An Timire - Samhradh 2016

Page 42

42

Dónall Ó Cnáimhsí

PÁIRC NÁISIÚNTA GHLEANN BHEATHA Tá Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha suite i gcroílár shléibhte Dhoire Bheatha, i gContae Dhún na nGall. Tá sí ar cheann de na sé pháirc náisiúnta atá aitheanta in Éirinn faoi láthair. Is í an tSeirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a ghníonn na páirceanna a bhainistiú mar limistéir chaomhnaithe agus mar ionaid choitianta turasóireachta. Tháinig cor sa chinniúint sa bhliain 1857, cor a scrios an suaimhneas agus a sheol an gleann seo ar shlí eile ar fad. Sa bhliain sin tháinig strainséir go dtí an ceantar, strainséir saibhir darbh ainm John George Adair as Baile an Bhriotaigh, Contae na Banríona, tháinig sé aneas ag lorg gabháltas le heastát sealgaireachta a bhunú. In achar gearr ama bhí sé uilig ina sheilbh. Thóg Adair teach breá feirme sa ghleann in aice Eas Teilín agus chuaigh James Murray, stíobhard eastáit as Albain agus a bhean a chónaí ann. Chuir sé tréad mór de chaoirigh bhrocacha ar na sléibhte agus aoirí ón taobh amuigh le súil a choinneáil orthu. Chruthaigh seo cuid mhór achrainn leis na tionóntaí áitiúla. Thóg sé stáisiún péas ar bhruach Abhainn an Choradh le panc, chun

Timire SUMMER 20162.indd 42

ainmhithe fánacha a ghabháil agus fíneáil a ghearradh ar na húinéirí. Tháinig cor eile sa scéal i 1860 nuair a rinneadh James Murray a fheallmharú os cionn Ghleann Leice. Cé nach raibh na péas in ann cúis a chur in aghaidh aon duine faoi leith, chuir Adair féin an locht ar na tionóntaí a bhí ina gcónaí ar an taobh eile den tsliabh i nDoire Bheatha. Shocraigh sé feidhm a bhaint as seandlí ársa ó ré na Normannach, dlí a mhaígh go dtiocfadh an pobal ar fad a dhaoradh mura dtiocfadh aon duine faoi leith a ainmniú sa chúis. Ar maidin an 11ú Aibreán 1861, dhúisigh muintir Dhoire Bheatha agus fothram scanrúil ag teacht aníos Gleann Domhain ina dtreo. Amach as ceo na maidine tháinig buíon de 200 saighdiúirí agus péas ag tionlacan baicle d’fhir as Tír Eoghain agus cró-iarainn á n-iompar acu. Caithfidh gur bhain an scréachach agus an screadach macalla as na cnoic máguaird, mar nár stad an drong mhallaithe seo den scrios agus den díothú ar feadh trí lá go raibh dhá scór teach leagtha agus 250 duine caite amach ar thaobh an bhealaigh agus gur fágadh iomlán dearóil iad. Ní raibh an dara rogha ag an mhórchuid acu ach aghaidh a thabhairt ar

04/05/2016 12:01


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.