cuimhneacháin ag Leac na Cumha dóibh sin a díshealbhaíodh leathchéad bliain roimhe sin.

Foclóirín: a ghníonn = a dhéanann; sruthaireacht = fánaíocht; eadarbhuasú = gluaiseacht san aer gan na heiteoga a bhogadh; sceitheadh = uibheacha a bhreith agus a thoirchiú; cor sa chinniúint = athrú mór nach rabhthas ag súil leis; caoirigh bhrocacha = caoirigh a bhfuil aghaidh dhubh orthu; panc = clais, trínse; beartas aindréimeach = plean atá thar fóir

This article is from: