3 minute read

Cúinne na bhFilí Réabhlóidí ag Saothrú an Bháis An Taistealaí An Mháthair An tAth Seán Mac Cumhaill

Réabhlóidí Ag Saothrú An Bháis

(‘The Dying Rebel’)

Aistrithe ag Seán Mac Cumhaill

1. Shíothlaigh an gleo le coim na hoíche, Ar shráid Uí Chonaill, bhí loinnir Ré, Im sheasamh san áit ar bhásaigh laochra, Atá anois i láthair Dé.

2. Lámhachadh mo mhac i mBaile ‘Cliath, Ag troid ar son ár dtíre féin, Ar son na hÉireann amháin a throid sé, An Chláirseach, Seamróg, Glas, Bán, isÓir.

DÁNTA

3. Le seanfh ear liath, ar dtús a labhair mé, Is é ar lorg a aon-mhic féin, “Ná bí ag lorg do mhic san áit seo, Nó tá sé anocht i bPárthas Dé”.

4. Do chaoin an t-athair is é croíbhriste, Is d’éist mé leis ag rá faoi choim, “Róchineálta a bhí mo mhuirnín, Is maith a thuigeas nach ngéillfeadh sé”.

5. Le réabhlóidí, sa deireadh a chas mé, I nglór an bháis, do labhair sé liom, “Céad slán go deo, le cathair Chorcaí, Is le Cath na Saoirse, cuirim beannacht Dé”.

An Taistealaí

(‘The Wayfarer’ le Pádraig Mac Piarais)

Aistrithe ag Seán Mac Cumhaill

Abhar buartha domh áilleacht na cruinne, Ailleacht nach buan, faraor! Preabann mo chroí le lúcháir, Tráth a fh eicim iora rua ag dreapadh crainn, Nó, bóín Dé ag drithliú ar phlanda, Nó, coiníní beaga i gcuimhreann, ag súgradh, ag dul faoi na gréine: Nó, scáth na néalta ag sleamhnú thar chnochán glas, Feirmeoir cnoic ag cur síl, nó i gcion speile, In uaigneas sléibhe, gar do gheata na bhfl aitheas, Nó, páistí cosnochta ina rith cois trá, Is ag súgradh ar na sráideanna, I mbailte beaga i gConnachta, Samhlaoidí lán croí is aigne. Ach cuireadh cogar i mo chluais, Rachaidh siúd uilig i léig, Ní mhaireann tada ach seal, Ag athrú, ag imeacht, is ag dul in éag, Samhlaoidí beoganta, ríméadacha, Is thug mise m’aghaidh ar an ród seo romham, Le brón is dólás croí.

An Mháthair

(‘The Mother’ le Pádraig Mac Piarais)

Aistrithe ag Seán Mac Cumhaill

A Thiarna Íosa, ní le doicheall a scaraim leo, Mo bheirt mhac chróga a d’éirigh amach, Iad féin agus baicle beag eile laochra, Lena neart a chaitheamh, A gcuid fola a dhoirteadh, Agus bás a fh áil, chun aisling a fh íorú. Mairfi dh a gclú is a gcáil, I ndilchuimhne na ndaoine, Ar feadh na nglúnta, Le bród agus ómós croí. Agus cé go gcrothnaím uaim iad in uaigneas na hoíche, Is i ndubhlaíocht an Gheimhridh, Samhlaím fós, le cuimhne ghlé ghlinn, Mo bheirt ghasúr ina suí ag mo thaobh cois teallaigh –Teallach atá anois, tréigthe faraor!

A Thiarna Íosa, nach truamhéalach, truacánta cás máthartha, A bhíos ag fulaingt le breith agus bás a clainne, Agus cé nach leasc liom ligean dóibh, Tá mé traochta, lagbhríoch, den bhrón gan staonadh; Ach, mar sin féin, is ábhar sóláis agus bróid domh á gcrógacht, Gur ghlac siad leis an dúshlán, Gur sheasaigh siad an fód, Is gur throid said an cath, Ar son saoirse na hÉireann.

Tomhas an Timire: 184

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11

Leid: Cén tír ina rugadh an Pápa Proinsias? Tá liosta focal thíos. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fh áil. AINGEAL NAOMH AINM IONTRÁIL RÓS GARRAÍ IODÁLACH NOD TEACH ÍOBAIRT NOLLAIG

DUAIS: Dearbhán €20 nó 4 leabhar a roghnú as catalóg FS ar timire.ie (ach nóta a chur chugainn le d’iontráil) Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, Foclóirín: xxx = xxx; mar aon le d’ainm agus seoladh, chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 15 Iúil 2016 Tomhas 183: Freagra: NAOMH BRÍDE Buaiteoir: Orla Ní Chonghaile, Baile an Teampaill, Inis Meáin, Co. na Gaillimhe

This article is from: