2 minute read

An Croí Ró-naofa Tony Mac Cárthaigh

Tony Mac Cárthaigh AN CROÍ RÓ-NAOFA

Léigh mé le déanaí an píosa beag thíos mar gheall ar Íosa agus an bhaint idir é fein agus a Athair agus muidne. “We need to see the glory of God in the face of Jesus and be assured that the God who created us loves us exorbitantly, that Jesus – the image of God – went to his death in order that the most oppressed, the most marginal, the most despised of us might live. Jesus did not live in order to die; rather, he died in order to live – in order that all of us might see a new way to live. His suff ering was in order to open our eyes to the way of the cross, the way in which we all must live so that creation may fl ourish. The death of Jesus says to us that living in solidarity with others, even when it involves sacrifi ce and suff ering, is the only way of life.” (A New Climate for Theology – Sallie McFague, P. 39)

Cuireann an píosa sin síos go beacht ar mhisean, fís, meon agus aisling Íosa. Cuireann sé béim go spesialta ar an bpaisean, grá agus trua a thiomáin é agus a bhí taobh thiar dá chúis mhór – Ríocht Dé. ...Mar a dúirt sé ag tús a shaoil phoiblí – ‘tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in acmhaireacht. Deanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal…’.

Nuair a dhéanaim machnamh ar an dtideal ‘Croí Ró-naofa’ smaoiním ar an ngrá agus trua sin agus ar a aidhm chun saol níos cóire agus cirte, beatha níos daonnúla agus níos cuimsithí, agus domhan ina mbeadh tús áite tugtha don bhfás, bláthú agus aiséirí a chraobhscaoileadh – ceann a bheadh in oiriúint le Ríocht Dé agus toil a Athar.

Is dushlán mór é bheith in do leanntóir Chríost. Chum mé an phaidir thíos tamall ó shin, bunaithe ar an bhfís atá agamsa, mar Chríostaí. Ceapaim go bhuil sé oiriúnach mo phaidir a roinnt leat agus muidne ag machnamh, an tráth seo, ar an gCroí Rónaofa.

“Ag díriú ar scéal, láithreacht an spioraid Íosa, tá sé de rún agam ‘an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair (mo) Dhé. (Mioca 6:8)

‘Sí m’intinn mo dhícheall a dhéanamh leanúint orm agus a bheith buanseasmhach i slí dhea-chroíoch, i gcaidrimh chearta, le daoine, mo chlann, ghaolta, chomhghuallaithe, chairde, phobal agus an chruinne.

‘Sí m’intinn a bheith treoraithe le creideamh san ‘oneness’ riachtannas na cruinne agus atá freastalaithe ag an éagsúlacht agus idirspleachas na réaltachta.

Go raibh mé cothaithe tríd chuimhne Íosa atá ag an am céanna naofa agus treascrach agus dá bharr san ag teacht chun bheith ionam an t-athrú sin atá á lorg agam.

A Íosa, a Chroí Ró-naofa, tacaigh liom glacadh le bronntanas mór do Spioraid i dtreo do bheinn go hiomlán beo agus feasach.”

This article is from: