4 minute read

Oideas: Císte Líomóide Ceobhránach Síle Ní Chearbhaill

47

CÍSTE LÍOMÓIDE CEOBHRÁNACH*

Le Síle Ní Chearbhaill

Is minic a bhuailim le cairde le haghaidh cupán tae agus is minic mar sin a bhíonn cinneadh deacair le déanamh agam idir císte líomóide agus císte seacláide! Taitníonn císte seacláide go mór liom ach uaireanta bíonn sé an-trom agus an-mhilis, ach go háirithe don am seo den bhliain. Tá traidisiún nua tosaithe ag mo chairde le sé mhí anuas - club císte. Buailimid le chéile uair sa mhí, ólaimid tae, ithimid císte agus déanaimid go leor cainte ar ndóigh. Bhuaileamar le chéile i mo theach an mhí seo caite agus rinne mé an císte seo agus thaitin sé go mór leis na cailíní. Tá sé éasca le déanamh agus níos tábhachtaí fós an-éasca le riaradh ach go háirithe nuair atá grúpa cuairteoirí agat.

COMHÁBHAIR:

225g im 225g siúcra mionaithe 275g plúr féinardaithe 1 ½ tsp púdar bácála 4 ubh Sú líomóid amháin Craiceann 2 líomóid Beagán bainne (más gá)

REOÁN:

300g siúcra reoáin Sú 2 líomóid Craiceann líomóid amháin Breis uisce fi uchta más gá

MODH:

1. Líneáil stán bácála 12 x 9 orlach le pár bácála. 2. Réamhthéigh an t-oigheann go 160c/ gasmharc 3. 3. Uachtaraigh an siúcra agus an t-im le chéile i mbabhla go dtí go mbíonn an meascán éadrom agus clúmhach. 4. Cuir ubh leis, beagán ag an am, agus buail go maith. 5. Measc isteach an plúr go dtí go mbíonn sé measctha go maith. Ná bí buartha

faoi aer a bhualadh isteach sa chíste seo toisc go bhfuil plúr féinardaithe agus púdar bácala ann. Beidh sé éadrom ar aon nós. 6. Cuir leis an sú agus craiceann líomóide. Ba cheart go dtitfeadh sé den spúnóg go héasca ach má tá sé ró-thirim cuir beagán bainne leis. 7. Doirt isteach sa stán ullmhaithe agus bácáil ar feadh 35 nóiméad é go dtí go mbíonn sé ag teacht ó imeall an stáin. 8. Fuaraigh sa stán é ar feadh 10 nóiméad agus ansin iompaigh amach ar thráidire sreinge é. 9. Reoán: Criathraigh an siúcra reoáin agus cuir leis an sú líomóide agus craiceann líomóide de réir a chéile. Ba cheart go mbeadh an reoán tiubh go leor chun greamú ar chúl spúnóige ach leachtach go leor le scaipeadh. Ní gá an sú ar fad a úsáid. Más gá, cuir uisce fi uchta leis. 10. Déan an reoán a leathadh ar bharr an chíste fh uaraithe. Lig dó téachtadh.

Ansin gearr an císte i gcearnóga beaga.

*ceobhrán = drizzle

Meitheamh

Dlúthpháirtíocht Dhaonna Go bhfaighe daoine atá aosta, iad siúd atá ar an imeall agus iad siúd nach bhfuil éinne acu – fi ú i gcathracha móra an domhain – go bhfaighe siad deiseanna teagmhála agus dlúthpháirtíochta.

Iúil

Ciníocha Dúchasacha Na ciníocha dúchasacha a bhfuil bagairt ar a bhféiniúlacht agus ar a gceart chun a bheith ann, go fi ú, go dtugtar dóibh ómós cuí.

Lúnasa

Cluichí Go raibh lúthchleasa agus cluichí ina ndeiseanna le haghaidh teagmhálacha cairdiúla idir na náisiúin agus go gcuire siad le síocháin an domhain.

Meán Fómhair

Lárnacht an Duine Daonna Go gcuire gach aon duine le leas an phobail agus le tógáil sochaí a thugann áit lárnach ann don duine daonna.

Timire an Chroí Ró-naofa

This article is from: